(17)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 5.
SAṀAIN,
1895.
BÍOḊ CUIṀNE AG ÉIRE AR NA LAEṪIḂ DO ḂÍ
Fonn. — An Sionnaċ Ruaḋ.
Biḋeaḋ cuiṁne ag Éire ar na laeṫ'ḃ do ḃí
Sul do ḃraiṫ a clann féin í le feall-ḃeart,
Nuair ḃí íoḋ de 'n ór-ḃuiḋe ar ḃráiġid Ṁaoilṡeaċlain an
[riġ,
Do ḃuaiḋ ó 'n náṁ, ḃí uailleaċ as all-neart:
'Nuair sgaoil a riġṫe brat glas na Craob-ruaḋ'
Taḃairt a laoċra ċum caṫa go claonṁar,
Sul do facas seóide Éireann ag dealraḋ go nuaḋ
A g-cróin-ḟleasg an t-Sasanaiġ ḟuaṫṁair.
Trá ḃiḋeas ar loċ Néaċaiḋ an t-iasga e ag siúḃal
Le linn soluis lae ḃeiṫ ag faonaḋ,
Ciḋeann sean ċloigṫiġ ṡíos, nuair ḃíḋeas go h-úṁal
Ar ḃruaċ na linne ag claonaḋ:
Mar siúd tré aisling ḃímuid ag fáġail
Lag-leus ar na laeṫaiḃ tá a g-cianta,
'S go brónaċ ag dearcaḋ ar a n-glóir faoi sgáil,
Tá báiṫte faoi ṫrom-ṫona bliaḋanta.
— Árdeasbog Mac Éil
