AN GAOḊAL
57
AḂRÁN AN RIDIRE,
(Aḃrán Gearmánaċ).
Leis an nGaḃardonn.
A ṫúis an lae! a ṫúis an lae!
An ċum báis a dúisgṫear mé?
Goirfiḋ 'n stoc go luaṫ ċum caṫa,
Caillfiḋ mé 's an ngliaṫ mo ḃeaṫa,
Mé a's iomad camaráḋ.
Níor ṁeasas féin, níor ṁeasas féin
Go gcríoċnóċaiḋe an sóġ 's an seun!
'Ndé ar ċapall breáġ im' ṡuiḋe-se;
'Ndiú buan-ġointe tréas mo ċroiḋe-se;
'Máraċ ins an uaiġ am luiḋe!
Oċ! naċ lúṫ, oċ! naċ luṫ
Ċríonas deise agus cruṫ
Ḃ-fuil tú uaiḃreaċ as do sg aṁaċt
Innte caor a's sneaċt 'n a ríġeaċt
Oċ! na rósaiḋe feoṫann siad.
Aċt go réiḋ, aċt go réiḋ
Géillfiḋ mé do ṫoil mo Ḋé;
Troidfiḋ mé anois ċóṁ treunṁar
Smá's i ndán dam bás faoi leun mór
Eugfaiḋ mé i m' laoċ fior-ġroíḋe.
Caṫair Ċansas, Sráid Ṁiosuraiġ,
29aḋ de 'n dara mí d' Ḟóġṁar '95.
Do M. J. Ua Lóċáin, F E. 'n Ġaoḋail.
A Ṡaoi ionṁuin. — Fuaireas na Gao¬
ḋail a ċuiris ċugam an t-seaċtṁain
seo 'g imṫig ṫarainn. Buiḋeaċas duit.
Atá scoil Gaoḋailge d'a cuir air bun
againn ann so, & taḃarfad dos na
scoláiriḋe iad.
Buḋ ṁaiṫ liom cúntas geárr a ṫaḃ¬
airt duit air an fáilte ḃaile fuair ar
n-Easbog onóraiġ. J J. Ua h-Ógáin, D
D., air a ṫeaċt a ḃaile ó Éirinn. Ḃí
sé air g-cuaird anns an oileán sár
ḃreáġ úd bréis & bliaḋain ag lorgaḋ a
ṡláinte. Is fuair sé í, mar ḟeiceann sé
mórán níos óige anois ná d'ḟeuċ sé
air a imṫeaċt.
Tráṫnóna 'n lae a ṫainic sé aḃaile,
ḃí timċioll ceiṫre ṁíle duine cruinniġ¬
ṫe aige tiġ ṁóir na m-boiṫre iarrainn
a feiṫeaṁ le ṡé ḟeicsint agus fáilte
ṫaḃairt ḋó. Atá seaċt b-paráisde
deug, beag is mór, Caitilice anns an
g-caṫair seo, & air ṫuitim na h-oiḋċe
an lae úd do cruinneadar le ċéile
timċioll trí ṁíle fear díoḃ, & trill¬
seán air lasa ann láiṁ gaċ duine acu,
ag ceann de na sráidiḃ puibliġe, i n-
gar de ṁíle de 'n depóṫ & d'ḟanadar
in sin no go d-tainic an t-Easbog, & a
ċuideaċta in a láṫair; is stad sé ċum
aṁarc orra an ḟad is do ḃíḋeaḋar a
siúḃal tairis in a ċoṁair fa leiṫ, &
ġluaiseadar roiṁis ar na srádannaiḃ
puiḃliġ i ngar ḋá ṁíle mór ṫimċioll no
go d-tangadar go dtí cill ṁór an Eas¬
buig. Agus nuair d'ḟosgail siad dor¬
us na cille móire sin buḋ ġeárr go raḃ
sí lán de ḋaoiniḃ, ċum éisteaċt le ḋil¬
eagra fáilteaċ a ṫug an sagart por¬
ráisde in a n-ainm do 'n Easbog, & an
freagra ṫug sé orra is a ḃeannaċt
dóiḃ uile.
An lá na ḋiaiġ sin ṫug sagairt na
fairċe (timċioll cúig ḋuine deug agus
fiċe ḋíoḃ) feusda do 'n Easbog ag
ceann de ṫiġṫe ósda na caṫraċ so, &
dileagraiġ fáilteaċa le sláintiḃ agus
le fáiltiġiḃ go leor
Atá cumann úr in so a cuireag ar
bun i d-tosaċ na bliaḋana so, air na
ngáirid "Ingeanna na h-Éireann," no,
roinn aon de congnaṁóiriḋe "Ord
Ársa na h-Éireann," & ṫugadar coisir
ṁór do 'n Easbog an dara lá deug
de 'n ṁios so, in onóir air ṫeaċt lae
nasa a ċoisreaċan ar a ṫoġa mar
easbog, seaċt m-ḃlaḋna fiċead o ṡoin.
An fear eolgasaċ a ṫoġadar ċum a n-
dileagra léiġeaṁ do 'n Easbog d' iar
sé orm dileagra Gaoḋailge sgrioḃ ḋó.
Ṡaoileas an tráiṫ ċeadna go raḃ gaċ
uile ċumann Caitiliceaċ anns an m-
baile mór so le fáilte taḃairt ḋó, aċ
ní h-aṁlaḋ ḃiḋeaḋ, & o ḃí an fáilte a
ḃaile seo scríḃte agam do 'n ċumann
Gaoḋlaċ ṫugas ḋó é, taréis aṫruġaḋ
beag a ḋeunaḋ air.
Séamus C. Ua Caoile, an fear óg a
tá ag cur scoil Ġaoḋailge air bun an
so. Do scríoḃ sé é ar ṁeambrum ṁín
an dileagra Gaoḋailge, & an Béarla
leis, is cuireag i leaḃar beag iad do 'n
Easbog.
