58
AN GAOḊAL.
FÁILTE ḂÁILE.
Do 'n d-Tiġearna Easboig Óirḋeirc, Óirḃideanaċ, agus
ro Ónóraiġ 'nDia,
J. J. Ua h-OGAIN. D. D.
Easbog Deoiseas Ċaṫair Ċannsas, air a Ṫeaċt aḃaile
ó Éirinn, agus i g-Cuiṁne Lá Nasa a Ċoisreacan mar
Easbog, Seaċt mBliaḋanna ⁊ Fiċe ó ṡoin ó 'n Trio¬
maḋ lá deug de 'n ṁí seo.
FÁILTE —
A Ṫiġearna Easboig, De do ḃeaṫa ḃaile,
Go dti ṗobul ġráḋṁar féin;
Tá átas orrainn cuir fáilte róṁat,
Ag teaċt faoi ṡláinte 's seun
Giḋ tá na Sagairt a ṡeolan sinn
Air ṡliġe ar m-beaṫa báḋṁar,
Is fearr go fada, 's go mór linn ṫú,
A Ṫiġearna Easboig ġráḋṁar.
Is maiṫ linn a Ṫiġearna mar go ḃfuairis
Cead cuairte air ḋuṫċaiġ do ṁáṫar
Ċum maċtnaṁ 's smuaineaḋ air ḃeaṫa na naoṁ
'San áit úd a ḃeannuiġ naoṁ Pádraic;
A dúiseaċt smuaintiḋe úr in do ċroiḋe,
Air ḟeicsint gaċ cill, 's roillig ársa,
Mar a ḃ'fuil mílte ded' ṡinsear 'na luiġe,
An raḋarc Dé, ċaiṫ beaṫa macánta.
Buḋ ṁaiṫ linn má sé do ṫoil é, a Tiġearna,
Fios cúntas na ndaoineaḋ do ḟáḋailt:
Ḃ-fuil puinn de Ċlann Míleaḋ na h-Éireann
A ṫigeann an Ġaoḋailge do laḃairt;
Cloisimíd naċ ḃ-fuil aċ an fíor ḃeagán díoḃ
A ṫuigeas ár d-teanga níos mó
'Sgo ḃ-fuil gníoṁarṫa na naoṁ 'gimṫeaċt as g-cuiṁne
'S gur daille i ḃ-fad iad 'san m-Béarla nuaḋ.
Seo ceist buḋ maiṫ linn d' iarraḋ ort,
Má sé do ṫoil éisdeaċt go fóil,
Ḃ-fuil siad i céasa na n-daoineaḋ 's d'a ndíbirt
Ó 'n talaṁ, mar ḃíḋeadar fad ó,
No, ḃ-fuil a g-croiḋe 'gus misneas ċo claoiḋte
Le imreas 's aiġneas gaċ tráṫ,
Naċ féidir iad d' aontuġaḋ le ċéile ċoiḋċe-
Aig éileaṁ a saoirse go ḃráṫ.
A Ṫiġearna óirḃideanaċ, 's Easbuig a rúin,
Tá ar ngráḋ ḋuit, go deiṁin, an ṁór,
Is measaim naċ féidir ar ḃ-fáilte do ṡáruġaḋ.
Giḋ go ḃ-fáġair fáiltiḋe teangṫa go leor;
Mar a tá tuata agus cléireaċ a formad le ċéile,
Ce acu ṫiúḃarfaḋ ḋuit an ḟáilte is mó,
Sé ar ḃ-fáilte-ne fáilte ingeanna na h-Éireann, —
Ceud míle fáilte ḋuit go deo.
Padraic Mac Ineiriġ.
