AN GAOḊAL.
61
NA TROÍĠINE DRAOIḊEAĊTA
Sgeul Óirṫear.
le M. Ua C.
[Leanta]
cad é is éigin do ḃeiṫ 'nuair tá na ar¬
cáin amuiġ?" agus ḋeiṫfriġ sé suas
na staiġiriḋe ċum a ṡeomra. Aċ cad
é an raḋarc ḃí casta air a ḋluṫ-ḟéaċ¬
aint! Loċ de rós-uisge 'na soiġṫíoċa
deasa go h-iomlán brisde, an clár air
ar ċuir sé iad go cúramaċ teilgṫe do
'n urlár, & a ḃ-fogus leis ḃí a ṫroiġíne
uisge-ḃogaiġṫe. "Is duine caillte, léir-
sgriste, boċd, anḃfan mé, níos boiċte
ioná duine ar biṫ a m-Bagdad. Na
troiġíne malluiġṫe!"
Is mar sin do ġáir amaċ Abu Cas¬
im iona eadóṫċas, mar do reub sé a
ġruaig, & a ḟéasóg a ḃí go h-iomlán
neaṁ-cíontaċ ins an niḋ.
Gur fear boċd é, go deiṁin ní raiḃ
fíor, aċd riġne a ṫruaillíġeaċd é, le
féaċain air a ṁíoḟortún a ḃeiṫ deiċ
uaire nios measa ioná do ḃí sé. Mar
do ḃí Abu Casim ag uailleaḋ, & ag ra¬
ṁailleaḋ mar so i n-éadóṫċus, ċruinn¬
uiġ na coṁursana 'na ṫimċioll, air ea¬
gal gur ċas tubaiste eigin air; aċd
'nuair ḋearc siad ar ṫarla, an áit é
ṫruaiṁéilleaḋ, ṫaisbeánadar aċd luaṫ¬
ġáir ṁailíseaċ. Buḋ iomarcaḋ é so d'
Abu Casim, — gur b' éigin dó ní é aṁ¬
áin do ċur suas le n-a ċailleaṁnaiḃ,
aċd a ḃeiṫ curṫa faoi sgige; Buḋ do-
ḟulling é. D'iompuiġ a ċuṫaċ uile an-
aḋaiġ na d-troiġíneaḋ míoḋaġaṁara,
ġur ċinn sé le iad a ḋóiṫeaḋ suas, io¬
nos naċ ḃ-feudfadís urċóid a ḋeunaḋ
ḋó nios sia. 'Nuair ṫeilg Abu Casim
na troġíne 'san teine ḃí siad ċo uisge-
ḃogaiġṫe sin, gur fuair sé amaċ go n-
glacfaḋ iomarcaḋ áḋmuid le iad a
ḋóiṫeaḋ, air an áḋḃar sin ṫeilg sé iad
amaċ air ṁullaċ an tiġe le tirimeaḋ.
Tá na féiġiḋ coiṁ-íseal 'san tír sin
Anuair sin ḋeiṫfriġ Casim amaċ le
ḟéiċeál air a ġno, & é féin do ċúiteaḋ
air son a ċailleaṁan re táirḃiḃ nuaḋa.
Tá sean-ráḋ ann, gur cosaṁuil an
madaḋ le n-a ṁaiġistir. Ḃí madaḋ
ag Abu Casim, — Béiṫeaċ fuaṫṁar.
Ba ṁeud meaḋon é an madaḋ, duḃ, re
ballaiḃ bána-salaċa air, smuit ḟada
gruagach air, ċo tána go m-b'ḟéidir
leat a asnaḋa ċoṁaireaṁ; ann aon
ḟocal, buḋ coileán gránna é. Ḃí 'n
madaḋ na luiḋt air ċearn an féiġe,
'nuair a ṫeilg Abu Casim a ṫroiġíne a¬
maċ. Riṫ sé ċuca i súil le niḋ eigin maiṫ
ḟaġail re íṫe, óir air nós ḃí sé ocraċ
do ṡíor; aċd 'nuair ċuir sé a ḟiacla
orṫa, fuair sé amaċ gur raḃ siad ro
ríġin. An uair sin ġlaċ an béiṫeaċ
mian le imirt. Luiḋe sé síos air
ċeann de na troiṫíniḃ, & ṫosuiġ sé d'a
ṫarraing, & d'a ṫeilgin timċioll. Ur-
ċurfaḋ sé 'san aer í, & tafanóċaḋ sé
air a titim air na slíntiḃ le foṫrum.
Riġne sé an torain gur ṫáinic na coṁ¬
ursana amaċ leis an cleas d'ḟéaċaint,
noċ aitiosadar go cróiḋeaṁuil. Ṫais¬
beán so misneaċ do ṫaḃairt do 'n ṁa¬
daḋ, noċ do ṫarraing, & do ṫeilg an
troiġín níos fiadaine ioná riġne sé a¬
riaṁ, gur urċar sé fá ḋeire í ṫar an
fala, in imioll an féiġe.
Go míoḋaġḃar ṫarla fear maol a
ḃeiṫ siuḃal taoiḃ balla an tiġe i móim¬
méint so — fear darab ceann ċo mín
& soillseaċ le liaṫróid eabuir — & ṫuit
an troiġín fealltóraċ air.
Buḋ áġṁar é nár ḃuail sál na troiġ¬
íne an fuar boċd, aċd aṁáin an bunn,
ann a raiḃ na tairnge níos luġa, aċd
ġlac sé cúig no sé créaċda, as ar
ṫráiġ an ḟuil go líonṁar. 'Nuair ċas
Abu Casim a ḃaile 'san traṫnóna, ḃí
na constabail ag fuireaċ air, & ġram¬
uiġeadar leis an ċoileir é, le na ṫarr¬
aing go príosún. Taḃaraḋ clos geárr
dó, ann a raḃ éigean dó d'adḃáil, gur
leis féin ḃí an troiġín míoḋaṁar, & an
mada ciontaċ mar an g-céadna. Riġne
Abu Casim gaċ niḋ le congḃáil amaċ
ó ṗríosún. Anuair sin riġne ann fear
créaċta forail dó, má ḋíolfáḋ Abu
Casim dó an ḟelios de ṁíle "piaster"
ar son gaċ créaċt de na sé ċréaċdaiḃ
