62
AN GAOḊAL
go d-taḃarfaḋ sé suas ann éilioṁ.
Ṫaisbeán an ḟoráil so iomurcaḋ ḋ'
Abu Casim & do ḋiultaiġ, d'aġnasaiḋ,
do ġuil, & do ḋiṫċioll sé an iarraḋ do
laġadaḋ, aċt go díoṁaoin. Do ṡeas
fear an ċinn ṁaol go daingean ann a
iarraḋ, & dob éigin d' Abu Casim a
ṁála-airgid d' ḟosglaḋ go fairsing a¬
rís, giḋ d'ḟuaṫuiġ sé go mór é. Air a
ḃeiṫ saorṫa ó na constabalaiḃ d'Abu
Casim, riṫ sé ṫríd a ṫeaċ cosaṁuil
le fear ar míre; anuair sin ṡuiġ sé
síos, & d'ḟeuċ sé i ḃ-fallaṁnaċd Fá
ḋeire ḃuail smuaine soillseaċ é Do
ġlac ceann de troiġíniḃ, do ċuaiḋ 's do
ṫarraing sé 'n madaḋ as an áit faoi
'n ċlár, ann a raḃ sé 'nna ċodlaḋ go
soċṁaḋ, & ṫug sé dó tuargain míoṫro¬
caraċ. Go moċ ar an maidin amáraċ
ḃí Abu Casim ins a ġáirdín ag obair.
Do ċinn sé le aḋlacaḋ na troiġíneaḋ
sé troiġṫe faoi 'n talaṁ ionos naċ m-
béirfidís urċóid ḋó níos mó. Air a
m-beiṫ ag oibriuġaḋ dó, ḃí coṁursa mío¬
sgaiseaċ d'a ḟaireaḋ, noċ go fada
ċongḃuiġ míorún 'nna aḋaiġ, & darab
mian le cleas d'imirt air Ċo luaṫ &
ḃí 'n lá solasaċ, ċuaiḋ an ċoṁursa do
'n "mufti", & duḃairt leis, gur ṫoċail
Abu Casim ionṁuis as a ġáirdín roiṁ
an ló. Anois ḃí reaċd anuair sin i m-
Bagdad, gur leis an stáit ḃí na ion¬
ṁuis uile do ḃí fáġalta faoi 'n talaṁ,
& ḃí bagarṫa le piantaiḃ is cruaḋa an
te do ḃrisfeaḋ an dliġe so. Ḃoiltniḋ
an "mufti" deáġ pios de ġnó leis an
truailleánaċ saiḋḃir, ṫug sé cuid d'a
ḟuirionn amaille leis, & ċuaiḋ sé go
teaċ d' Abu Casim, le n-iarruiḋ go d-
taḃarfaiḋe suas dó an t-ionṁuis faġ¬
alta. Do ṁionnuiġ Abu Casim ris an
ḟéasóig de 'n ḟaistineaċ nár ḃ-fuair
sé ionṁus ar biṫ, & gur ṁian leis aṁ¬
áin na troiġíne so d' aḋlacaḋ, do ṫug
ċo iomaḋ míoḟurtún air. Orduiġ an
"musti" an áit do ṫoċailt suas, &
fuair sé na troiġíne sé troiġṫe faoi 'n
talaṁ.
Duḃairt an "mufti" go raḃ aḋlacaḋ
na d-troiġíneaḋ 'nna ċleas glic le céil¬
eaḋ aistriġṫe an ionṁuis. Is díoṁ¬
ṁaoin ḃí a ṁóide ṡollamanta uile.
Taḃaraḋ a roġa dó, ceaċdar dul go
príosún no é féin do ċeannaċ amaċ
faoi eiric ṫrom arís. Ṫaisbeán an
ḟuileaċd ḃuan so a sparáin cosaṁuil
le tarraing a ḟola croiḋe uaḋ, aċd
cad é buḋ féidir leis a ḋeunaḋ? Air
an t-iomlán, ḃí an niḋ is críona, & is
feárr dó le deunaḋ, mar ṫaisbeán dó
eiric do ḋíol do 'n "mufti," niḋ noċ
riġne sé.
Leis an am so, ḃí Abu Casim tinn &
tuirseaċ re n-a ṫroiġíniḃ. Smuain sé
go doiṁin ar an móḋ le é féin a ṡaor¬
aḋ uaṫa do ṡíor. An uair sin ġlac sé
fá n-a "ċaftoin" salaċ iad, & ċuaiḋ sé
go fada amaċ do na sléiḃtiḃ An sin
ṫeilg sé amaċ iad i g-canal. Le croiḋe
éadtrom ċuaiḋ sé aḃaile go Bagdad,
ag moṫuġaḋ gur saorṫaḋ ar deire é ó
na troiġíniḃ míoḋáġṁara Agus go
deiṁin lean lá ar ló, & cluineaḋ náda
ó na troiġíniḃ, ar moḋ gurab Abu Cas¬
im ag tosuġaḋ iad a ḋearmadaḋ. Aċ
faraoir! 'neis uim coicṫiḋis, ṫaisbeán
an bráiṫeór ar na oibreaċaiḃ-uisge de
Ḃagdad — fear féamanta buḋ áird-
ċéim & taḃaċd, — cuideaċdṫa le soíġ¬
diúraiḃ i d-teaċ d' Abu Casim.
Ṫaisbeán Abu Casim boċd a ḃeiṫ
buailte go caoċ, & go balḃ, le faitċíos
de ṁíoḟortún eigin : ḃí le duine de
ṡoídiúraiḃ na troiġine cluiteaċa ann
a láiṁ aige.
Cionus a ṫangadar do 'n leus arís?
Go nádúrḋa, go deiṁin Ar laeṫiḃ ei¬
gin, ṫug na fóinse puibliḋe uisge ar ei¬
gin, & ḃí casaoid coitċion, & ciarsáin
ann Do sgrúd an bráiṫeór na píop¬
aḋa, aċd fuair sé i n-deáġ coingioll
iad. fá ḋeire riġne sé an beul no fos¬
galaḋ de 'n ṗríoṁ píopa do sgrúdaḋ,
& annsin ḃí "an corp coire," mar ḋéir¬
fidís na fir-dliġe; ḃí beul an ṗíopa
trí ráiṫe stopṫa suas le troiġíniḃ A¬
bu Casim.
[Le ḃeiṫ leanta.)
We hope Gaels will transmit their support to
the Gael yearly. If this were done there would
not be so many in arrears as there are. — This is a
good time to make a beginning
