74
AN GAOḊAL.
See Vol. IV. p 477.
" Vol. I. p. 60.
O'DOṀNAILL ABÚ.
There was not a time, perhaps, in the history of
England’s brutal sway in Ireland in which the Irish
people could sing O'Donnell Aboo with greater gus¬
to than at the present, when a concatenation of
events, evolved by President Cleveland, William II.
France, Russia and Turkey, has trailed the bloody
Saxon standard in the gutter.
Tá binn ġuṫ an aḋairc go glóraċ a géimneaḋ,
'Gus gáir ċaṫ i síneaḋ go h-árd ar an ngaoiṫ,
Ṫar Loċ Suiliġ tá 'n treun laoċ go luaṫṁar a léimneaḋ
Ag na sluaiġte i ngleann Ṡeamair i deifriúġ' gan sgíġ:
Ṡíos ó gaċ sliaḃ go beo,
Treun ḟir naċ d-teiṫfeaḋ gleo,
Brosduiġiḋ faoi ġlas-ḃrat ḃur ngaisgiḋ Aoḋ Ruaḋ
Bonnaċ a's Gallóglaċ,
Deifriġiḋ go claon ag caṫ !
Suas fá do ḋíl ṫír, Ui Ḋoṁnaill Abú !
Feuċ O'Néill, sgoiṫ na ḃflaṫ, ċum caḃair a ċlaonaḋ,
Le mór-ṡluaġ gaisge 'gus toġaḋ na ḃfeaḋam;
Tá míle eaċ borb in a roiṁ-rann a síneaḋ
Faoi na marcaiġ ó 'n gcluan a ḃ-fuil sruṫ Ḃanna ann;
'S iomḋa 'n croiḋe ḃéiḋeas fann
Faoi sgaṫ a ċulaiḋ-lann,
Béiḋ geur-ḃrón ar náṁaid, iad-ḟéin ḃí gan truaḋ.
'Nuair cluinfear ar ngláir-ġleo,
Sgriaċ ar an t-sionnán teo,
Brosduġaḋ ċum díoġaltais, ui Ḋoṁnaill Abú !
Tá'n faol-ċú i nDeas-Ṁúṁain ag ailleaḋ go fraoċraċ,
'S an t-iolraċ gan eagla a sgriaċ ar an maġ;
Tá 'n sionnaċ ar ṡráidiḃ a faire go caoċraċ,
Ní'l duine le bagairt air beo ar an ḃ-faiṫ, —
Fáisg h-uile láṁ go teann,
Tuaḋ-ċaṫ a's faoḃraċ lann —
Tóig orṫa trom-ḋíoġaltas ceart agus luaṫ:
Béiḋ acu cráiḋteaċ sgeul,
Ar ḋíl Clann na nGaoḋal,
'S ar ṫreun Ċlainn Ui Ċonaill, Ui Ḋoṁnaill Abú.
'Sé 'n fíor-ċeart tá Clann Ċonaill a cosaint go toilteaċ
Na teaġlaiġe 's na h-altóir atá ansa d' ar g-croiḋe;
Tá lorg na náṁad 'na m-bán ḟásaċ fuilteaċ!
Le lasair a d-teinte 'tá soilseaċ meáḋon oiḋċ';
Suas le gaċ laoċ mar sin,
'N g-cian ġleo ḃí agaiḃ roinn,
A Clann Ċonaill ḋílis, all-neartṁar faoi ḃruṫ !
Airiġeann an Sacsan feall
Trom-ḃuilliḋe Clann na nGaoḋal,
Buail fá ḃur nglas ṫír, Ui Ḋoṁnaill Abú !
