76
AN GAOḊAL
CLEVELAND & VENEZUELA.
BY
A. LALLY.
Go mairfiḋ ainm Ġróḃair Ċleḃeland,
Uaċdarán na Státaiḋ Aonḋa,
'Sé d'ḟuagair ar robáir na talṁan,
Sasanaiġ ar d-tír ṁáṫarḋa.
Ag ráḋ, "Má ṡeunfair ceart do ċoṁarsan,
Ag gearraḋ tórṫainn Venezuela,
Béiḋir mar náṁaid ag na Státaiḃ,
Is dar mo neart is duitse is dona."
Ní le agairt aċt le bagairt
A stad sé "máiġistreas na mara,"
Ḃí teaċt ṫair an t-sáile le láṁ láidir,
Ag sgrior tír ḃeag Venezeula.
Ṫug Gróḃar a d-tús 'sna stáiriḃ úr',
'Sé las tír-ġráḋ i g-croiḋṫiḃ fuar',
Is a ṫug le ráḋ do ṫíriḃ eile
Ná'r eug an ceart in iomlán na cruinne.
Béiḋ ainm Ċlebeland go deo faoi ṁeas,
I n-oir a's i n-iar, i d-tuaiġ 's i n-deas,
'S le fánaḋ an am atá róṁainn
Seasfaiḋ a ṡaṁail ar leaċta buan.
'Nois tá Sasanaiġ le eagla 'g criċe,
'S ní'l an t-áḋḃar ro ḟada uaiṫe:
Tá na náisiúin láidre a lig na h-aġaiġ,
'S ní'l le fáġail in aon tír fear a truaḋa.
Tá 'n Ain 'gus an Ḟoḋ-Ain balaṁ,
Faire go grinn oiḋċe a's lá,
'Gus tá 'n Frainc mar ṡionnaċ glic,
Ní'l aon ḟocal aici le ráḋ.
Ċum an brón do ṁeuduġaḋ i Londuin,
Tá úġdair na h-Oirpe d'a ráḋ
Gur ḟág an Turcaċ mallaiġṫe an rálaċ
Ag dul faoi ċoimirce an Záir.
Dia go d-tarṫaiġ ciall a's cuiṁne
Go ḟir geanaṁuil, cóir
Le ḃeiṫ ag fonnóid a's ag éisteaċt
Le seaḃóideaċt Ḃritáin Ṁóir.
[Brother Lally, as he should, pays a deserved tri¬
bute to President Cleveland The careful student
of present international political events will find a
cogent and lucid criticism in the foreging, off-hand
presentation of Brother Lally’s. — Ed. G.]
