106
AN GAOḊAL
Music
Joyce's A.I.M. p. 70
Petrie's A.I.M. Nos
594,
1440,
1517.
TÁILIÚR AN ṀAGAIḊ.
Mr. P. Hannon, St. Louis, Mo. says. —
M. J. Logan,
Dear Sir: There are two stanzas of this song in
O’Faherty's Siamsa an Geiṁriḋ, but I have not seen
the rest of it in print.
[We think that the song is a mixture of songs or
that the composer was a very erratic individual, at
the same time we print it for what it is worth, Ed]
1
Is truaġ naċ ḃ-fuil mise agus tusa, a ḃéilín ḃinn,
Faoi ḟasgaḋ na coille, a's gan duine ar beo biṫ ḃeiṫ linn,
Ná bád a ḃeiṫ againn a ṡáróċaḋ an gála trom,
A's go d-tiurfainn an ainḋir gan neaṁ-cead a ṁuintir
liom.
2
Gan bo gan gaṁuin mo leanḃ, fágaḋ mé,
'S dá m-beoċ aon rud acu ní agam-sa fágfaiḋe é;
A siúḃal ċois cladaiġ buḋ aigeantaċ 's b'árd mo léim,
Aċ nuair i ċuaiḋ ar mo ṁeisneaċ sé duḃairt siad go m-
báiṫtear mé.
3
Ṡíos i Sligeaċ tá roinn de mo cáirdiḃ gaoil,
A's inġean ḋuine eile a ḋiúltas a pósaḋ i réir;
Taḃair sgeul uaim aici gur minic a ṗóg mé a beul,
A's go b-pógfainn í tuille dá d-teannfaidís bólaċd léi.
4
Taḃair sgeul uaim aige go deiṁin, naċ b-pósfad é,
Anois ó ḟeicim gur ṫréig sé ar bólaċd mé ;
Nuair naċ ḃ-fuil agam-sa ealaċ, no mórán spré,
Biḋeaḋ a roġa bean aige 's béiḋ mise ar mo ċóṁairle féin.
5
Is fad ó ċuir m' aṫar mé ar asal ag iarraiḋ mná,
Siar ċois fairrge gur ḃuail an arraing mo lár,
A filleaḋ ar m'air ḋom do sgiobaḋ an srian as mo láiṁ
Is ag Dia go raḃ m'anam má ċaillim níos mó le mnáiḃ.
6
A ṫáilliúir a ṁagaiḋ go deo, deo, ní ṗósfad do ṁoc,
Aċ pósfaiḋ mé an talaṁuiġ a ḋéanas go doṁain a ṫeaċ,
'S éireoċas ar maidin 's a ċraiṫeas an síol i g-ceart,
'Snaċ suiḋfiḋ ag cois doruis i feadaiġil 'sa ruagaḋ cearc
7
'San áit i mbiḋeann fasgaḋ biḋeann raiṫneaċ 's feur a fás
Biḋeann neadraċa meala go fairsing ar ḃárr an ḟéir,
Biḋeann na bric ruaḋ a riṫe sna bradáin a siúḃal go réiḋ,
'S naċ h-iad na fir ṁaiṫe a ṗósas na mná gan spré.
see Gaelic Journal
No 172 p. 710
Siúḃan
Siġle Ní' c
Uiḃir
táilliúr
T.
doiġain
T.
ruṫaiḋ
