116.
AN GAOḊAL
SONG OF THE A. P. A'S,
By Mr. PATRICK CASEY, Malden, Mass.
1
Éist liom, a ċaraid, cia go ḃ-fuilim greaduiġṫe, cráiḋte ó'n saoġal,
T'réis ḃeiṫ ag éisteaċt le paca gurb ainim doiḃ Á P. É. ;
Daoine gan baiste, gan teagasg, gan áird 'san t-saoġal,
A's cad a ḋeunfaiḋ a n-anam nuair a raċa sé a láṫair Dé!
2
'Nuair éirġid ar maidin ní'l paidir ná cré 'na m-beul,
Aċt móide 'gus mionna, a's go deiṁin is gránna é a m-beus;
Tá 'n ċróinseaċ ṁalluiġṫe tarcuisneaċ fíoċṁar riaṁ,
Agus tá seula ar a n-anam go daingean ag riġ na n-diaḃal.
3
Táid siad 'na m-beaṫaiḋ agus nár ṁairid siad bliaḋain 'san t-saoġal,
Ná aoine de 'n ċine do ċuirfeaḋ iad síos faoi 'n g-cré;
Dá ḃ-feicfinn iad marḃ ní ṡilfeaḋ mo ṡúil le braon,
Mar siad do ċuirfeaḋ an cealg go daingean tre lár mo ċléiḃ
4
Cuiṁniġ a's maċtnaiṁ naċ caraid duit Á. P. É.
Táid siad ar tí do ṁarḃuiġṫe, cosain do ċroiḋe le faoḃar;
Buail an madra gurb ainm dó Á. P. É.,
Sín 'san laṫaiġ é agus leicfiḋ sé mile béic.
5
Táid siad le fada d'ar n-greadaḋ gan cúis gan áḋḃar,
Is olc é a g-cleaċta, tá braċa 'na g-croiḋe 'gus feall;
Fál agus falla níor stopadar fós, na deaṁain,
Agus is é mo ṁairg mar a ṫángadar riaṁ análl.
6
Táid siad ag árdaċ a m-brata ar an d-talaṁ, ag deunaṁ laoċ,
An t sean ṁeirge ṁeirgeaċ, buiḋe, gan seun ;
Gan clú, gan cariaid, aċt an tOrange, a's an t-Á. P. É.,
An t-ál is measa do ṡeasaim ar barr an ḟéir.
7
A riġ na ḃ-flaiṫeas an maiṫir do 'n Á. P. É.
Tá sé ag canáid 's ag magaḋ 's ag spalpaḋ na leaḃar gan spéis,
Ag doġaḋ a's ag stracaḋ a gan ḟios 'nuair ḟaġann sé an ċae,
Agus tá caint na ṫeangain is measa ná míle craos.
8
Deinim dánta fada, agus is anaṁ do ċáinim féin
Aoine ṫagann fé ṁaise ó ṫir na naoṁ;
Aċt ní ġráḋaim an Breatan, an t-Orange ná 'n t- Á. P. É.,
Mar sé ċáineas an sagart, an t-easbog a's Pápa Dé.
9
Cuirfeam-ne scaipeaḋ go tapaiḋ ar Á. P É.,
Tá gárda d' ḟearaiḃ sé arm ag Gráinne Ṁaol
Do ṫroidfiḋ an graṫain ar ṁaċaire mór gan baoġal,
Agus ċiḋfear an t-Orange 'na sgeannairt ar ḃarr an ḟéir.
Críoċ.
