(23)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
OĊT-ṀÍ
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
Aċ má ḃí iongantas orra an sagart
d'ḟeicsint arís in a ṡean-áit, bu ṁó go
mór a n-iongantas faoi 'n g-cailín do
ṫáinig go h-obann d' a ṫeaċ gan ḟios
ag aonduine cá 'r b'as ḋi, nó cad é an
gnó do ḃí aici in sin. Ḃí cuid de na
daoiniḃ ann a duḃairt naċ raḃ gaċ
uile niḋ mar buḋ ċóir, ⁊ cuid eile "ná
'r ḃféidir é go d-tug an Ṗápa a áit a
rís do 'n t-sagart 'r éis a ḃaint de
roiṁe sin mar ġeall ar an g-claṁsán
do ḃí acu air i d-taoḃ na meisge."
Agus ḃí cuid eile acu a drḃairt naċ
raḃ Goillís na n-gos duḃ cosaṁuil leis
an ḃ-fear ceudna do ḃí ann roiṁe sin,
⁊ go m-buḋ ṁór an sgeul é go raḃ sé
ag triall gaċ lá go teaċ an t-sagairt
⁊ go raḃ cion ⁊ meas ag an sagart air,
rud nár ḟeud siad a ġlanaḋ, fuar air
cor a biṫ.
B'ḟíor dóiḃ go deiṁin, mar b' anaṁ
an lá ċuaiḋ ṫart naċ raċfaḋ Goillís
go teaċ an t-sagairt ⁊ naċ m-beiḋeaḋ
caint aige leis, ⁊ leis an óiġ-ṁnaoi ua-
sail, ⁊ ċó minic ⁊ ṫiucfaḋ sé ḃeiḋeaḋ
súil aige go ḃfuiġeaḋ sé i go slán agus
cead laḃarṫa aici arís, aċt, faraoir,
d'ḟan sí in a tost ⁊ í balḃ, gan léiġeas
nó biseaċ.
Nuair naċ raḃ aon ċaoi eile aici le
deunaṁ cainte leis, do rinne sí sórt
cóṁráḋ eidir í féin ⁊ eisean le corr-
uġaḋ a láṁ ⁊ a meur, le sméiḋeaḋ a
súl, fosglaḋ ⁊ dúnaḋ a béil, le gáire ⁊
mion-ġáire ⁊ le míle coṁarṫa eile, i
rioċt naċ raḃ sé fada no gur ṫuiġea
