dar a ċéile go h-an ṁaiṫ. Ḃí Goillís
g-coṁnuiḋe a smuaineaḋ cad é 'n ċaoi
a ṫiucfaḋ leis a cur ar ais d'a h-aṫ¬
air, aċ ní raḃ aonduine le ḋul léiṫe &
ní raḃ ḟios aige féin cad é an bóṫar
buḋ ċóir dí a leanaṁuint mar naċ raḃ
sé i riaṁ ar a ċondae féin go d-ti an
oiḋċe sin a rug sé leis í.
Ní raḃ aon eolas do b'ḟeárr aig an
sagart, aċ an uair i d'iarr Goillís air
sgríoḃ sé trí no ceaṫair de leitreaċa
ó am go h-am go "Riġ na Fraince," ag
innsint ḋó cás a inġíne & ann áit in a
raḃ sí, & ṫug sé iad do luċt ċeannuiġ¬
ṫe ceannuiġṫe & díolaḋ earraiḋ do ḃí¬
ḋeaḋ ag dul ó áit go h-áit tar sáile
aċ níor ṫáinic ceann acu go láiṁ an
Riġ, mar ċuaiḋ siad uile amuġa.
Is mar sin ḃí siad le mórán míos,
& ḃí Goillís ag tuitim i ngráḋ léi níos
mó & níos doiṁne gaċ lá, & buḋ léar
dó féin & do'n t-sagart go raḃ dúil
ṁór ag inġín an Riġ i nGoillís. Ḃí fait¬
ċíos mór ar an m-buaċaill ar deireaḋ
go g-cluinfeaḋ an Riġ dáríriḃ an áit
in a raḃ a inġean & go nglacfaḋ sé ar
ais uaiḋ féin í, & ċuir sé impiḋe air
an t-sagart gan sgríoḃaḋ níos mó aċ
an ċúis do leigint faoi Ḋia
Buḋ mar sin a ċaiṫ siad an aimsir
ar feaḋ na bliaḋna, go d-ṫainic lá d'a
raḃ Goillís in a luiḋe leis féin ar an
ḃ-feur, lá deireannaċ de ṁí deireaḋ
an ḟóġṁair, & é ag smuaineaḋ arís in
a inntinn féin ar gaċ niḋ d'ar ṫárlaḋ
ḋó ó 'n lá a ċuaiḋ sé leis na Siḋeog¬
aiḃ ṫar an t-sáile
Ċuiṁniġ sé go h-obann gur b' air
oiḋċe Ṡaṁna do ḃí sé in a ṡeasaṁ ag
binn an tiġe nuair a ṫáinic an fromán
gaoiṫe & na siḋeoga, & duḃairt sé leis
féin, "Béiḋ oiḋċe Ṡaṁna againn arís
amáraċ & seasfaiḋ mé 'san áit ċeud¬
na do ḃí mé nuraiḋ, go ḃ-feicfiḋ mé a
d-tiucfaiḋ na daoine maiṫe arís, buḋ
ḟéidir go g-cluinfinn no go ḃ-feicfinn,
rud éigin do ḃeiḋeaḋ úsáideaċ ḋam
no ḃéarfaḋ air ais a caint do Ṁáire
(buḋ é sin an t-ainm do ġlaoḋ sé féin
& an sagart ar inġín an Riġ mar naċ
raḃ ḟios ag ceaċtar acu cad é an t-
ainm ceart a ḃí uirri)
The follow address on the present state of Arme¬
nia was delivered recently before the O'Growney
Gaelic League of New Haven, Ct. by its President
Mr. Thomas Callaghan, —
Dá siúḃalfuiḋe na régúin as de ċéi¬
le, sé sin ó éiriġe na gréine go d-ti a
dul faoi, ní'l aon daoine eile faoi
ṫrom ċráḋ mar na h-Árméinic ar an
am láiṫreaċ. Ní'l truaiġ nó trócaire
ag na Turcaiġe malluiġṫe dóiḃ. Tá
fóġuil d'a deunaḋ a s fuil d'a dórtaḋ
gaċ lá gan cuir gan cúis aċ aṁáin a g-
creideaṁ beannuiġṫe a ċuir Dia in a g-
croiḋe Dá ndeunfid siad malairt
creidiṁ leis na Turcaiḃ neaṁ-Ċríost¬
aṁla ḃeiḋeaḋ an sgeul go maiṫ. Aċt
ar nós na n-Éireannaċ, tá siad buan-
seasṁaċ i g-creideaṁ a sinsear.
Tá bailte móra & bailte beaga in a
lasraċa mar ḃí Mosgó i ḃ-fadó, 'sé a
ḟad 'sa ġearr — is coga dearg é. — Tá
Críosduiḋe ar an láiṁ ḋeis, & págán¬
uiġ ar an taoḃ ċlí; & dá t-tiucfaḋ na
diaḃail is milltiġe ó ḟíor-ḟíoċtair
ifrinn níor ḃ'ḟéidir leo ḃeiṫ níos mea¬
sa ná mar atá na Turcaiġ.
Do ċuir riġte & prionsuiḋe na h-Eor¬
pa oifigiḋe & márneulaiġ ar bord long
ċoga ag cuan Constantinople ċum cos¬
aint a ḋeunaḋ ó 'n trom eugċóir, aċt
in áit sin, sé rinneadar an sgeul go
mór níos measa.
Mo náire ar ċuṁaċta na h-Eorpa;
caiṫfiḋ siad fragairt fós i láṫair
Dé. Is gnóṫuiġe leis an árd Ṫurcaiḋ
meallta ċúl a láṁ a ċur le gaċ náis¬
iún, ag ráḋ, 'san am ceudna, "Táim
nearṫṁar treun, — ní féidir mé i
smaċta, nó mé ċuir faoi ċois. Ní'l
aon aimsir agam ċum clos do ṫaḃairt
daoiḃ ċum réiḋteaċ do ḋeunaḋ. Tá
ceud ban faoi mo ċúram — cailíniḋe
deasa, toġa na tíre, caiṫfiḋ mé friṫ-
eola orṫa nó bás ḟáġail. Ní'l aon
ċoḃair a ḃeiṫ i súgraḋ nó a bagairt
ar na Turcaiġ, aċ iad a ḃruġaḋ & a
ṁionaḋ le púdar & le pileur. Tá dul
aca dorċadas an ḃáis, os coinn na
h-Armenica, & béiḋ go bráċ nó go
sgriosfar iad ó aġaiḋ na cruinne.
Le uirim & mór ṁeas, gaḃaim beus
liḃ go léir,
TOMÁS O CALLAĊÁIN,
