134
AN GAOḊAL
Aċt ag stopaḋ 'n a m-bolg, na bodairiḋe breuna —
Táid siad ar tinneall, agus tuitfid gan eifeaċt,
'S ní'l aon-ne ar a g-cine cuirfiḋ an olla ar a n-eudan,
Dá ṁéid é 'g-cuid dliġṫe, ní ṁollfainn a d-tréiṫe,
Aċt ní ṫaḃarfad breiṫeaṁnas obann ar ċoigriġe éiṫiġ,
'S iad do ċuir sinn o oileán na h-Éireann,
Mar a m-bíoḋ nóiníniḋe geala agus an ċruiṫneaċt go
[craorac
Ḃíoḋ muc agus tarḃ ar raċtaiḋiḃ a n-Éirinn,
Cnaistiriḋe casta agus bainne na g-caoraċ,
Ḃestanna breaca agus casóga bréide,
'S ann a laḃraḋ an sagart a d-teangaiḋ na Gaoḋailge
[bualaḋ bas]
Is duine boċt mise do ṫáinig ó Éirinn,
Ní ṫuigim Laidean, ná dadaḋ de'n Ġréigis;
Nuair eirġim am ṡeasaṁ canaim an Ġaoḋailge.
Agus cuirim na broinnil a d-triċe ar gaċ taoḃ ḋíom.
Tá 'g-cluasa go h-aireaċ mar ḃeaḋ seannaċ ag éisteaċt
Agus fáiniḋe ḃuiḋe óir de'n ġlan-ċloḋ ar a meuraiḃ;
Meallann siad óig-ḟir le ceol agus éifeaċt
Agus tá blas ar a b-póig do ṫógfaḋ na ceudta
Is mairg náċ b-pósfaḋ óig-ḃroinneal ḃeusaċ;
Ċuirfeaḋ sí an "Citeal" a d-treoġ doit, ḃeaḋ sí fór leat
['san tsaoġal so ;
Do róstfaḋ sí mór-ċuid de ḟolaistiḋe neuta
'S is í ġearrfaḋ an ḟeoil doit, dóiṫin da ḃéile.
Dá m-beiṫeá breoite no leointe, ṫaḃarfaḋ sí braon doit
De ṡuġlaċ na h-eornan do ṫógfaḋ o n d-taom ṫú
Dá n-ólfaḋ an ḃólaċt ní ḃuailfeaḋ 'san ḃeul ṫú
'S ṫaiṫnfeaḋ a meon leat 'nuair ṫaḃarfaḋ an ḃonóċ doit
le breugaḋ.
Ḃíos-sa a g-Cluain Meala 's a m-baile an Ṁisteula;
D'ḟaġainn snaois agus "tobac" ó ċailliġ ṡoibeusaiġ :—
'S is suaraċ an ainm i ar ṡean-ḃean aosta.
Tá críona 'gus caite, 's a cuid maiṫeasa deunta;
Tá 'mala ċum tailiṁ agus a ḃaṫas gan éifeaċt.
'S í ḃeaṫaiḋ an leanḃ le bainne 'gus "treacle,"
A's do ċeartuiġ an leabaḋ "sar" (sul) a gcrafpaḋ a ġeuga,
Nuair a sgreadaḋ do ṗreabaḋ — is deacair i ṡeunaḋ —
An ḃanaltra leanbaċ ṫaiṫneaṁaċ ġleigeal,
Go mbíoḋ a dán ar a teangain a's í ag casaḋ na bréide
[bualaḋ bas]
"Castar na daoine ar a ċéile
Aċt ní ċastar na cnoic ná na sléiḃte" :
Ó táimid a ḃfoċair a ċéile
Laḃarfaiḋ mé a d-teangaiḋ na Gaoḋailge,
Agus go deiṁin ní ċeilfead a tréiṫe,
Mar níor ċaill sí a h-ainim na a h-éifeaċt;
Ní'l sé 'na coigcrioċ éiṫiġ;
Is mairg do ḋeunfaḋ í ṡeunaḋ,
Teanga ṁilis ḃlasta na h-Éireann.
Ní'l a saṁail a n-aon ḃall,
