AN GAOḊAL
135.
Aon dúṫaiḋ fé ċúrsa na gréine.
'Sí mo ċara 'san t-saoġal í;
A's is í a paidir ḋeunfaiḋ an t' anam a ṡaoraḋ.
Do laḃair naoṁ Peadar a nGaoḋailge,
Agus naoṁ Seáġan mar an gceudna.
Do ḋéin naoṁ Pádraig daonaċt,
'Nuair a ḃeannaiġ sé talaṁ na h-Éireann
Ní raiḃ cíosa ná íoca ar aon-ne —
A ḋaoine dob' aoiḃinn an saoġal é
Ċum go d-táinig an ċonnairt ar saoṫar.
Do ḋéineadar marḃaḋ 'gus éigean;
Do loisgeadar leaḃra na Gaoḋailge;
Do stopadar aifreann Dé orainn,
Agus soisgeul an aon-Ṁic.
[bualaḋ bas]
Sí an ċoróin Ṁuire ġlórṁar do ṡaor sinn
'Nuair ḃí 'n ġraiṫin ag caṫaṁ na b-pleur linn :
Agus cuiṁneoċaiḋ mé ċóiḋċe ar a n-"dearing"
Ċum go síntear 'san ċill ar mo ṫraost mé.
Tá mór-ċuid dem' ċoṁarsain ag éisteaċt
Na tiġeasaiġ náċ maoiḋfeaḋ an béile ;
Ḃíodar bríoġṁar na g-croiḋe 'gus na ngeugaiḃ
'S is iad do ċasfaḋ an bata draoiġin éile.
[bualaḋ bas]
"Is beag is fiú beagán d'aon rud
Aċt is mór is fiú beagán céille."
Táim ċum laḃairt mar ġeall ar éifeaċt
Mar sidé an ball go ḃ-fuil "Fuireann na Gaoḋailge."
Laḃairt na teangan is binne 's is gleiṫe,
An té léiġeann leaḃar a's do sgríoḃann tar éise
Cuireann sé an ṁeaḃair a g-ceann gan éifeaċt.
An té ṫaḃarfaḋ doṁ-sa stróice ḋe'n daonaċt
do ḃeinn fór leis faid ḃeinn ḃeo ar an saoġal so,
Agus t'reis mo ḃáis go bráṫ dá ḃ-feudainn.
Mar sí teanga ar ndúṫċaḋ í is clúḋaiġe a n-aon-ḃall :
Tá sí cuṁra, plúraċ, gleagal.
Cuireann sí fonn ar ċroiḋe na d-treudṫaḋ.
'S dá mbéinn 'na h-iongnais ḃéinn go duḃaċ ag éisteaċt.
Ná déin í ṁúċaḋ aċt múin do'n t-saoġal í,
Tá sí lúṫṁar, súgaċ, treunṁar.
Is ar mo ġlúiniḃ deirim na h-úrnaiġṫe a nGaoḋailge,
Agus is mór na ċúin-se na ċúig ṁistéiriḋe.
[bualaḋ bas]
'Sé sagart an rúin an t-úġdar naoṁṫa
'Sé léiġeann an t-aifreann is do ċaiṫeann ann éide
A's do ṁaiṫeann dúinn tréis coire do ḋeunaṁ.
Nuair ṫiocfaid an bás is air a glaoḋfar —
An síoṫnaiḋe gránna naċ feiceann aon-ne
'Sé do ṫógann an leanḃ a's an seanduine aosta
Ní ḃreabfaḋ ór é ná mór-ċuid spréaḋana,
Ná a ḃ-fuil de ṡaiḋḃreas ar an saoġal so.
Tóg sé riaṁ an ṁéid a ṫáinig,
Ár gceud aṫair agus ar gceud ṁáṫair,
A's tógfaiḋ a dtiocfaiḋ, ḃe 'cu 's mó an tuile no t-áir¬
[eaṁ.
