AN GAOḊAL
143
HÓILIÓC, MASS OĊT ṀÍ 13 — 96
A Ċara Ḋílis :
Tá mé ag cur aḃrán ċugat a scríoḃ má síos ó ḟear ins an g-caṫair so.
Deir sé gur b' é Risteard Buiḋréad do ċumaiḋ é (an file do ċumaiḋ Eoġan
Cóir). Ḃí mé a caint le sean ḃean seaċṫṁain ó ṡoin a duḃairt go raiḃ aiṫne
aici ar Ṗaddi Major & ar a inġean, Cett Ḃán, aċt ní cuiṁneaċ léiṫe an Buiḋ¬
réadaċ, & ní ṡaoileann sí gur b' é riġne an t-aḃrán seo, aċt ar ċaoi ar biṫ tá
sé os cionn leiṫ-ċeud bliaḋain ó cuma é.
D' innís fear dam a tóigeaḋ ins an g-coṁarsanaċd sin, gur fear
dár b'ainm dó Davitt a ċuir le ċéile an t-aḃrán seo, aċt níor ṫainic leis mór¬
án innsint dam faoi.
Tugaḋ Paddi Major mar leasainm ar Ṗáḋruic O' Mláiḃill, mar ġeall
air é ḃeiṫ mór le Major Bingham Ḃí sé 'na ċoṁnuiḋe i b-paráiste na Cille
Móire i gCondae Ṁuiġe Eó. Ḃí sé go h-an ṁaiṫ do na boiċt & ní raiḃ aon
ḟear siuḃail in Éirinn naċ raiḃ ḟios aige cé raiḃ teaċ Ṗaddi Major. Tá sé
ráiḋteaḋ naċ raḃ sí i g-Cúige Ċonnaċta le na linn aon ḃean buḋ ḃreáġaċda
ná Cett Ḃán, ⁊ ḃí cion & meas ag lag agus láidir faoi na coṁair mar ḃí sí
caoiḋeaṁuil, fial. Níor aṫruiġ mé aon ḟocal ins an aḃrán seo, ṫug mé síos
mar fuair mé é. Ní 'l ḟios agam ar cuireaḋ ariaṁ i g-clóḋ é
Tá súil agam go ḃ-fuil tú féin & do ċúram i sláinte.
Ó do ċaraid,
Seáġan Philips.
PADDY MAJOR.
Tá prionnsa maiṫ againn mar ċaraid 'san áit seo,
'S é is ainm d'ár n-árd ḟlaiṫ Mr. Lavelle,
'S a ṁáiġisdreas ṁáiseaċ go deiṁin ní aiṁreiḋim.
Do ṡíolruiġ ó 'n nádúir go cuiḃiosaċ fial;
Mac Ṁuire go g-cuidiġ le lánaṁuin na páirte,
'S mo ḃeannaċt ga bráṫ go raiḃ ag a gcloinn,
Tá cóṁarsan' go fairsing le sínteaċas láiṁe
'Gus a máiġisdir ní ḟacas ó aimsir ċQueen Ann.
Tá easbuig 'gus iarlaiġ go síorruiḋe d'a ḃ-fiafruiġ,
Ḃeiḋeas ag iarruiġ ar Ḋia iad seo 'leigeann slán,
Na peacaiḋ a ṡeaċaint 's an ṁaiṫeas a ḋeunaḋ.
'Gus cuiṁniuġ' ar a aon-ṁac a ceusaḋ ar a' gcrann;
A riġ ġil na cruinne naċ claoiḋte, boċt an cás é.
'Gus liaċtuiḋe fear fánaċ a teaċt ċum a ṫiġe,
Cailleaċa, baintreaċa, seandaoine 's páisdiḋe,
A triall ċum an Ṁáis 's fáilte 'san oiḋċe;
'S é do ċualaiḋ mé ġ'a ráḋ go síorruiḋe ag mnáiḃ,
Gur fad ó ḃeiṫ a g-cnáṁa go doṁain ins an gcill,
Aċt is beag é an teaċ ṡeo Ṗátruic Ui Ṁláiḃill —
Flaiṫeas na ngrása go ḃ-fáġ sé d'a ċionn;
Tá na muilte a meilt ann le tuilleaḋ 's ráiṫe,
Na boilers gaċ lá ann go síorruiḋe bruiṫ bíḋ,
Caitilín Ní Ġáuċain d'a ċuir ar na plátaiḋ
Stirabout láidir no go ḃfágfaḋ siad fuiġeall.
Tá na párlúis ag Paddi breáġ, fada, geal, glégeal,
Biaḋ 's deoċ ag fearaiḃ Éireann 's biotaile ġ'a roinn
Ċualaiḋ
mise gur b'é
"Doimnic Beag"
Mac Oscair a
rinniḋ an
t-aḃrán seo.
D. Ó M.
Vide Supra
Vol. IX., No.
12.
