144
AN GAOḊAL
Tá Ṁáiġisdir John a seinim go binn ar na teudaiḃ,
Molaim go h-eug é 'gus na raḃ sesean tinn;
An fear a ṡiuḃal Albain, Sacsanaiġ 's Éire,
'S é duḃairt Oiġre Clane go d-tainic an ráḋ,
Gur ag Paddi Major ḃi toḃa an ṗlantation.
'S gur ṫug sé an sṁae uaṫa aḃus agus ṫáll.
5.
A ṁister Déan na féile tá gift ag do ċéile,
Na h-uġdair a léiġe é do ḃréagadar liom,
Trá ṫuirling an péarla faoi ḃroinn na mná naoṁṫa,
D' ḟosgail an spéir 's a ṡúile do 'n dall;
'S é ċualaiḋ mé d'a innsint go síorruiḋe ag mo ṁuintir
Gur ḃ' uasal é an sinnsior d'ar díoḃ sí Cett Ḃán,
Réir ḋuṫċais go cinnte buḋ féimeaṁuil a h-inntinn,
Na boiċt a ċuiṁniuġaḋ ó d'ḟág an cliaḃán,
6.
Tigean dealra ó'n ngréin ann 's ó'n ngealaiġ d'a réir sin
Agus soilsiġeann na spéiriḋ os cionn Tóin a Ṁáis,
Le gradam do 'n óig-ṁnaoi ó ṫainic sí inn éifeaċt
'Gus 's iomaḋ sin créatúr do ṫug sé ḋó a ṡáiṫ;
Ḃéarfaḋ sí caḃair do 'n doṁan dá ṁeud é —
Le ocras ní léigfeaḋ sí aon neaċ ċum ḃáis,
Eudaċ do 'n noċtuiḋe a ṫiocfaḋ d'a éiliuġaḋ,
Go g-cuidiġ Mac Dé di sa gaolta ar an Áird.
7.
Adṁuiġim an méid seo gur breáġaċt í no Ḃénus,
Is deas é a behaḃior, a snuaḋ 'gus a cum,
Is gile faoi ċeud í ná 'n sneaċta ar na sléiḃte,
'S ná h-ealaiḋe Loċ Éireann ag éiriġ ar ṫuinn;
Léiġfeaḋ, go deiṁin, na cruaiġ leaḃra Gaoḋilge,
Is cúṁra 'gus eadtrom a ċasann sí an peann,
An ċaimric a sprigail ar uiṁirsiġ Gaeḋilge,
'Gus an leitir a léiġeaḋ análl as an ḃ-Frainc.
8.
Casaḋ orm bacaċ anuas ó ḃun Néṗin
A ṡean-ḃean 'n a ḋiaiġ 's buḋ léiṫe ḃí 'n riḋ
Cur eolais an ḃealaiġ go teaċ Ṗaddi Major,
Dá m-beiḋdís aréir ann ní ċodlóċaḋ amuiġ;
Tráṫ ṫug mé di meisneaċ do riġne sí gáire,
Ċaiṫ di na málaiḋe no gur ḋaiṁsiġ sí jig
'S é duḃairt Marcus le Máire tá macnas ar Ṁáire,
Béiḋ muid ann san oiḋċe 'máraċ 's beóiġ ar do ċois
9.
Ní ḟeudaim a ṡeasaṁ, arsa Marcus le Máire,
Le pianta in mo ċnáṁa 's m' ioscaidiḋe lag,
Le ḃ-fuair mé de 'n casgair amuiġ ins an ngarrḋa,
Tá m' asnaċa gránḋa gan teagar gan teas;
Dá m-beiṫ fios ag Paddi go m-beiḋṫeá ċo fágṫa,
Ċuirfeaḋ ó 'n Máis ċugat gearán 's cairt,
Cóta de 'n ḟasun a d' ḟolóċaḋ go sálaiġ
'S directions ó 'n Dálaċ a g-Caṫair na Mart.
