(25)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
FAḂRA,
1897.
CUMANN NA GAOḊAILGE,
EAḂROĊ NUAḊ,
Féis Ceoil agus Léiġin, Aḃrán agus
Dán.
Ḃí cruinniuġaḋ mór ban ⁊ fear ag
Cumann Ġráḋa na Celtiġ in Eaḃroċ
Nuaḋ, ag ceileaḃraḋ a ḃféis ceoil
bliaḋnaṁla, ar an cúigeaḋ lá deug de
Ġionḃar — an cruinniuġaḋ ba ṁó agus
ba ṁeasaṁala do ċoncamar le suim
aimsire. Ní raḃ áit suiḋte ag mórán
os cionn leaṫ na ndaoineaḋ ḃí láṫair,
agus ba ṁór an truaiġe é mar ḃí an
siamsa ar ḟeaḃas ó ḃun go bárr, aċt
níor ṁoṫuiġ na cuirmeaċa aon dócúl,
óir do ḃí gaċ duine láṫair sásta leis
an gcruinniġaḋ mór do ċonnairc sé os
ċóṁair ag onóra teangan a ṫíre. Ba
ḃreáġ, leaṫan an smigeaḋ ṫigfiḋe ḟeic-
sint ar éadan an ḟorsuiḋṫeoir, an
Saoi Seáġan O'Caṫasa, ⁊ an Ṡaoi on-
óraċ, Donċaḋ O'Bruinn [an Ball ó Ṡlig
e] noċ do ḃí freasdal ⁊ ag fríoṫólaṁ
ar a g-coisriḋiḃ. Ḃí baill eile de'n g-
Cuman a raḃ smigeaḋ leaṫan ar a
n-gnúisiḃ, freisin, mar ġeall ar ṁeud-
aċd an g-cruinniuġaḋ, eaḋon, na Saoi-
ṫe Caiptín de Norraḋ, J. B. O'Mainnín
J. Croimín, P. O'Gríoṁṫa, ⁊ na nÓiġṫe
Caitilín ní Ainmniġ, Siuḃán ní Eamaiġ
⁊c.
Séo é Clár-innse an tSiamsa. —
An Ċeud Roinn.
Tionsgna, Fonn-Gaoḋlaċ Measgaḋ,
An Saoi O'Mannaċáin.
