AN GAOḊAL
1
The following song, Derry Brien, appeared in Vol
6 of THE GAEL, but we re-publish it in compliment
to Mrs. Cloonan, who was not then a subscriber.
Vide Supra
Vol VI.
page 732.
DOIRE UI ḂRIAIN.
Ṡiúḃal mise Tuaṫ-Ṁaṁan a's bailte móra,
Sléiḃte ceoḋṁar agus gleannta fraoiġ,
O Ċorcaiġ na g-cuan go Beul-áṫa-na-sluaġ,
Agus ċugad anuas go Gailliṁ arís;
Ċaiṫeas trí ráiṫe ar bord i g-Ceann-sáile,
Ag síor ól na g-cárt gus ag seinm ar mo ṗíop,
A's saṁail mo ġráḋ geal ní ḟacas 'san méid sin
O d'ḟág mé na sléiḃte úd Ḋoire Ui Ḃriain.
Is aḋra ! Úna, gluais ṫusa liomsa
A's fág MacĊún ar a ċúl 'san ḃ-fásaiġ
Is ní baoġal duit cuṁano galra duḃaċ,
Oir teannfaiḋ mé go dlút ṫú le mo ċroiḋe;
Is go raċfainn ar mo ġlúiniḃ ḋuit le uṁlaċt
A's ceol gan ċúntas do ṡeinfinn ar mo ṗíop,
Aċ ag dul dam anonn go Caisiol Ṁuṁan.
Slán Dé le cuṁa leat, a Ḋoire Ui Ḃriain !
Ní'l ór buiḋe nó pláta nó rud ar biṫ d'a áille
Ó Ṫobraḋ-árainn go Baile-loċ-riaċ,
Naċ d-taḃarfainn dom' ġráḋ ar aon ṗóigín aṁáin,
A léiġeasfaḋ 'n arraing tá treasna mo lár;
Naċ buarṫa boċt atá mé, i ngalra báis leat
A ṗlúr na mban mánla, is leat ċaill mé mo ċiall;
Ar maidin Lá'l Páḋruic sgaras lém' ġráḋ geal
Oċ! mo ċúig ċeud slán leat a Ḋoire Ui Ḃriain.
Úna,
Mo ċreaċ is mo cráḋ nár Ṫóigeas cóṁairle
Sul do ċuaiḋ mé am' ċóṁnuiḋ go Doire Ui Ḃriain,
I mboṫáinín gan foġna tá bagairt orm i gcoṁuiġ
Gan rud ar biṫ beo ḋe aċ an prop atá faoi;
Ċleaċt mise lóisdín de ṫeaċ ḋaṫ'ṁail ḋóṫ'ṁail
Naċ leigfeaḋ aon deor de'n ḟearṫainn úd ṫríd;
Airgead 'san gcóṁra, cruiṫnoaċt agus órna
Agus maoin le taḃairt do'n ṁarga le díol.
Sémus.
Is doiliġ ḋuit-se 'ċáine tá'n ċnó 'gus an t-áirne
A's iad ag fás ann ameasg na súġ craoḃ ;
Tá 'n eilit 'sa clann ag súgraḋ ins a ngleann ann
An broc agus an míol buiḋe;
Tá bainḃ ag an gcráin ann, tá searaċ ag an
[láir ann,
