2
AN GAOḊAL
Agus leanḃ ag an mnaoi;
Tá na bric ag éirige 'n áirde ann,
'San aḃain ag dul le fánaḋ,
'S naċ mór an tuar sláinte ḃeiṫ i nDoir UiḂriain
Úna.
Naċ aoiḃinn 's naċ aeraċ ṁolas tú na sléiḃte
'Sgan niḋ ar biṫ 'san réim sin aċ talta fraoiġ.
Ní bíonn anairt no bréid ar ṁargaḋ no ar aonaċ
A Ċleachtamar féin againn síos ins an tír;
Dá mbeoḋ agaiḃse ċaoraiġ 's iad ḃeiṫ gan eugaḋ,
Ḃeoḋ 'n sionnaċ 'sa leiṫe d'a scapa ar gaċ taoḃ,
'Sgur duine ḃeoḋ gan ċéill a ṫógfaḋ ḋó féin,
Ḃeiṫ casgarṫa 'sna sléiḃte úd Ḋoir' Ui Ḃriain
Sémus.
Is aoiḃinn an niḋ do ḃeiṫ mí na Bealtaine
I ngleantaiḃ áluinn seo Ḋoire Ui Ḃriain —
Bíonn feur fada 's fásaċ 's ceann'ṁáin ḃána ann
'S bionn luaċra níos feárr ná in áit eile sa tír,
Ó ṫiocfas ráiṫe 'n t-saṁra bíonn rinc 's báire ann
'San fear ḃeoḋ fáġail ḃáis d'éireoċ sé ina ṡuiḋe.
Fan ṫusa i m' ḟarra 's taḃarfa mé 'm láiṁ ḋuit
Aon ṗiġinn aṁáin cís ní íocfaḋ tú go bráṫ.
Úna.
An tráṫ ṡeasaim amuiġ ar ḃárr an t-sléiḃe
Cuirim osna 's ceud amaċ dem' ċroiḋe,
A's le cuṁa in a ḋiaiġ sin d'ḟás neascóid ċléiḃe
Os cionn mo ċroiḋe séiḃ atá 'nois 'g a ċlaoiḋ';
Agraim-se féin Críost, mac an Dé ḋileas
Nár ḟágaiḋ mé 'n saoġal a's nár eugaiḋ mé ċoiḋ'
Go mbéiḋ teaċ agam féin arís go seunṁar
Ar ċnocáinín aeraċ éigin ṡíos ins an tír.
Sémus
Ċaiṫ mé trí ráiṫe ar Ċloċán-an-ráiṫín,
Ag an Áiṫín taoḃ amiuġ de Ċill-ċríost;
An tráṫ ṗós mise Úna, ṫiteas i g-clampar,
Ċaiṫ mé ráiṫe 'n t-saṁraiġ suaiḋte 'san dliġeaṁ
Nuair naċ ar foġnaḋ atá sé dul ḋaṁ-sa,
Seaċfad mo ġaḃaltas a's íocfad mo ċíos,
Is raċfaiḋ mé arís go tír úd na h-óige
Ameasg mo ṡean ċoṁarsan i nDoire Ui Ḃriain.
Úna.
A Ṡéamuis ó na páirte, fan féin go lá liom,
A's tarruiġ liom a feuċaint Antoine, a ċroiḋe;
Aiṫris ḋó go páirteaṁuil go ḃ-fuil tú gan árus,
Teaċt oiḋċe Ḃealtaine gan áit ar biṫ san tsaoġal
Má tá in sin an t-áġ orrainn, tá'n fear an ġrás¬
[aṁuil
Taḃarfaiḋ sé ḋúinn árus ṡíos ins an tír,
'S gur míle feárr a ġeaḃṫas tú do ṡláinte ann
Ná ḃeiṫ cascarṫa 'sna sléiḃtiḃ sin Ḋoir' Ui Ḃriain.
