AN GAOOAL.
3
The following song was composed by the celebrated Poet Richard
Barrett over 100 years ago, in praise of a lady named Rose Gambell
who lived in a place called Tón na Ṫoltuiġ, about a mile south-west of
Teaċ ṁic Maṫion Érris.
DILLON J McCORMICK,
aríst i
Aḃráin an Iarṫair.
t-séiṁ.
h-
RÓISE ĠEAL TÉIḂ, INĠEAN ṪANRAOI.
I.
Guiḋim féin ó ċroiḋe air maidin 'gus ins a n-oiḋċ'
An t-Aṫair agus Riġ na ngrása,
Ġráḋuiġ mar an laoiġ, ċeannuiġ muid go daor,
Agus a d'ḟulaing dúinn ar ċrann na páise;
'Ṁuire ṁór agus Ḃriġid na n-aingeal agus na naoṁ,
Ṫóig seilḃ ar an Riġeaċta naoṁṫa,
Le críonnaċt ban an t-saoġail í ligean in a suiḋ',
Agus le biseaċ ṫabairt ḋí air a sláinte.
II.
Ṫug mé gráḋ d'a beul, buḋ binne ná guṫ teud —
Ġuiḋ mé Muire, agus í bpian an uair sin —
An dára graḋ d'a taoiḃ — buḋ ġile ná clúṁaċ eun
Agus ná ḃfacaiḋ mé go 'n aol ḃuailte:
An tríoṁaḋ gráḋ ṫug mé — ní'l ó ḟlaiṫeas Dé,
Mar ḃí ag an sgeul úd, dar liomsa —
Mar ḃfáġainn faill oiḋċe nó lae cead síneaḋ le n-a taoḃ
Mo Róise Ġeal téiḃ, inġean Ṫanraoi.
III.
Leabaiḋ imirt agus ól, aiteas agus spóirt,
Ní'l againn aċt brón agus eugcaoin,
Aċt fanaiġiḋ go fóill — páirt tursa 's deunaḋ bróin,
A ċuisle agus a stór, leis an aiṫriġe ḋeunaḋ;
Tá na boiċt a dul róṁat faoi ṫursa 'gus faoi ḃrón
Sileaḋ na n-deor agus ag geur ġol, —
Aċt ḃ-fuil go airgead & go ór fé'n doṁan & san Euróip,
Ḃeurfainn as biseaċ ar a sláinte.
IV.
Ní 'l siollaḋ as beul, nó seinim ar ṫeud,
Ní 'l cruinniuġaḋ ann, aer nó daṁsa;
Tá na cailíniḋe gan gleus a leig ag gol 'sa g-eug
Go aṫtorsa n-diaiġ a g-ceannfuirt;
Gaċ buaċaill láiṁe treun ċaṫaḋ a ċloċ agus a léim,
Tá na seandaoine lán de scannraḋ,
'S gan an rúd a lig go léir, aċ mar ġeall ar an méin,
Ḃí ag Róisa Ġeal téiḃ, inġean Ṫanraoi.
V.
Tá dúḃċan ar an spéir, ar an n-gealaiġ 's ar an gréin,
Is tá 'n ḟairge go léir ag gárṫaoil —
Ní 'l seamuid ar biṫ féir, fás aníos as cré,
S' tá cúrsa 'n t-saoiġil ar ti ḃeiṫ aṫruiġṫe;
Tá eunlaiġ 'n aeir tuitim, agus gaḃail a n-eug,
'S gan focal as a m-beul aċ aṁgur,
'S o cruṫuiġeaṁ Áḋaṁ & Euḃa ba léiṫe 'n cliú & 'n sṁaḋ
Mo Róise Ġeal téiḃ, inġean Ṫanraoi.
