ċo diṫċiollaċ i saoṫar a cosanta; ḃí
an fios ceudna ag na Gallaiḃ & sin é
'n fáṫ ar ċrosadar fomailt na tean¬
gan in Éirinn. Agus sé 'n fáṫ ceudna
a ḃrosduiġeas leas-Éireannaiġ indiu
ċum gaċ niḋ in a g-cumas do ḋeunaḋ
anaġaiḋ na teangan — anaġaiḋ a laḃ¬
arṫa 'n Éirinn. Cáide 's d'ḟeudadar
i ċur in iúil do ḋaoiniḃ neiṁeolaċ na
h-Éireann go mbuḋ teanga ṡuaraċ, ís¬
iol an Ġaeḋilig & nár laḃair aċ daoin¬
e suaraċ, ísiol í, b' urras díoḃ a leon¬
aḋ. Aċt, anois, go ḃ-fuil sí d'a foġ¬
luim le uaisliḃ na cruinne, ní eugfaiḋ
sí nó go seasfaiḋ 'n t-Aingeal ar an g-
cnoc os cionn Gleann mór Iosaṗait
séideaḋ a stoic ag fuagraḋ deireaḋ
an t-saoġail & ag glaoḋaċ an ċineaḋ
daonda ċum ḃreiṫeaṁnais [an ġárṫa
mór ⁊ buala bos ].
daiṫeasc, eloquence.
roill, perforate,
fomailt, use.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
"B' ḟéidir go ḃ-fuil dúil aige a ḃeiṫ
dearcaḋ uirri," ar guṫ eile.
"Agus dá mbeiḋeaḋ ḟios ag an am¬
adán go raḃ luiḃ a fás suas le n-a
ḋorus féin, agus a ḃruiṫ 's a ṫaḃairt
ḋí, 's ḃeiḋeaḋ sí slán," ar guṫ eile.
"'S fíor ḋuit sin."
"Is amadán é."
"Ná boḋaruiġ do ċeann leis, béiḋ¬
míd ag imṫeaċt."
"Fágfamuid an bodaċ mar tá sé."
Agus leis sin d'éiriġ siad suas ins
an aer, & amaċ leo in aon ruaille-buail¬
le aṁáin mar do ṫainic siad, & d'ḟág
siad Goillís boċt ina ṡeasaṁ mar
fuair siad é, & a ḋá ṡúil dul amaċ as
a ċeann ag dearcaḋ ina ndiaiġ, & ag
deunaḋ iongantais.
Níor ḃ'ḟada ṡeas sé gur ḟill sé ar
ais & é ag smuineaḋ ina ċeann féin ar
an meud do ċonairc sé & a ċualaiḋ sé
& ag cuiṁniuġaḋ leis féin an raḃ luiḃ
dáríriḃ ag a ḋoras féin do ḃéarfaḋ
ar a's a caint d'inġin an Riġ. "Ní féi¬
dir," ar sé leis féin, "go n-innseoċaḋ
siad dam é dá mbeiḋeaḋ aon éifeaċd
ann, aċ b'ḟéidir nár ṫug an tsiḋeog
aire ḋó féin nuair leig sé an focal
do sgiorraḋ amaċ as a ḃeul. Cuar¬
tóċaiḋ mé go maiṫ ċo luaṫ a's éireoċ¬
as an ġrian má tá aon ṗlannda aċt
foṫanáin & cupóga ag fás le h-ais an
tiġe."
Ċuaiḋ sé a ḃaile, & ċo tuirseaċ a's
ḃí sé níor ċodail sé neul no gur éiriġ
an ġrian an lá ar n-a máraċ, & d'éiriġ
sesean, & buḋ h-é an ċeud rud do
rinne sé do ḋul amaċ & cuartuġaḋ go
maiṫ ṫríd an ḃfeur ṫart timċioll an
tiġe, ag feuċaint an dtiucfaḋ leis aon
luiḃ nár aiṫne sé ḟáġail; & go deiṁin
ní raḃ sé i ḃfad ag cuartuġaḋ nuair
ṫug sé luiḃ ṁór aisteaċ faoi ndeara,
do ḃí fás suas go díreaċ le binn an
tiġe.
Ċuaiḋ sé anonn ċuige, & ḃreaṫnuiġ
sé go geur air, & ċonnairc sé go raḃ
seaċt g-craoḃa beaga ag teaċt amaċ
as an ngas, & go raḃ seaċt nduilleoga
ag fás as gaċ craoiḃín aca, & go raḃ
súġ bán ins na duilleogaiḃ.
"Is ró iongantaċ é," ar sesean, "naċ
dtug mé an luiḃ seo faoi ndeara riaṁ
roiṁe seo. Má tá míorḃuil i luiḃ ar
biṫ buḋ ċóir dó ḃeiṫ ins an luiḃ iong¬
antaiġ so."
Ṫarraing sé 'n sgian amaċ & ḃain
sé an plannda & d'iomċair sé as¬
teaċ inn a ṫeaċ féin é, & ḃain sé na
duilleoga ḋe, & ġeárr sé suas an gas,
& ṫáinig súṫ tiuġ bán as, mar ṫagann
as an ḃfóṫanán-mín nuair bruiġṫear
[Le ḃeiṫ leanta]
Rev. Fr. John J. Caroll, St Thos
Church, Chicago, preached, in Irish
as usual, on St Patrick's Day. The
sermon has been printed in pam¬
phlet form, with liberal translation
Now is the time for every Irish¬
man to help in the distribution of
Irish literature. — Distribute THE
GAEL, which costs but little.
