AN GAOḊAL
15.
Príór go fada ar ḃrón na d-tuismiġ¬
ṫeór, ar claonaḋ do ḋeáġ-oibreaċaiḃ,
ar ṗlúr na féile ag fás i g-croiḋe an
ṁic do cuṁaiġeadar, noċ teagasg¬
ṫa go maiṫ, do ḃéarfaḋ níos maille
na torṫa sgiaṁaċa de ċarṫanaċd.
'Néis so do ċas an t uaċdarán de'n
ṁainistir dá ċeall & do smuain sé ar
an mórḋálaċd taisbeánta ar an t-aḋ¬
lacaḋ & beagan mar an g-ceudna ar an
oráid laḃarṫa. "Go deiṁin ní raiḃ sí
ro olc," ar sé, re taiṫneaṁ ceilte
"do ṡaor mé ḋí, fós ba ḋeacair é re
áḋḃar ċoṁ tearc,'
Aċd ar ṁoṫuġaḋ an ceo so dioṁaoi¬
nis ag éiriġ, ḋeiṫfriġ sé dá ċosg, ag os¬
nriġil go doiṁin. Do ṁuċ lionduḃ do-
laḃarṫa a ċroiḋe. Ceana, doṁoṫuiḋ-
sé an duḃrón ceudna ar feaḋ na seir¬
ḃise ḋiaġa, aċd feuċ tig sé d'a ċráḋ¬
aḋ arís. Go prap ċráḋaiḋ smuainte
uaṫḃásaċa a inntinn ar an ċineaṁuin
ṡíorruiḋe do Luitpold. Ca h-áit ann
a ḃ-fuil an t anm so? d'iarr an Príór
i g-cráḋ. A Ṫiġearna, glac truaiġe
air! & cromṫa faoi ḃuille miċiúinis
neiṁ-miniġṫe, do ċuir é fein ar a ġlúi¬
niḃ leis an ṗaidrín do ráḋ, ar mbéiṫ
faoi ḋearmad dó an suaiṁneas d'ḟa¬
ġail dar easḃaiġ sé coṁ mór, & ṫionsg¬
naiḋ sé an coróin-muire d'airiseaḋ.
Air an móimid so bualaḋ buille ar
an dorus; buille geur, garḃ. Cia a d-
tig leis a ḃéiṫ bualaḋ ar an uair ṁall
so?" ar sé. Is meaḋon oiḋċe é. Is
fada é gur treóraiġ me na manaiġ d'a
g-ceallaiḃ. Aċd naċ ḃ-fuil sé 'na ṁear¬
ḃal, níor ḃuail duine ar biṫ, oir buḋ
ċóir dom "benidicamus domino'' eisde
aċd, noċ orduiġeas ar riaġal, an uair
buailiḋ duine ar biṫ ar doras an Ṗrí¬
óir; & aṫġlac sé airise na coron-mui¬
re. Aċt ḃuaileaḋ buille 'n dara feaċd.
d'éiriġ suas an craiḃṫeaċ.
Sul ráinic sé dorus a ċille, d'ḟos¬
gail sé é féin: ṫáinic ḋá ṗearsain is¬
teaċ. Go sostaċ, ċuireadar iad fein,
[Le ḃeiṫ leanta]
Send 60 cents for the Gael for one
year. — Do your part as an Irishman.
Mo Ġráḋ Do Léim A Ṡean Ḃéim
Ċéaċta, le Mac An Oiḋre.
Nuair a ḃiḋeas am ġarsúinin beag
'san ḃaile i d-tiġ m'aṫar i n-Éirinn,
ṫainic fear boċd ċugainn a ḃí d'iarraḋ
déirceaḋ, & d'iarr sé féisteas oiḋċe
orrainn, & fuair é; ḃí sé ar leaṫ-ṡúil,
& d'iarr m'aṫair air (tréis a ṡuipéir
d'iṫe), cad a ḃris a ṡúil; is so mar
a duḃairt sé, —
"Nuair a biḋeas am ḃuaċaill óg, do
ḃios i ngráḋ le Péig ni Ċeallaḋ, cailin
deas triopalaċ, inġean ṫionontaiḋ Ṫo¬
máis ui Ċróinin a ḃí ann a ċoṁnuiḋe
le h-aiceaḋ Ċílliaṫ, & is minic do ċuir¬
eas aisdear orm féin ag dul d'a feuċ¬
aint; ce gur mionca naċ teiḋinn aċ an
raḋarc a tiġe ḃíos fáiteaċ, mánta, 's
náireaċ a d-taoiḃ a ḃeiṫ ag dul an ċo
miniċ. An tráṫ ud ar na ḃ-fuilim ag
tráċt ḃiḋeas am fear oibre aige Uill¬
iam ua Néill, & an lá roiṁ sul do ḃris¬
eas mo ṡúil, ḃíomar ag cur an aiṫċre
léis na potáite, & ḃí cuid de mo ċoṁ-
scláḃaiḋṫe ag magaḋ 's ag gáire fúm
i d-taoḃ mo ṡimpliḋeaċt o'm ṁioncaḋ¬
aċt do ṫráċtainn rir Ṗéig ni Ċeallaḋ.
Duḃairt fear dioḃ, 'Tá 'n rae lán a
noċt, 's muna raċair d'a feuċaint
caillfir a gráḋ'; ar-sa fear eile dioḃ,
'na ṫeiḋire a ċlaḋaire no fuaideoċaiḋ
an sluaiġ siġe ċum siuḃail ṫú, mar is
sí oiḋċe 'n ḃáire ċomórtáis a ḃiḋeann
idir Siġeóga Lios na Móna & Lios na
Gréine; & sin é a g-cosán siġe, soir i¬
dir ṫeorain an dá ḃaile.' Tar éis scur
dúinn d'ḟanas ar an g-cinnḟearan, mar
ḃíos beartaiḋṫe ar ḋul a cuairt go d¬
ti mo ċailin an oiḋċe sin. Leis sin duḃ¬
airt, 'fanfad-sa ann so no go ḃfeic¬
fead na siaḃraiḋṫe ag imtheaċt ṫorm.
Ċonnarc mé béirt do's na buaċailliḋe
a riġineacáil a n-diaġ an ċuid eile, &
a faire orm féin. Léimeas anairde ar
an g-cloiḋe, i g-cóir iad do ṁeallaḋ,
mar léigeas orm go raḃas le fanaṁ¬
aint mar a duḃairt, 's do luiġeas síos
ar an g-cloiḋe 's ṫuiteas dom ċodla;
nior ḃ-fios dom cáid ḃíos am coḋla
