AN GAOḊAL.
17
The following from Mr. Joyce, a new contributor, is interesting.
A Ṡaoi Ḋílis, — Timċioll ċúig ḃliaḋana deud & trí fiċead ó ṡoin, nuair
a ḃí na pratastúin a deunaḋ an teampull Gallda i g-Cill-Runáin, Árainn Ṁór
Condae na Gaillime, Éire, ċuir árd-ṁaor na dúiṫċe fios ar Séamus Ó'Con¬
ċaḃair, file na h-áite, & duḃairt leis go d-tiuḃarfaḋ sé cnagaire talṁan ḋó,
gan cíos, cá ḟaid a's ṁairfeaḋ sé, & an culaiḋ eudaiġ i b'ḟearr i nGailliṁ ar
ċuntar go ndeunfaḋ sé dán a molaḋ an ċreidiṁ Pratastúin & cáineaḋ an
ċreidiṁ Caitiliceaċ, & an dán a ráḋ i láṫair an ċruinniuġaḋ anuair ḃeiḋeaḋ
an teampull d'a ḃeannuġaḋ. Duḃairt Séamus go ndeunfaḋ sé sin. Nuair ḃí
an teampull críoċnuiġṫe & na Jumpers aluig cruinniġṫe le é ḃeannuġaḋ, (slán
an t-saṁuil), d'éiriġ an maor suas & ṫug sé seal cainte ṁóir dóiḃ & duḃairt
gur ṡíl sé naċ ḃ-facaiḋ sé aon trioblóid i ndaoiniḃ boċda na h-áite d'iampó ó
an droċ ċreideaṁ do ḃí aca do'n g-creideaṁ pratastúin, & go rabh príoṁḟear
na h-áite aca ċeana sé sin an Fille Séamus O'Conċaḃair, a ḃí láṫair, & tiúḃ¬
arfaḋ dán dioḃ a molaḋ an ċreidim pratastúin.
Do ṫosuiġeadar aluiġ ag buala bos & ag glaoḋaċ ar Ṡéamus. D'éiriġ
Séamus suas & ṫug ḋóiḃ an ċeud ḋá fearsa da'n dán so a leanas. Nuair a
ċualadar an dá fearsa rugadar air & ċaiṫeadar amaċ é.
Steafán L. Seoiġeaċ.
Vide
Nuaiḋeaċt
Tuama
1890.
Ċuir mé
iomlán an dáin seo
ċuig "An Claiḋeaṁ
Soluis. Gionḃar 1913.
D. Ó M.
Ní ṡílim gur
cuireaḋ le cloḋaiḃ
e.
Vide
Timiriḋe an
croiḋe naoṁṫa
Earraċ 1913.
DÁN ṠÉAMUIS Ui ĊONĊAḂAIR
Dá ḃ-fáġainn-se féin culaiḋ eudaiḋ
A mbeiḋeaḋ ór air silt léiṫe
As uċd dán a ḋeunaḋ
A molaḋ an ċreideaḋ Gall,
As ní ġeoḃfainn ó ma ċlaonta
Slioċd Lútair ṁolaḋ ar aon nós
A d'iompuiġ ar an láiṁ ċlé
Agus do ṫréig mac na ngrás.
Nár ḃ-fánaċ an toraḋ doṁ-sa
Tráṫ m' anam ḃeiṫ d'a sciúrsaḋ
Cnagaire de 'n dúiṫċe ṡiúd
Air ċúntar dá ḃ-fáġainn
As uċt mo ċreideaṁ a ṗlúċaḋ
Mar ḋeunfaḋ mada dúḃċais
Agus a ḃeiṫ arís go cúṁaṁar
Lá an ċuntais a ṫaḃairt ann.
A ṗeacaiġiḋ na síliġiḋ
Gur siolruġ mar na daoineaḋ
Do rinne an leanḃ Iosa
Fuair aoiḃneas na n-grás,
Mar ċaiṫ an t-Aṫair naoṁṫa
De ḃliaḋantaiḃ ċeiṫre ṁíle
Le fiaḋaċ glan a ḋeunaḋ
Le a ċoiṁead trí ráiṫe.
Sí Muire an ḃean nár smaoiniġ
