AN GAOḊAL
35
Tiocfaiḋ an ḟaill gan aṁrus dúinne,
Uair a's tráṫ ar saoirse, béiḋ
Gaċ deaġ-ḟear fa arm 'n a ċuainne
'Troid go dána, calma, réiḋ.
Troidfiḋ siad 'n a ḃfearaiḃ treuna;
Troidfiḋ siad 'n a laoċraiḋiḃ groíḋe;
Troidfiḋ siad fá ġaṫ na gréine;
Buailfiḋ siad ar nám gan sgiṫ.
Sginnfiḋ laoċraiḋ groíḋe ar dtíre
Cosṁuil leis an Sionnain ṁóir,
Leagfaiḋ siad gaċ bac go síorruiḋe;
Iomaideóċaiḋ siad ar nglóir,
Bearfaiḋ siad ar ais ar saoirse —
Duais ar nDé do goideaḋ uainn —
Cuirfiḋ siad ar gcúl ar ndaoirse,
Stróicfiḋ siad luċt ċam na cluain'.
DO M' STÓIRÍN SHÉIṀ,
Leis an nGaḃar Donn.
Is tú mo rós, a stóirín ṡéiṁ!
D'ar ṫugas gráḋ mo ċroíḋe;
Is tú glan-ġáirdeaċas mo ċléiḃ,
Ar gaċ láiṁ — deas a's ċlí.
Is tú mo líl is deise cruṫ
Oċ! gan mé nois led' ṫaoiḃ!
Do láṁ am' láiṁ-se fáisgṫe 'dluṫ
A bláiṫ ḃreáiġ ḋeis ó 'n gcraoiḃ!
Is ċú mo ṡolus beo ó neaṁ,
Gan tú béiḋ duḃ mo speur!
'S tú plúr a's uaċtar de na mnáiḃ!
Mo ṡólás tú go léir!
Mar ḋrúċt ag dríṫleaḋ ar an ḃfeur
Atá do ṡúile deas' !
Is dilse liom aon lúiḃ do ṁeur
Ná 'n doṁan gíḋ mór a ṁeas !
'Nois, éist lem' ġuiḋe, a róis! a líl!
A ġáirdeaċais! a ḃláiṫ !
A ṡoluis, a ṗlúir, a's uatair ḟiail!
A ṡóláis saor ó ċráḋ!
A's taḃair ḋam gráḋ do ċléiḃ, a rúin!
'S é 'n bronntanus is mó
A iarraim ort anois, a uain!
A's béiḋead-sa leat go deo!
