taċ, eudtrom, & do ḃí sé an lá sin; &
ḃí sé fíor-ċinnte gurab é an deoċ d'ól
sé do rinne ċo croiḋeaṁuil é.
Nuair a ṫainic sé go dti an teaċ
fuair sé an sagart & an óig-ḃean as
tiġ, & ḃí iongantas mór orra cad é 'n
t-áḋḃar naċ dtainic sé ar cuairt ċuca
le ḋá lá.
D'innis sé a sgeul & an nuaiḋeaċt
dóiḃ, & duḃairt sé go raḃ sé cinnte go
raḃ bríġ ṁór annsan luiḃ sin, & naċ n-
deunfaḋ sé aon doċar do'n ṁnaoi-ua¬
sal, mar d'ḟeuċ sé féin é, & fuair sé
maiṫ as, & in sin ċuir sé d'ḟiaċaiḃ uir¬
ri a ḃlaiseaḋ, mar ṫug sé a ṁóide & a
ṁionna naċ raḃ aon urċóid ann. Ṫug
an sagart congnaṁ ḋó, & eatorra
fuair siad buaiḋ ar an óg-ṁnaoi agus
ṫaisbeán sí go raḃ sí toilteanaċ le n-
ól.
Ṡeaċaiḋ Goillís an cupán di, & d'ól
sí a leaṫ & in sin ṫuit sí ar a leabuiḋ ⁊
ṫainic codlaḋ trom uirri & níor ḋúis¬
iġ sí ó 'n gcodlaḋ sinn go dti an lá ar
na ṁáraċ.
Ṡuiḋ Gollís & an sagart suas léiṫe
iomlán na h-oiḋċe sin, ag fanaṁuint
no go ndúiseoċaḋ sí, & iad eidir dóṫ¬
ċus & eudóṫċus, eidir súil le n-a slán¬
uġaḋ & faitċíos faoi n-a gortuġaḋ.
Ḋúisiġ sí fa ḋeire nuair ḃí 'n ġrian
imṫiġṫe leaṫ a bealaiġ annsan spéir.
Ċuimil sí a súile & ḋearc sí mar
ḋuine naċ raḃ ḟios aici cad é an áit
a raḃ sí. Ḃí sí cosaṁuil le duine air
a raḃ iongantas nuair ċonnairc sí
Goillís & an sagart annsann seomra
léiṫe, & ṡuiḋ sí suas ag deunaḋ a
díṫċill a smuainte ċruinniuġaḋ le ċéi¬
le.
Ḃí 'n ḃeirt ḟear in aṁras mór ag
fanaṁuint no go ḃfeicfidís an laḃró¬
ċaḋ sí, no naċ laḃróċaḋ, & nuair d'ḟan
siad in a dtosd le cúpla móimid dúḃ¬
airt an sagart léiṫe i ḃFraincis, "Ar
ċodail tú go maiṫ a Ṁáire?" agus d'
ḟreagair sise 'san d-teanga ċeudna,
"ċoḋlas, go raḃ maiṫ agad."
Ní luaiṫe ċualaiḋ Goillís í ag caint
ná ċuir sé sgread luṫġáire as, & riṫ sé
anonn ċuici & ṫuit sé ar a ḋá ġlún &
duḃairt sé,
"Míle buiḋeaċas le Dia do ṫug an
ċaint air ais duit! a ḃean-uasal mo
ċroiḋe laḃair liom.
Do ṫuig an óig-ḃean maiṫ go leor é
mar ḃí si ag éisteaċt le Gaeḋilge d'a
laḃairt gaċ lá ó ṫainic sí go h-Éirinn,
aċ mar ḃí sí balḃ go dti sin níor ḟeud
sí oiread & aon ḟocal di a ráḋ, agus
d'ḟregair sí é i ḃFrancís, & duḃairt
sí gur ṫuig sí gurab' é féin do ḃruiṫ
an deoċ sin di, & do ṫug di í, & go raḃ
sí ḃuiḋeaċ de óna croiḋe, air son an
ċineáltais uile ṫaisbeán sé ḋi, ó ṫainic
sí go h-Éirinn ar dtús & go dtiucfaḋ
leis a ḃeiṫ cinnte naċ ndearmadfad
sí a ċineáltas go bráċ.
Níor ṫuig Goillís oiread as focal
d'a raḃ sí a ráḋ, & nuair ċuir an sag¬
art i n-iúl dó é, ḃí sé i rioċd ḃáis le
sásuġaḋ-croiḋe agus le luṫġáire.
Tugaḋ biaḋ asteaċ ċuici ann sin, & d'
iṫ sí le goile maiṫ & ḃí sí súgaċ meaḋ¬
reaċ, & níor sguir sí d'a caint leis an
sagart ar fad as ḃí sí ag iṫe, aċ níor
ṫuig Goillís aon ḟocal d'a g-cóṁráḋ, &
ḃí brón mór air gan a ṫuigsint.
Ċo minic & d'ḟeucfaḋ an ḃean-uasal
óg le rud ar biṫ d' innsint ḋó, b'éigin
dó a ċeann a ċraṫaḋ mar amadán, &
ann sin ḋeunfaḋ an rógaire sagairt
gáire faoi, & ní ḟeudfaḋ an ṁaiġdean
óg í féin ċongḃáil ó ġáire, ar uairiḃ, &
ċuir sin mio-ṡásuġaḋ mór ar Ġoillís
boċt.
Ċuaiḋ sé air ais d'a ṫeaċ féin go
luaṫ, & ṡín sé é féin ar a leabuiḋ ⁊
ṫuit sé in a ċodlaḋ arís mar nach raḃ
briġ na luiḃe caiṫte fós & ċaiṫ lá agus
oiḋċe eile in a ċodlaḋ. Nuair ḋúisiġ
sé in sin ċuaíḋ sé anonn go teaċ an t-
sagairt & fuair sé go raḃ an óig-ḃean
uasal ins an stáid ċeudna, & go raḃ
sí in a codlaḋ, beagnaċ ó d'ḟág seis¬
ean an teaċ.
Ċuaiḋ sé aseaċ leis an sagairt & ḃí
siad ag fanṁuint anaice léiṫe nuair
ḋúisiġ sí an dara h-uair, agus ḃí a
