AN GAOḊAL
37
a caint aici ċo maiṫ & ḃí sé ariaṁ. Ḃí
luṫġáir ṁór ar Ġoillís.
Ċuir an sagart biaḋ ar an mbord
d'iṫ siad le ċéile, & ḃí Ġoillís boċt ins
an gcaoi ċeudna in a raiḃ sé roiṁe
sin. Níor ṫuig sé focal, & ḃí náire
ṁór air.
"Ná cuir aon tsuim in sin," ars an
sagart, "tá sí foġluim Gaoḋailge gaċ
uile lá, & ní fada go dtiucfaiḋ léiṫe
a laḃairt ċo maiṫ leat féin."
B' ḟíor do'n t-sagart é sin; & sul
d'ḟág Goillís an teaċ laḃair an ṁaiġ¬
dean uasal níos mó ná aon ḟocal a¬
ṁáin Gaeḋilge, & ṫuig sí uile rud do
ḋéarfaḋ Ġoillís.
Ṫainic Goillís ó lá go lá do'n teaċ
& ḃí sí ag éiriġe níos tapa in a laḃairt
gaċ lá, & ḃí an carṫanas eatorra ag
meuduġaḋ, mar naċ raḃ duine ar biṫ
aici a laḃróċaḋ léiṫe aċ Goillís & an
sagart, & b'ḟeárr léiṫe Goillís.
B'éigin dó innsint dí an ċaoi do ḃí
sé ins an ráṫ nuair ṫainic na daoine
maiṫe, & mar ċuaiḋ sé asteaċ do'n
Ṗápa, & mar ṡéid an tsiḋeog an teine
as a ḃeul, & gaċ h-uile rud do rinne sé
go dti an t-am d'ḟuadaiġ na daoine
maiṫe leo í, & nuair ḃiḋeaḋ sé uile
inniste, b'éigin dó tosusaḋ air arís
ar an nuaḋ, agus ní raḃ sí tuirseaċ a
riaṁ ag éisteaċt leis.
Nuair mar sin le leiṫ-ḃliaḋain duḃ¬
airt sí naċ dtiucfaḋ léiṫe fanaṁuint
níos suide gan a ḋul ar ais d'a haṫair
& d'a máṫair, go raḃ sé cinnte go raḃ
brón mór orra fúiṫi, & go mbuḋ náire
ṁór dí é, d'a léigfeaḋ sí i mbrón iad,
nuair a ḃí sé in a cumas dul ċo fada
leo.
Rinne an sagart gaċ h-uile rud d'
ḟeudfaḋ sé le na congḃáil léis féin
seal eile, aċ gan éifeaċt; & laḃair
Goillís gaċ focal milis do ṫainic in a
ċeann ag iarruiġ buaiḋ d'ḟáġail uiri &
súil le n-a breugaḋ & le ioċal a ċuir
uirri fanaṁuint mar ḃí sí, aċ ní raḃ
maiṫ ḋó ann Ċuir sí róimpi triall
& níor ḟeud duine beo a rún aṫruġaḋ
(Le ḃeiṫ leanna)
GORTSREAṀA
Cúigeaḋ lá fiċead Iuile, 1897.
Do 'n t-Saoi M. J. O'Lóċáin.
A Ċara Ionṁuinn :
Is dóiġ go ḃfuilim anns na leaḃraiḃ
duḃa agad a dtaoiḃ nár ċur mé sgeul
ar biṫ ċugad le tamall fada.
Aċt ní raiḃ leiġeas agam air; ní
ṫaḃairfinn le ráḋ go gcuirfinn leitir
eile uaim gan an Gaoḋal do ġlacaḋ —
ní ḋéarfad tuile 'nna ṫaoḃ. An té
naċ ḃfuil a ṗóca do réir a ṫola aige
caiṫfiḋ sé fanaċt go dti go mbéiḋ ;
air an áḋḃar sin, cuirim ċugad dolar
fiaċaḋ an Ġaoḋail go ceann bliaḋna, &
iarraim do ṁaiṫeaṁnas a dtaoḃ na
failliḋe, & geallaim naċ mbéiḋ mé féin
& an Gaoḋal astránaċ air a ċéile 'rís
ċo fad as ḃeiḋ mo ṡláinte agam ċum
a luaċ do ṫuileaṁ.
Dála na sgoile ċuirmuid air bun deur¬
fainn go ḃ-fuil sí beo ḃoċd, mar naċ
ḃfuil na daoine ag taḃairt an aire
ċeart dí. Goireann na tírġráḋṫoer¬
iḃ uinntir Iarr-Ḃreatain air na
h-Éireannaiḃ seo naċ gcuireann suim
iona dtír féin, aċt goirmse rudaiḋe
suaraċ orra go h-uile (aċt an fíor
beagán atá ag oibriuġaḋ do'n teanga
Gaeḋilge) oir is ag aiṫris air Sagsan¬
aiġe 'tá siad uile, 'Nuair buḋ ċóra
dóiḃ do ḃeiṫ ag deunaḋ a ndiṫċill
ċum gaċ nós Sagsanaċ ċur síos, is a¬
ṁail atá siad ġ'a dtógḃáil mar ṡom¬
plaiḋe. Ní'l aon niḋ is túisge ċuir¬
feaḋ ar gcúl na bóiṫre 'tá deunta a
dtír-ġráḋ Éireannaċ 'ná teanga na
tíre, agus 'nuair is luaiṫe ṁusglas
na treoruiġṫiḃ do'n ḃfírinne sin seaḋ
is feárr d'a dtír é.
Ní ḃóḋarfaḋ mé níos mó ṫú anns
an am seo, aċt cuirfiḋ mé aḃráin ċug¬
ad 'san gceud leitir eile
Ag guiḋe do'n teang Ġaeḋilge,
Fanaim go fíor,
Pádruig F. Ó h-Égearta.
