38
AN GAOḊAL
An Ġaeḋilge Ḃí in Éirinn Ġlas na mBeann,
le Maitias Ua Guairiam, Deas Ḃostuin.
Fonn — Péarla an Ḃrollaiġ Ḃáin.
Ċonnairc mé talaṁ na h-Éireann
Ó ṫaoḃ go taoḃ agus lár ;
Ṡiuḃal mé soir 's siar é,
Eidir sléiḃte 's taoḃ na tráiġiaṁ :
Tráṫ ṡaltrias air fóid Éireann
Ṫug mé do'n Ġaeḋilge gráḋ,
'S innte míniġeaḋ teagasg Dé ḋom
in Éirinn ġlas na mbeann
Tnúṫuiġim le ḃeiṫ árd-léiġeanta,
Aċt tá mo óide failliġeaċ, mall,
Anois ní Fraincis tá mé 'g iarraḋ,
No Sacsḃeurla britaċ Ċlann-na Gall
Ní ḃfuil an Eaḃrais uaim ná 'n Ġréigis,
Giḋ gur caiṫréimeaċ é gcáil,
Aċ mo ḋian ġráḋ an ḃinn Ġaeḋilge,
Ḃí in Éirinn ġlas na mbeann.
Sí an oige seoide an tsaoġail seo,
Agus cuiṁniġim air an am
'Nuair ḃí sí 'gus mise in aoinḟeaċt
Siuḃal le ċéile lán de ġreann ;
Aċt buḋ deifireaċ do ṫréig sí mé
Óir ḃí ciaméar 'nna ceann
Fáṫ nár ḋíbireas uaim an Ġaeḋilge
Ḃí in Éirinn ġlas na mbeann.
Laḃraim an teanga Ġaoḋalaċ
O d' ḟágaiḋ mé an cliaḃán,
Is cuma liom cia 'n tír no riġeaċt
Air fud an t-saoġail a mbéiḋ mé ann;
No go sínnear síos 'san gcré mé,
Agus liagán le mo ċeann.
Ní ṫréigfeaḋ mise an Ġaeḋilge
Ḃí in Éirinn ġlas na mbeann.
Is dearg í an ċaoir ċaorṫann
Trá fás air ḃár an ċrainn;
Naċ duḃ é áirne an draoiġeannáin.
Agas naċ buiḋe é an buaċalán,
Naċ deas é an nóinín glégeal
'Gus an t-uaiṫne faoi n-a lár,
'S ní laḃrainn siad aċt Ġaeḋilge,
In Éirinn glas na mbeann.
