AN GAOḊAL
41
GLÓR AN LOIN,
Leis an nGaḃar Donn.
Do ċualas ġlór an loin um nóin,
Ag cantain measg na gcrann;
Do ruaig sé uaim geur-ṗian mo ḃróin
Le suairceas glórṁar glan,
Le suairceas glórṁar glan a ġlóir
Do líon sé mé astiġ,
Óir duḃairt sé liom — tá 'n aimsir ċóir
Ag teaċt, tóig suas do ċroíḋe,
Tóig suas do ċroíḋe, a ḟir, óir tá
Na bláṫa 'teaċt go luaṫ;
Béiḋ eudan críon na talṁan breáġ
Le glóir na mbláiṫín nuaḋ.
Le glóir na mbláṫ, béiḋ cnoc a's gleann
Ag deallraḋ fós fá'n ngréin.
Béiḋ glóir ag imirt ar gan beann;
Béiḋ mór é méid ar séin.
Tóig suas do ċróiḋe ċum Dé na ndúil,
A's cuir do ṁuiniġín ann,
Béiḋ seisean solus glan do ṡúl,
'S an aimsir ḃuaḋarṫa teann.
'S an aimsir ḃuaḋarṫa béiḋ A ġráḋ
Do ḋídeann daingean treun,
Foileóċaiḋ sé do ċeann gaċ lá,
Béiḋ lán do ċroíḋe d' A ṡeun.
Béiḋ lán do ċroíḋe d' A ṡeun, a ḟir,
Tá 'n saṁraḋ geal ag teaċt,
Gaṫ gréine 'g rinnceaḋ ar an muir,
Béiḋ brón a's pian fá smaċt.
So é an dán do ṡeinn an lon,
Nuair ruaig sé uaim mo ḃrón,
'S ṫógas suas mo ċroíḋe le fonn
Ċum Dé na ndúil, mo ċróin.
This stanza (the last) was omitted by mistake from Gabhar Donn's
"Ceol na n-Eun', page 29 of last issue.
Béiḋ na páistiḋe beaga 'g rinnceaḋ ar an ród gaċ uair
['san ló
A's cluinfiḋ tú na cailíniḋe ag seinim lán de sóġ
Béiḋ ceolṁar, binn gaċ níḋ fa neaṁ, nuair cluintear ceol
na n-eun,
A ṡeinneas ins an saṁraḋ sáṁ fá ṫaiṫneaṁ geal na gréin'
