ḟaḋ an oirid uilc a's urċóide do'n
ċreideaṁ Críosdaṁlail & do ḋeun¬
faḋ Loṁa an t-seoda 'san am atá
teaċt. Béiḋ an tíoruġaḋ míoḟulláin
do ṫug ríġte, prionnsaiḋ, 's uaċtaráin
do'n ḃeiṫuiġeaċ alltaiġe air ċnuic Lon¬
duin mar ċuaille úr i láṁa anarcaiḃ
's Níhiliḃ, an trá a ḃeiḋiḋ siad a mín¬
uġ do na milliún nach ḃfuil creideaṁ 's
biṫ ag an dream atá riaġluġaḋ aċt a¬
ṁáin an teagasg do ṁúin Darṁuin.
Déarfaiḋ ceannfuirt ainmaṁuil,
"Tá na Darṁuiniḃ air ḃur mullaċ,
má's fir siḃ éiriġiḋ & caiṫiġiḋ ḋíḃ an
trom ualaċ, & béiḋ siḃ ag deunaḋ toil
Dé ar an talaṁ" Déarfaiḋ caiptín
Francaċ do ċonnairc le n-a ṡúiliḃ uaṫ¬
ḃás na n-uaṫḃáis ag Londuin, "An ais¬
ling an saoġal seo? A ḃ-fuil ar mar¬
ṫuinn cinnte?
Le ḋá ḃliaḋain támuid i muiċ ag
cosaint an Turcaiḋ le faitċíos go n¬
deunfaḋ an Ġréigín Críosdaṁuil,
meisneaṁuil eagċóir air; air an t im¬
ire atá iona ċeann air ṫrí ċeud mill¬
iún go daoine atá dílis ḋó. Agus na
ḋiaiġ sin, ṫiomáin an cat-mara sinn go
Sasanaiġ taḃairt onóir ṡaoġalta do
ṗaca robálaiḋe atá le trí fiċid bliaḋ¬
an gan sgíṫ gan stad ag dórtaḋ fola
& ag creaċeaḋ gaċ h-uile ṫír ḃeag, naċ
ḃ-fuil abulta iad féin do ċosaint
Ar feaḋ an ama sin d'ḟágadar eug,
ocras & leun in a m-bealaċ, go h-áir¬
iġṫe ameasg na sean ċineaċa. Aċt b'
ḟéidir gur tonn ḃáiḋte de ġeaġtaiḋ na
rainéiḋ do ḃuail an Eoirp & do ċruin¬
niḋ na náisiúin ċum go ḃ-feicfidís
saṁail soċraoide roinn díoḃ féin atá
réiḋ le ḋul ar sluaġ na marḃ
Nuair a ċailleas fear a ḟearaṁ¬
laċt & a ṁeisneaċ ní fiú a ġnoṫa ḃeiṫ
ḃ-fad beo in geall air iṫe 's ól; agus
naċ mar seo do ḃí na náisiúin ag an
Loṁa? Cia 'n dualgas a ḃi dliġte go
Ṡasanaiġ uainn le go d-tiocfaimís a
taḃairt scannail do ḋaoine boċta, 's
ag cur náire air Dia ag mola ċoṁaċt
an Tóraiġ, mar ġeall air ṁaoin. Do
ṁarḃuiḋ níos mó Críosdaiḋe le trí
fiċead bliaḋain ná do ṁarḃaiġ an
Turc le gráḋ air Alah.
Ní,l ionnainn aċt claḋairiḋe óir tá
fios ag Dia níos fearr ná sinn féin
naċ silfeaḋ deor na truaiġe uainn dá
mbeiḋeaḋ cúṁaċta Ṫurcaiġ & Ṡasan¬
aiġ eugṫa & aḋlacaḋ, mar bu ċóir, in
éinfeaċt.
Ameasg na gcineaḋ ní leur dam aċ
aon ċineaḋ aṁáin atá saor, ċiḋ mé
ceannfuirt na nGaoḋal na seasaṁ a
lár an áir, a diúltuġaḋ a nglún do
feacaḋ do Ḃaal air Ċnuc an Ċom¬
pléisg i Londuin.
Mairfiḋ a n-ainm & a ngníom ameasg
na ndaoine ins na h-aoise atá teaċt,
& cia 'n t-iongnaṁ nuair ċluineas mid
gur ḋiúltaḋ Gaeil ocraċ i d-tiġṫiḃ na
boċt in Éirinn blaiseaḋ de 'n ioḃairt
neoṁ ġlan do h-ofrálaḋ air altóir na
mallaċt.
Ní buḋ áḋḃar iongantair cruinniuġ¬
aḋ mór daoine, saiġdiúr & lungċog¬
ċoga do ḟeicsin i Lundoin, aċ buḋ uaṫ¬
ḃásaċ an t-aṁarc ceann Eaglaise Ṡas¬
anaiġ — tiġearnaiġ easbog & tiġearnaiġ
talṁan in éinfeaċt taḃairt buiḋeaċas
do Ḋia, no mar déarṫá, ag innsinn go
na náisiúin, go raḃ Dia 'g congnaḋ le
cúṁaċt Ḃritain le trí fiċead bliaḋain.
Ag cur urnaiḋ spesialta 'n Loṁa ;
ḃfuirm, ná'r ċoiméideaċ, diaganta do
ṗioc siad an dualgas a ḃí dliġte go
Ṡeasar amaċ as an m-bille, 's gan oir¬
ead & giog a laḃairt ar an b-pósaḋ
magaiḋ no ar an bpósaḋ-mí-riaġalta
atá toirmeasgṫa 'san mBíobla, & fós
atá ċo coitċeann ameasg bunaiḋ ríoġ¬
aṁuil, aċ ní'l sgeul d'a fíor naċ feárr
roinn de ḟágáil gan innsint.
Má ḃí smeaṁ de 'n creideaṁ foil¬
síġṫe beo i g-croiḋṫiḃ na ndaoine do
ḃí láṫair ag éisteaċt leis an urnaiḋ,
caṫaiġ go raḃ a réasún ag dul siar &
an iar mar ṫráiṫnín ar ḃár cloiḋe lár
stoirm ṁillteaċ, sé sin, má ṫóṁais siad
gníoṁarṫa Sasanaċ le riaġla 'n Ḃíobla
A. Mulalla.
* A pious exclamation of people
when they would see one in convul¬
sions with the fallen sickness.
