AN GAOḊAL.
49
FÁINNE GEAL AN LAE.
Bánuġaḋ geal an lae. ?
Maidin ṁoċ air m' éiġriḋe 'maċ
Air ḟeoreann Loċa Léin,
Ḃí an crann go glas 'san bláṫ le 'n ais,
A's an saṁra ṫeiṫ o 'n ngréin;
Air mo ċasa ḋom ṫré ḃailte puirt
Agus bánta míne, réiḋ,
Ċé ġeoḃainn le m' air aċt cúilfionn deas,
Le fáinne geal an lae.
Ní raiḃ stoca nó bróg nó caḋaipín ġlan
Air mo rún mar sgáṫ o 'n spéir,
Aċt gruaig a cinn lei síos go feor
Agus amaċ go bárra 'meur;
A cainín crúiḋte 'ci 'na glaic
Air an drúċt buḋ ḋeas é a sgéiṁ,
'S gur ṫug barrgeann o Ḃéinios deas,
Le fáinne geal an lae.
Do ṡuiḋ an ḃríġideaċ síos le m' ais
Air ḃínse glas de 'n ṡeur,
D'a meallaḋ seaḋ do ḃíos 's d'a maoiḋeaṁ go
[pras
Mar ṁnaoi naċ sgarfainn léi;
Sé duḃairt sí liom ná bris mo ċliú,
Sgaoil ar siuḃal mé, a réiċ!
Siúd iad a n-deas na soilse ag teaċt,
Le fáinne geal an lae.
Do ṡil gaċ deor le n-a leacann gil
Mar ḋrúċd ag tuiteam de ḟeur,
D'a ráḋtar liom agus pós mé 'nois.
Mar ġeall tú ḋoṁ roiṁ reiḋ;
Siuḃal le m' air agus fill mo ṁeas,
Le ceangal ceart o 'n gcléir,
'S ná seun do ċleas do ṁeall an ḃean
Le fáinne geal an lae.
Caiṫfead-sa diúlta ṫaḃairt anois,
Le fonn duit ainġir ṡéiṁ,
D'a ráḋ ḃí ar siuḃal uaim, a ḃeann,
Táim dlúṫ air neasg roiṁreiṁ;
Ċúig céad punt 's iad ḟáġail am ġlaic
Mar cúinnse as a's talaṁ saor,
Le cailín deas ó Ḃeantraiḋe 'n-deas,
Le fáinne geal an lae.
Do ḃéarfainn cóṁairle ḋo ċailín deas,
Dá nglacfaḋ sí uaim é,
Gan dul amaċ ag crúiḋe a ba
'Dtí go dtigeaċ teas o 'n ngréin;
Le h-eagla na ḃfear a gaḃáil a ndeas
Nár ṫruaiġ leo súd an sgeul,
Do mbeiḋeaḋ baibín óg aicí 'na glaic
Le fáinne geal an lae.
