AN GAOḊAL.
51
ġail, & rinne sé tiġṫe-pobuil ṫrid an
tír. Ar feaḋ na ceiṫre aois a ṫárla
in a ḋiaiġ seo buḋ é cáil na h-Éireann
"Oileán na Naoṁ & na sgoláire." Buḋ
iad sgoltaċa na mánaċ an lonnraċ-
soilse a ḃí ag an Euróip ṡiar; & rinne
na Céille Dé (Culdee) seirḃís na
dteampull. Is aṁla seo ḃí Árrainn
na Naoṁ. In a raḃ ní hé aṁáin
sgoilteaċa faoi árd ṁeas aċ fós
seaċt d-teampuill. Aċ ṫáinic na Loċ¬
lannaiġ-Gaill (Fionn-ġaill & Duḃ-Ġaill)
go ndeárnadar di-ċeannaḋ ar ṫeam¬
puilliḃ na h-Éireann, agus ḋeunfaidís
mar an ceudna aiṫṁilleaḋ ar Ċríost¬
aṁlaċd d'a m-b'ḟéidir é. Leagadar
Dún Aenguis in Árruinn, agus ṁillea¬
dar na teampuill agus na sgoilteaċa,
agus mar deunaḋ in Árruinn is aṁla
rinneadar in gaċ uile áit eile. Ċoṁ
luaṫ as ḃuail Brian Ború na Loċlann¬
aiġe ag Cluantairḃ, as dibriġeaḋ amaċ
iad, ṫosuiġ aṫnuaḋaḋ na hoibre arís.
Rinne easboig & sagairt na hÉireann
seipéil ḃreáġ in a raḃ caṫaoir eataiḋ
'ga easpog, rinneadar fós teampuill
na g-coláiste, mar ḃí séipeul Naoṁ
Nioclás i nGailliṁ. Rinne na Cister¬
cians & na Benedictines, a ṫug Naoṁ
Malachi, Árd-easbog Árd-Ṁaċa, a¬
náll, teampuill ró áluinn mar iad siúd
a ḃí ag Mellifont, Mainistieḃann, &
Mainisirḃoise, & ní raḃ 'san Euróip
aon teampull ní b'áille ná iad seo. In
a ḋiaiġ seo ṫainic sagairt Naoṁ Eiḃ¬
istín & bráiṫre Naoṁ Ḋoimnic & Naoṁ
Ṗrainsiais, aċar ġeárr indiaiġ na Sa¬
sasaiġ a ṫeaċt, & scapadar amaċ 'san
tír ag deunaḋ tiġṫe pobuil ins gaċ
baile & gaċ áit.
D'ḟeuċ na Sasanaiġ, 'nuair i d'iom¬
puiġeadar n-a bProtestúin le n-a g-
creideaṁ féin do ċur ar ḋaoiniḃ na
h-Éireann; & ḃiḋeadar d'a ḋeunaḋ seo
ċo maiṫ 's ḃí sé in a g-cúṁaċta, le ċó-
oibriuġaḋ an ainspioraid, anuas go d-
tí tús na h-aoise in a ḃ fuilmid, nuair
a friteaḋ ar saoirse. Buḋ é 'n ċeud
ṁeaḋon a n-deárnadar ḋe, talaṁ na
-Caitiliciḋe a ḃaint amaċ. Tugaḋ áit
oṁnuiḋe i Múṁain go Ṗrotustúin as
Sasanaiġ amaċ; baineaḋ CúigUlaḋ a¬
maċ & tugaḋ an talaṁ go Árd-easbog
na bProtustún & Coláiste na Tríon¬
óide atá i mBláiṫ-Cliaṫ; aċ ní raḃ aon
ṁaiṫ ann. In sin ṫainic Cromuil & d'
orduiḋ sé do na Caitiliciḋe an talaṁ
do ġlanaḋ in aon ḃeart aṁáin roiṁ 'n
gceud lá Ḃealtaine, agus a ḋul go h-
ifrionn no go Connaċt.
Is mar seo fós a rinneaḋ leis na
Caitiliciḋiḃ ḃí i Sasanaiġ, óir ċaiṫ na
Sasanaiġ suas a gcreideaṁ i ngeall
ar a gcuid talaṁna. Aċ lig na h-Éir¬
eannaiġiḃ uaṫa ní ṡé aṁáin a gcuid
talṁan aċ ar an nós ceudna gaċ uile
niḋ eile saoġalta d'a raḃ aca, oir b'
ḟeárr leoḃṫa sin ḟéin a ḋeunaḋ ná
sgara le na gcreideaṁ. An dara
meaḋon, sé sin, di-ċeanna na d-team¬
pull & ruaga na sagart. Leis seo d'iar¬
adar an Creideaṁ do ċur ar gcúl le
gorta; ḃaineadar ḋíoḃ an cúdna ḃí a¬
ca. Duḃradar, "Ní ḟeudfamaoid an
crann a ṁilleaḋ, aċ geártar uaiḋ a
ċúngantóiriġ & an té eitiġeas é, ann
sin ḋeaḃfaiḋ sé ḟéin bás Deuntar
aiṫṁilleaḋ ar a d-teampuilliḃ no tug¬
ṫar iad do na Protusdúin, & díbrimid
na sagairt amaċ as an talaṁ, ag leag¬
an deiċ bpúnt ar ċeann gaċ sagart
mar atá ċúig ṗunt ar ċeann gaċ mad¬
arallta. Agus in sin, caillfiḋ na daoi¬
ne eolus & cleaċtaḋ a g-creideaṁ."
Is aṁla seo di-ceannaḋ mórán do
na teampuilliḃ 'san am úd, & go leor
eile aca a tugaḋ go na Protestúin
Aċ fós tar éis na teampuill a ḃeiṫ ar
gcúl, d'ḟan an sagart arún, giḋ go raḃ
sé gcontaḃairt ḃáis, & lean sé agus na
daoine an creideaṁ. Rinneaḋ mair¬
tíriḋe do fiċe míle aca i n-imṫeaċt
fiċe bliaḋain in aimsir Ṡibéil ċum uis¬
ge do ċur ar ṡíol ċreideaṁ na Prot¬
estún nár ḟás ariaṁ fós. Ṫáinic a¬
nois an dúḃċan ar na ṗotaiḋe, & tre
ḟailliḋe na n-uaċtarán & mailís an
diaḃail, ḃí call & anṡoġ agus pláig 'sa
tír. Aċ fós ní ḟeudfaḋ na sgiúrsaiḋ
niṁe seo creideaṁ nó spioraid na n-
Éireannaċ a ḃriseaḋ"
(Le ḃeiṫ leanta)
