AN GAOḊAL
59
NA LILIAĊA Agus NA RÓSAIḊ.
Raċfaiḋ mise siar go mullaċ Ṡiaḃ Lian.
Go ḃ-feiciḋ mise an fial "Aṫair Doṁnal'';
Is fuide liom ná bliaḋain, a' lá go raḃ mé a triall,
A taraint air a' ċléir ṁoḋṁar :
A ġnúis ġeal nár ḟiaḋta, úṁluiġ aniar,
A tá coṁduiġṫe de 'n ċéil ró-ṁaiṫ,
'S naċ brúiġte a b-péin, a tá an ċlúid seo go léar,
A dúil leat ġaċ aon oiḋ' Ḋoṁnaiġ?
Eadar Caisioll 's an áiṫ, 's mullaċ ċró Ṁáiṫ,
'S go d-téiḋ tú go barr tíre,
Tá an talaṁ ann is feárr, an torṫa 's an gráin,
Dá ḃ-faca mé fá ḃarr criġ ann :
'Na g-cúpiaiḋ a ḃiḋeas caḋain, 's seaḃaca 'na n-diaiġ,
Gleanntán na séiṁ sealga;
Gur b' í arís a cléir, gur b' í Párṫas na naoṁ é,
Le ceolta na n-eun a' cealgaḋ.
'Siomaiḋ aḃaill cúṁra faluiġistí go dlúṫ ann,
'S coillte bog úr a fás ann :
Loingis air a cúrsa 'na m-beirt 's 'na d-triúr
A taraing air siuḃal aḋmuid;
Fear as Cúige Múṁan a d' aiṫris doṁ mar rún,
A ḃreaṫnuiġ alig na cúig ceárna,
Naċ ḃ-facaiġ ariaṁ a ṡúil, a m-bealaċ air biṫ dár ṡiuḃail,
A leiṫid de ċluan ḟásaiġ.
Naċ aoiḃinn do 'n té a ṫárlaiḋ ann a leiṫid,
Ní ḟásann a' féar garḃ ann;
Ṫig dealruġaḋ ó'n ġréin 's soilsiugaḋ ó'n spéir,
Agus ceoltai ó ṫaoḃ na fairge:
Meil ḃuiḋe a goil le fánaiḋ, droiċead siúcra ḃáin ann,
A's an aṁainn fá n-a lán fíona;
Tiġṫe deun ḋe ċáisiḋ, bunnógaiḋ 'na sráid ann,
Duilliúr agus bláṫ faoilliġ.
Tiḋfiḋ siḃ a' lá, a raċfaiḋ cruinniuġaḋ air a' lán
As gaċ ceárn dá m-biḋeann siad;
Agus gan aon ṗeacaḋ ariaṁ dá deárn, a ġuinist ná 'g-
[cosárd
Naċ m-béiḋ ann ar láṁ scríoḃṫa:
Tá siad a fáġail ḃáis, mar ċaoiriḋ ḃeiḋeas air sráid,
Ó ċaill muid ar sciaṫ-ḋídion;
Sé an "t-Aṫair Doṁnall" tá mé ráḋ liḃ dálta Riġ na n-
Grásta.
A's gan againn orṫú aċ spás míosa.
A m-Baile an t-sogairt a tá an dóiġ, is méanar ḃeiḋeaḋ
[ḋá ċoṁair,
B'ḟogas dúinniḋ ḃeoir ṁárta;
Biḋeann imirt ann 's ól, aiteas agus spóirt,
Sinnim agus ceol clársaiġ;
Biḋeann na liliaċa 's na rósaiḋ ann imioll ġaċ aon ród,
'S an iomata de ṗór ġárṫaiḋ;
Aċ dúḃlán a ḃ-fuil beo, ná marḃ ariaṁ go fóill,
Sneaċta ḟeiceál ann ná deor ḃáiste.
— Críoċ.
— "Máire Ċoñaċta,"
cct.
gaċ
do ḋéiġ
boċt i bpéin
máiġ, no ḃáiḋ.
aiṫris an ċléir
beirteaña 's na
d-triúra
'sna faoilliġe
Tír Ċonaill.
— use pl. for
the priest.
as honor
