60
AN GAOḊAL
Father Murphy, who sends us the
foregoing song, says. — This song was
received some years ago by Miss Ellie
O'Donnell, then of Audenried. Pa.
from her brother in Ranafarst, county
Donegal, Ireland, for your correspond¬
ent
In sending some songs the other day
— Fáinne Geal an lae, published on a
nother page, and na Bearta Ċruaiḋ,
which will appear in a future issue —
Mr. P. F Hagarty Sec. of the Spring¬
field (Mass.) Gaelic Society, states that
our friend, Mr. T. T. Manning, takes
exception to our Irish translation of the
name of that city, i. e., Gortsreaṁa
Mr. Manning thinks that the translated
name should be Cluaintobroid, after
the Latin Clontibred, as adopted by the
Four Masters. However, we do not
dispute friend Manning's contention,
we merely gave the Irish equivalent
Gort, field; sreaṁ, a spring, and, the
two nouns coming together, placing the
latter in the genitive form ; as, we say
Bushfield (which is common) Gort-
sceiṫe.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 37, 4ad Uiṁir).
Ní raḃ mórán airgid aici, aċt ḋá
ḟáinne do ḃí ar a láiṁ nuair a d'ḟuad¬
aiġ na síḋeoga leo í, & biorán óir do ḃí
in a gruaig, & buclaiḋ óir do ḃí in a
brógaiḃ beaga.
Ġlac an sagart iad & ḋíol sé iad,
agus ṫug sé n t-airgig ḋí féin, agus
duḃairt sí go raḃ sí réiḋ le h-im¬
ṫeaċt.
D'ḟág sí slán & beannaċt leis an t-
sagart & le Goillís & d'imṫiġ sí. Ní
raḃ sí ḃfad imṫiġṫe nuair a ṫainic an
oiread sin de ḃrón & de lionnduḃ ar
Goillís 's go raḃ ḟios aige nach mbeiḋ¬
eaḋ sé ḃfad beo muna raḃ sé anaice
léiṫe, & lean sé í. Rug sé uirri an
traṫnóna ceudna & ní ṫig liom a ráḋ
cia aca air a raḃ an luṫġáire buḋ ṁó,
ar Ġoillís nó ar an ógṁnaoi nuair
ċonnairc siad a ċéile.
Duḃairt sí le Goillís go gcaiṫfiḋ sé
ḋul a ḃaile arís, aċ ṫug Goillís a ṁion¬
na naċ raċfaḋ no go ḃfeicfeaḋ slán
air ais ins an mbaile í.
"Aċ," ar sise, "ní tig liom do ṫaḃ¬
airt a ḃaile liom, creud déarfaḋ na
daoine liom? ḃeiḋeaḋ náire orm,"
"O, cuirfiḋ mé culaiḋ searḃfóġanta
orm," ar Ġoillís, & béiḋ mé mo ṡearḃ¬
ḟóġanta ḋuit-se, nó go dtiucfaiḋ tú a
ḃaile go slán sáḃáilte le congnaṁ Dé,
& tá súil agam nach ndiúltóċaiḋ tú mo
ṡeirḃís."
Rinne sé sin, & an ċeud ḃaile-mór
in a dtainic siad, do ċeannaiġ sé cul¬
aiḋ searḃḟóġanta ḋó ḟéin, & gaċ rud
d'iarrfaḋ a ṁáiġistreas air, do ġniḋ¬
eaḋ sé é, & gac lóistín do ġlac siad,
ċodlóċaḋ seisean ins an seomra buḋ
ḟoisge d'a rúma-san, ach nuair ḃiḋeaḋ
siad ag siúḃal, ṡiúḃal seisean le na
taoḃ, & ġiorraiġ siad an bealaċ ag
cóṁráḋ le ċéile, mar naċ raḃ aon ċaṫ¬
aḋ aimsire eile aca.
Ḃí siad mar sin le tamall fada, no
go dtainic siad go tír ḟiaḋáin naċ
raḃ mórán tiġṫe ann, & ṫeip a lón or¬
ra.
Ní raḃ faitċíos ar biṫ ar an óg-
ṁnaoi aċ ṡaoil sí go raḃ sí sáḃáilte,
& luiḋ sí síos i lár coille móire, & ċuir
sí ialaċ ar Ġoillís a sáḃáil in sin & a
ḋul ag iarruiḋ biḋ in áit éigin, mar ḃí
ocrus ar an mbeirt aca. Rinne Goill¬
ís gaċ rud d'ḟeud sé ḋeunaḋ, le cur i
gcéill dí go raḃ sí in áit ḋainseuraiġ,
& naċ raḃ sé ceart í ḟágáil léiṫe féin,
& duḃairt sé go ḃfanfaḋ sé in a láṫ¬
air no go mbeiḋeaḋ sí sásta le sgíṫ &
codlaḋ, & go raċfaḋ siad le ċéile ann
sin ag iarraiḋ biḋ, no rud éigin le n-
iṫe.
(Le ḃeiṫ leanta.)
All things considered, there is very
good Gaelic news at present; but it is
an indelible slur on the Irish charac¬
ter that the millions of Irishmen over
the world have but two sickly month¬
ly journals in their native language.
