AN GAOḊAL.
61
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 60, 5aḋ Uiṁir).
An meud a duḃairt sé ní ṡásóċaḋ sé
í, & mar ḃíonn a mbeallaċ féin ag na
mnáiḃ i gcoṁnuiḋe, ḃía bealaċ féin aici
si, & ṫiomáin sí Goillís uaiṫi ag cur
impiḋe air imṫeaċt leis féin & rud le
an iṫe d'irraiḋ ḃí faitċíos mór air
Ġoillís, aċ ní raḃ aon maiṫ i g caint,
& b' éigin dó imṫeaċt.
Luiḋ sise síos faoi ċrann mór, agus
ṫuit sí in a codlaḋ, & ṫriall seisean
ṫríd an gcoill ṁóir, ḋuiḃ, ag iarruiḋ
tiġe no boṫán no áite éigin in a ḃfuiġ¬
eaḋ sé biaḋ le n-iṫe, aċ ni ḟacaiḋ sé
dadaiḋ.
'R éis trí no ceaṫair d'uaire in sin,
nuair ḃí sé tuirseaċ, & nuair nach ḃfac¬
a sé aon ċosaṁlaċt duine, no tiġe no
áit ċóṁnuiḋe, d'ḟill sé le trioblóid
ṁór in a ċroiḋe air ais do 'n áit ann
ar ḟág sé a ṁáiġistreas, aċ ní raḃ sí
ann.
Fuair sé an áit ceart go leor agus
d'aiṫniġ sé an crann faoi n-a raḃ sí
in a luiḋe, aċ ní raḃ sé féin le feicsin
in áit ar biṫ Ġlaoiḋ sé, aċ níor ḃ¬
fuair sé aon ḟreagraḋ, ġlaoiḋ sé ní b'
áirde, aċ nior ċualaiḋ sé dadaiḋ aċ an
macalla ameasg na gcrann mór ag ta¬
ḃairt freagarṫa ḋó.
Ḃí sé réiḋ le fáġail ḃáis le brón & le
faitċíos, & ḃí an oiḋċe teaċt air, &
níor ḟeud sé dadaiḋ a ḋeunaḋ go dti
an ṁaidin Luiḋ sé féin faoi an g¬
crann ceudna, aċ go deiṁin buḋ ḃeag
é an codlaḋ do fuair sé B' éigin dó
fanaṁuint in sin ar feaḋ mórán uair,
& b'ḟaide leis gaċ móimid ná uair, &
gaċ uair ná lá.
D' eiriḋ an ġrian ar deire & is é ḃí
luṫġáireaċ nuair ċonnairc sé an ċeud
ṡolus taoḃ ṡiar de. D' éiriġ sé ar an
mball & ṫoisiġ sé ag cuartuġaḋ ṫim¬
ċioll an ċrainn ṁóir ag feuċaint an ḃ¬
feicfeaḋ sé cosaṁlaċt ar biṫ d'a ḃain-
tiġearna. Fuair sé sliġe ḃeag ó'n g¬
crann, an ciairsiúr do ḃí ar a muineul,
& ceann d'a láṁainniḃ, aċ níor ḟeud sé
aon rud eile ṫaḃairt fa ndeara. Ṫos¬
aiġ sé ag breaṫnuġaḋ go geur ar an ta¬
laṁ in sin, & ní raḃ sé ḃ-fad ag crom¬
aḋ síos & ag dearcaḋ no go ḃ-faca sé
lorg coise móire, coise do ḃí an-ṁór,
ins an ḃfeur bog, & ṡaoil sé go raḃ an
áit rud-beag brúiġte síos. Ċrom sé é
féin síos ar an talaṁ arís, & lean sé
d'a ċuartúġaḋ go ḃfuair sé lorg na
coise móire sin ag teaċt ó ċeart-lár
na coille, suas do 'n g-crann a raḃ an
ḃean óg in a codlaḋ faoi, & ag dul ar
ais arís do 'n áit ċeudna.
Cia b' é diaḃal no duine a raḃ an
ċos sin aige, ar sé, in a intinn féin, tá
mé cinnte gur b'eisean a ṫug an ṁáiġ¬
istreas leis, & leanfaiḋ mé é, cia b' é
áit a ḃfuil sé dul. Ċrom sé síos a¬
rís & ċuaiḋ sé a smeuraċt ar fud na
gcrann, no go ḃfuair sé an lorg a dul
asteaċ ins an áit buḋ tiuġa, & buḋ
duiḃe de 'n gcoill, & lean sé é asteaċ
ameasg na gcrann árd, air feaḋ trí
ṁíle no níos mó, go dtainic sé go móin¬
ḟeur coṫrom, gan crann no sgeaċ ag
sás ann, & ḃí aḃainn leaṫan uisge ag
riṫ ṫríd an móinḟeur, & ar an taoḃ b'
ḟuide uaiḋ de 'n aḃainn, ċonnairc sé
pálás mór geal, ċo geal leis an aol, &
ceiṫre túir ṁóra ag na ceiṫre coir¬
neulaiḃ, & geata mór árd láidir práis
ann, & ḃí trí fuinneoga in gaċ tor aca,
& ḃí barraiḋ iarruinn trasna ar gaċ
fuinneog aca, & ċualaiḋ sé gul & caoi¬
neaḋ & osnaḋa teaċt amaċ asta, aċ ḃí
sé ró ḟada uaṫa le aiṫne creud do ḃí
ag caoineaḋ, ar duine no beaṫaċ do ḃí
ann.
Ní raḃ sé ḋá ṁóiméid in a ṡeasaḋ
ar ċiúṁais na coille, & ag dearcaḋ a¬
nonn ar an gcaisleán, nuair a ċualaiġ
sé streaċailt an ġeata práis d'a ḟos¬
gailt, & ṫaraing sé ar ais ins an g¬
coill ameasg na gcrann arís, i rioċt
naċ ḃ-feicfiḋe é.
Ċonnairc sé in sin an faṫaċ buḋ ṁó
& ba áirde d'a ḃfaca súil duine ariaṁ
teaċt amaċ go mall, & ag druidim an
ġeata go cúramaċ in a ḋiaiġ. Ṫainic
allus fuar, faitċís ar eudan agus ar
ḋruim Ġoillís & luiḋ sé síos go socair
