AN GAOḊAL
FATHER CONROY'S SERMON
(Concluded)
Nuair a ḃí na daoine d'a bpréaċaḋ
ṫainic na "soupers" le n-a gcreideaṁ
nuaḋ in aon láiṁ & airgiod & "soup"
'sa láiṁ eile, ag ráḋ, "Tóig an dá
niḋ, no ní ḃ-fuiġeaḋ tú ceaċtar acu."
Duḃairt na hÉireannaiġ leoḃṫa naċ n¬
glacfaḋ siad-san aon ċreideaṁ no
aon soup uaṫa go bráċ. Agus go dei¬
ṁin, i nGailliṁ aṁáin, & go speisialta
i gConamara, a fuaireadar duine air
biṫ a ṡeun Críost mar ġeall air ḃrib
airgid. Ní raḃ mórán paráiste i n-Iar-
Ċonnaċt a lig asteaċ iad. Ṫáinicea¬
dar 'sa b-paráiste seo aon tráṫnóna
aṁáin, aċ d'imṫiġeadar arís air maid¬
in go deifireaċ.
Ċuir na Protestúin geurleanṁuint
ar na daoiniḃ, & ar an móḋ seo rinn¬
eadar a ndiṫċioll ċum creideam Cait¬
iliceaċ na h-Éireann a ṗlúta, aċ níor
feudaḋ é. Ag tús na h-aoise atá lá¬
ṫair anuair nár cuireaḋ an dliġe seo
ar aġaiḋ níos mó, ḃí "Oileán na Naoṁ
& na scoláire," go deiṁin, gan team¬
puill no scoltaċa. Brúiġte, aċ fós ní
briste, rinneadar na daoine boċda
tiġṫe poḃuil dóiḃ féin, ar d-tús faoi
ḋíon tuiḋe, & ḃiḋeadar sásta leoḃ
mar tá na séipéil i Rosmuc, & i gCom¬
us, 'sa bparáiste seo a cuireaḋ ar
bun i laeṫaiḃ an Aṫar Ṫomáis Ḃreaṫ¬
naiġ a d'eug.
Ċo luaṫ & d'imṫiġ an gorta agus an
neul, leagaḋ anuas na tiġṫe pobuil
ceann-tuiġe úd, & h-árduiġeaḋ suas in
a n-áit go fíor ṫeampuill sar-ḃreáġ,
ionnus naċ raḃ 'san Eaglais go h-uile
tiġṫe pobuil ar biṫ nár raḃadar na
séipéil seo coṁ máiseaċ leo. Deárnaḋ
iad seo le cúṁaċta an ċreidiṁ agus
le piġnneaċa fanaċ na g-creideaṁaċ i
n-Éirinn, & os cionn gaċ uile niḋ eile,
le ceudna & co-oibriuġaḋ na n-Easpog
& na sagart. Mar an g-ceudna, ṫré
deas-ġraḋ ḃur sagart paráiste maiṫ
& ṫré cindiuġaḋ fallair, farsaing Eas¬
poig ḟoġluimte, beannuiġṫe na Gaill¬
ime, agus déirce an ṗobuil i g-ceann a
ċéile, tá árduiġṫe suas os ar g-cionn
in seo indiu ċum Dia do ṁolaḋ, do áir¬
iuġaḋ, & do ġlóruġaḋ, teaċ pobuil ion¬
nas an t-séipéil sarúṁal ceann tuiġe
a ḃí i g-Comus.
Is é go fírinneaċ an teaċ seo teaċ
Dé ṫré ċoisreagṫa an lae indiu. De
ḃriġ gur b'é teaċ Dé é, is uime sin gur
teaċ urnaiġeaḋ é; óir adeir ar Slán¬
uiġṫeóir féin: "Is teaċ urnaiġeaḋ mo
ṫeaċ sa" Air an áḋḃar sin, cuidra
Dia níos mó áird ar a ḋaoiniḃ & níos
mó tora ar a n-guiḋe i d-teampull Dé
ná in áit ar biṫ eile. Is seo é an teaċ
ann a d-tairgimid suas Naoṁ Iobairt
an Aifrinn & in a g-coṁnuiġeann Iosa
Críost gaċ lá & gaċ oiḋċe gaċ uair &
gach tráṫ, i Sacrameint na h altóra
Ḃí sé ráiḋte faoi an dára teampull i
n-Ierusalem, "Is mór a ḃiḋeas glóir
an teampuill seo ṫar an ċeud ċeann,"
óir is é an dára teampull, & ní ṡé an
ċeud ċeann a rinne Iosa Críost a on¬
óraḋ air feaḋ a ṡaoiġil ar an talaṁ.
Naċ mór é, mar sin, glóire an team¬
puill seo in a ḃ-fuillmid cruinniġṫe
láṫair a ċéile indiu nuair atá fios a¬
gainn go dtárluiġeann Iosa as na Flai¬
ṫis anuas in a mórḋaċt ar an altóir-
sa tSacrameint naoṁṫa gaċ uile uair
d'a d'ṫeirbeartan suas naoṁ Iobairt
an Aifrinn. Agus tuille fós, óir ní
ṡé aṁáin go d-teangan Dia a ṁac, a
ċeannuiġ an doṁan go h-uile le na ċuid
fola a ḋóirt Sé go dtí an deor ḋéiġ¬
ionaċ ar ċrann na croise anuas in ar
measg ar an moḋ iongantaċ seo, aċt
coṁnuiġeann sé 'sa teampull ar an
altóir a ṡúile i g-coṁnuiġeaḋ a dear¬
ca & a ċluasa fosgailte, ag éisteaċt
leis an té a ṫiucfas le tóġḃartas aige
Agus cé árd é 'n toġḃartas seo?
Tá go cinnte, mar deir Dia féin, ann
Ṗaidir aṁáin a ġuiḋeas an peacaċ ar
Ḋia i ndeáġ stáid i dteaċ Dé le croiḋe
iomlán glan. Aċ má's fíor é seo, óir is
fior, i dtaoḃ urnaiġe de 'n t-sórt seo,
naċ mór an t-ulġárdas a ḃiḋeann ins
na Flaiṫis gaċ uair d'a léiġtear Aif¬
rionn i séipeul Dé; in áit a ḃfuil ní ṡé
