(31)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 7.
MÁRT.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 62, 6aḋ Uiṁir).
Bain sí a gúna ḋí féin, ⁊ stróic sí
i ngiotaiḃ caola é, ⁊ ċuir sí snaiḋm
orra, ⁊ rinne sí sórt córda ḋíoḃ, ⁊ ḃí
sí 'gá leigint amaċ róimpi i gcóṁnuiḋe
i gcóṁnuiḋe on go rug Goillís air faoi
ḋeire, ⁊ ċeangail sé a rópa láidir féin
ar, ⁊ duḃairt sé,
"Tarraing leat"
Ṫarraing sise, ⁊ níor b'ḟada go raḃ
an rópa in a láiṁ féin. Ḋearc sí in a
timċioll in sin ins an rúma beag cúṁ-
ang in a raḃ sí druidte suas, le fáġ¬
ail amaċ rud éigin a gceanglóċaḋ sí
an rópa de Ḃí fáinne meirgeaċ iar
rainn ḋaingniġṫe 'san mballa ⁊ ċeang¬
ail sé 'n rópa leis. Ḃí beagnaċ ḋá ḟi-
ċead troiġṫe le teaċt anuas aici, aċt
ḃí sí misneaṁail ⁊ eadtrom ⁊ ḃí an
faitċíos d'a tiomáint.
Ġlac sí 'n rópa in a dá láiṁ ⁊ ċroċ
sí í féin as an ḃfuinneóig, ⁊ ṫoisiġ sí
a sleaṁnuġaḋ síos. Ċuaiḋ sí go mall
i dtosaċ, aċ nuair ḃí sí teaċt anaice
na talṁan ḃí a meáḋaċan féin d'a
tarraing, ⁊ ni raḃ sí sáṫaċ láidir le
greim daingean do ċongḃáil ar an ró-
pa ⁊ riṫ sé ċo luaṫ sin ṫríd a meur-
aiḃ go raḃ siad geárrṫa ⁊ gortuiġṫe
leis, ⁊ an croicionn bog bán bainte d'a
láṁaiḃ. Ṫuit sí in a h-ualaċ trom ar
an talaṁ, ⁊ ḃí sí beagnaċ gan ṁeaṁ-
air, ach ṫóig Goillís suas í ⁊ ċuir sé ar
a ṁuin í, ⁊ riṫ sé léiṫe ṫar ann aḃainn
⁊ treasna n ṁóinḟéir, ⁊ asteaċ ins
an gcoill arís, ⁊ níor sguir sé de 'n
riṫ sin, aċ d'iomċair sé í ċo fada as-
teaċ ameasg na gcrann ⁊ d'ḟeud sé.
Nuair a ḃí sé sáruiġṫe ar fad leag
sé síos ar ḟód glas féir í, ⁊ leig sé a
sgíġ. Ni raḃ sí i ḃfad a teaċt ċuici
féin, ⁊ d'innis sí a sgeul dó, mar ṫai-
nic faṫaċ mór nuair a ḃí sí ín a cod-
laḋ, ⁊ mar ṫóig sé ⁊ ċaiṫ sé ṫar a
ġualainn í, ag ráḋ go ndeunfaḋ sí
suipeur maiṫ ḋó, ⁊ mar rug sé ċum a
ċaisleáin í, ⁊ mar ḋúin sé suas faoi
ġlas i rúma beag duḃ caol í, ⁊ mar d'
