AN GAOḊAL
75
MARḂĊAOINE AIR ḂÁS ṠEÁĠAIN MacCARTAIĠ
Pádraic O'Caṫasaiġ ro ċan.
Táim brónaċ, faituirseaċ, greaduiġṫe, cráiḋte,
Ó cailleaḋ ar gcarad Seáġan bán MacĊartaiġ.
'Sé laḃarfaḋ ann Gaeḋilge agus do ṫuigfeaḋ na dánta,
Agus níor ṡeun sé 'n talaṁ do ḃeannuiġ Naoṁ Pádraic
Do ċoṁnuiḋ sé i g-caṫair gurab' ainm de Málden,
Do ḃí sé acfuinneaċ, meanmnaċ, láidir;
Dá n aireoċaḋ sé leanḃ ag sgreadaċ le gáḋtair,
Deirim-se leat-sa go taḃarfaḋ sé 'rán dó
Do ḃí sé le tamall ag cailleamuint a ṡláinte
Agus a ḃeirt ṁac a ḃ-foċair in a ndoċtúiriḋe breáġa,
Seáġan agus Cormac do ḃeirin an bárr dóiḃ,
Ṫugadar aire ḋó ċum gur ṁarḃ an bás é.
Leiġeasan siad daoine tá líonta le greanna,
Agus ní ċuireann siad bille ar lorg a b-páiḋe ort,
Is mairg na molfaḋ go deiṁin na Cartaiġ,
Beo agus marḃ, pé mar atá siad.
Nuair a cailleaḋ a n-aṫair ḃíodar go brónaċ,
Ḃí mór ċuid na ṫimċeall de ṁuintir na broisde,
Do ḋeunaḋ é a ċaoine agus é sínnte 'sa ċofra,
Agus ċonnairc deóraċ a tuitim le ḃruinneal gan pósa.
Do leig mórṡeisear sagart aifrion mór ḋó,
Do ḋeunadar treó d'a anam i ḃflaiṫeas na glóire,
Tá sé a ḃfoċair na n-aingeal ag seineaṁaint na gceólta
Agus is é Naoṁ Peadar fuair eoċair na ndóirse.
Táinig toċt air mo ċroiḋe agus do ġoileas le buairt,
Nuair a connairc a ċorp sinnte 'san uaiḋ,
Ḃí an t-eug na ḃallaiḃ agus a leabaḋ go fuar
Agus iad a caiṫeaṁ an ċré air ar g-caraid anuas.
Ní'l sé 'n aonar, tá na tréadṫa 'na ṫiomċall,
Sínnte go faon lag ag caiṫeaṁ an t-saoġail-seo.
Gan urlaḃar ná eistaċt, gan eifeaċt ná cuiṁne,
Agus is mór an truaġ an duine na ḋeunan an faoisdín.
Ḋeineas an dán so dar g-caraid an fearraire criona,
Agus do ṁolfain aoine ḋeunfaḋ daonnaċt air ḋaoine,
Nuair airiġeas a ṫréadta ḋeineas iad a craoḃsgaoile,
Agus as soṫ le na tréadta ar seun-ḟear ḃeiṫ sínnte.
Is é sgríoḃaḋ a nGaeḋilig, agus do léigfeaḋ na linne,
Dia linn a's Muire tá sé sgarṫa linn ċoiḋċe,
Siolraċ na sagart do ṁaiṫeaṁ na tíreaċ,
Guiḋidís air anam i maidin sa 'n-oiḋċe.
Do rugaḋ ar gcaraid i n-aice Ṁaġcromda,
I mbeul na marḃ do ḃí 'ge ba agus gaṁna,
Im agus bainne go fairsing 'san t-saṁraḋ
Do ḃiḋeaḋ muc agus tarḃ air ċroċ as an glaṁran.
