AN GAOḊAL.
78
SGEUL ĊIONNḞAOILIḊ.
(Le Duine gan Ainm)
Ḃí faṫaċ mór in Éirinn fadó, agus
is fadó ḃí, darab' ainm Balor Béim¬
eannaċ. Ḃí aḋḃa aige i gcondae Ḋún-
na-nGall, ar aġaiḋ oileán Arann. Buḋ
ḟé 'n faṫaċ seo ḃí 'n Ríġ ar na Fám¬
airiḃ Fairge & ba ṁian leis árdċíos a
ḃeiṫ aige ar ṁuintir na h-Éireann, go
h-áiriġṫe ar an dream ḃí 'na gcoṁnui¬
ḋe in imċeall na gcuan.
Deirṫear gur minic a rinne sé slad
mór r ċúige Ċonnaċt ins an am a raḃ
Boḋḃ Dearg, mac an Dada, 'na riġ ar
Ċonnaċtaiḃ.
Ins an tsean aimsir seo, siar ins na
bliaḋantaiḃ atá 'nois faoi ċeo na
h-aoise, b'ḟéidir trí ṁíle bliaḋain ó
ṡoin, ḃí triúr dearḃráṫar ann darab
ainm dóiḃ, Gaiḃide, Mac Saṁain, gus
Cionnḟaoiliḋ. Ḃí 'n fear ba sine acu
'na ġaḃa ċliste & ḃí ceárdċe aige i n-
Druim-na-teineaḋ, go díreaċ anonn ar
aġaiḋ tiġe Ḃaloir.
Buḋ le Cionnḟaoiliḋ * an fearann
'na ḃfuil an tulaċ beag & Raṫ-fionnáin
anois.
Ḃí bleaċtaċ ḃreáġ ag Cionnḟaoiliḋ
ar b'ainm dí "Glas Geiṁleann," & de
ḃriġ go dtugaḋ sí go leor bainne, ḃí
gaċ uile ḋuine 'na diaiḋ air. Is minic
a tugaḋ iarraiḋ ar a goid uaiḋ, 'rioċt
go mb'éigin dó aḋastar a ċuir uirri, &
í ċongḃáil le 'n air gaċ uile áit d'a d-
téiḋeaḋ sé, & is mó an faitċíos do ḃí
ar roiṁ Ḃalor ná roiṁ ḋuine ar biṫ
eile, de ḃriġ go dtigeaḋ sé go minic go
ceardta Ġaiḃide ag deunaḋ clóiḋeaṁ
& d'a leasuġaḋ le h-aġaiḋ caṫa Ṁaiġe
Tuireaḋ, do ḃí 'ga ṫionnsgnaḋ faoi 'n
am sin.
Ní gan áḋḃar ḃí aiṁreas ag Cionn¬
ḟaoiliḋ ar Ḃalor, mar ḟeicfear go
goirid. Lá áiriġṫe d'a raḃ Ċionnḟaoi¬
liḋ ins an gceardta ag deunaḋ cloiḋ¬
iṁ ḋó féin, ḃí an Ġlas ar aḋastar
aige, mar ba ġnáṫaċ. Ṫainic Balor a¬
maċ as an gceardta i gcosaṁlaċt ga¬
súir fir, & cloigeann ruaḋ air. "Cog¬
ar," ar sé le Cionnḟaoiliḋ, "atá do
ḃeirt dearḃráṫar annsúd astiġ ag
deunaḋ a cloiḋeaṁ féin de do ċuid
cruaiḋe-se, & a cur iarrainn 'n do
ċloiḋeaṁ-sa"
Ṫainic cúṫaċ feirge ar Ċionnḟaoilḋ
"Seo," ar sé, le Balor, 'Congnuiġ 'n
ḃó-so doṁ-sa go mbuailiḋ mé leiṫeaḋ
a gcroiceann orra."
Nuair a ċoinnic na dearḃráiṫre an
ḟearg a ḃí air ṡaoileadar go raḃ sé ar
mire. D'ḟiafruiġdear de ceurd a ḃí
air nó raḃ sé cailleaṁaint a ċéille —
Air iompóġaḋ ṫart ḋó ní raḃ an ḃó le
fáġail; ḃí sí croċta a baile anonn
trasna an ċaol-loċ leis an gcuraḋ, &
é ga tarraint asteaċ faoi ġréim rio¬
bail go Port-na-Glaise Nuair
ċonnaic Cionnḟaoiliḋ an cleas a d'im¬
ir Balor air, ḃí sé lé buile & le báiniḋ
& ní raḃ ḟios aige ceurd do b'ḟeárr
dó ḋeunaḋ leis an mbó d'ḟaġail ar ais
Faoi ḋeireaḋ ċuiṁniġ sé raḃ sean-
duine faoi ḋraoiḋeaċt 'na ċoṁnuiḋe
ar Ḋruim-na-Teineaḋ, & go mb'ḟéidir
dó ḋul d'a feicsint. Duḃairt an sean-
draoiḋ leis naċ raḃ fáġail ar ais uir¬
ri ċoiḋċe ċo fad a's ṁairfeaḋ Balor,
mar ġeall ar ḋroċ-ṡúil a ḃí aige, do
ċuirfeaḋ ċum báis gaċ uile ḋuine a n-
dearcfaḋ sí air. Ní ḃíḋeaḋ an tsúil
seo fosgailte aċ le ócáide ṁór, nó in
aimsir cogaiḋ, nó muna mbeiḋeaḋ ná¬
ṁaid le leagan aige, de ḃriġ go mb'éig¬
in do ċeaṫar fear falaċ na súile do
ṫógḃáil le teannaċair ṁóir iarrainn.
Ċuaiḋ Cionnḟaoiliḋ arís go h-áit in
a raḃ Leanán-Siḋe do ḃí aige darḃ''
(Le ḃeiṫ leanta)
* Is uaiḋ seo ṫigeas an sloinne Mac
"Cionnfaoiliḋ" atá ar Uilliam Mac
Cionnḟaoiliḋ ó Ohio. Croċaḋ duine
d'a ṁuintir ceud bliaḋain ó ṡoin, mar
ġeall gur ṫróid sé in aġaiḋ na Sasan¬
naċ in Éirinn — Is ionann Cionnḟaoiliḋ
& "eudan-áṫasaċ
[We don't know who sent this stor¬
y; it bears the San Francisco post
mark of Dec 3rd, 1896.]
