(32)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8.
AIBREÁN,
1898
SGEUL ĊIONNḞAOILIḊ, — Leanta.
ainm dí bioróg ar, t-Sléiḃe, go ndeár¬
nadh sé coṁráḋ léiṫe. D'innis sí ḋó go
raḃ aon inġean aṁáin ag Balor, ⁊ go
raḃ sé i d-tearagraċt go m-beiḋeaḋ sí
in a siocair báis ḋó, ⁊ go gaḃ sí anois
aige i n-dún áluinn ar oileán Árann ⁊
ḋá-reug de ṁnáiḃ ḋ'a coiṁdeaċt. Ḃí
cuing orra gan aon ḟear a leigean ar
an oileán, ⁊ ní ṡé sin aṁáin, aċ gan
laḃairt ar ainm fear in a cóṁair.
Ḃí go maiṫ. I g-ceann tamuill in a
ḋlaiḋ seo rinne an Ḃioróg bean áluinn
de Ċionnḟaoiliḋ, do ċinn i sgéiṁ i n-
dreaċ ⁊ i n-deilḃ ar ṁnáiḃ an t-saoiġ¬
il, ⁊ do ċroċ léiṫe é ar ḃár na d-tonn
anonn treasna an ċaol-loċ go Dn-
Eidne.
D'iarr sí lóistín na h-oiḋċe de ḃain-
ríoġan óg a ṡáḃáil sí, a duḃairt sí, ó
na h-Allṁuraiġiḃ do ḃí ḋ'a goid leoḃṫa
do'n Doṁan Ṡoir. Mar ḃí aiṫne ṁaiṫ
ag na mnáiḃ coiṁdeaċta ar Ḃioróg an
t-Sléiḃe, ní leigfeaḋ an faitċíos dóiḃ
í obaḋ faoi lóistín na h-oiḋċe, ⁊ do
leigear asteaċ i.
Ní raḃ sí ḃ-ad astiġ no gur ċuir sí
trom-ṡuan dodalta ar na mnáiḃ, agus
sul do ḋúisiġ fíad, d' ḟuadaiġ sí léiṫe
Cionnḟaoiliḋ ar ais go Druim-na-Tein-
eaḋ.
'Nuair a músgail na mná coimdeaċ-
ta, d'innis Eidne dóiḃ go raḃ sí i n-
gráḋ leis an mnaoi uasal, ⁊ go m-buḋ
ṁaiṫ léiṫe í ḃeiṫ aici ins an g-caisleán
i g-coṁnuiḋe. Ní ḋeárna na mná aċt
magaḋ fúiċe, ag ráḋ gur ag aisling a
ḃí sí; aċ i gcionn bliaḋna 'na ḋiaḋ so
do rug sí triúr mac.
Ċuir an droċ-sgeul so imniḋe ṁór
ar Ḃalor; ḃí eagla air go mb' ḟéidir
gur le n-a linn do ġeoḃaḋ sé ḟéin bás.
Do ċeangail sé suas iad i mbraiṫlín
le dealg no biorán ⁊ do teilgeaḋ as
teaċ ins an uisge iad ins an áit ar a
ngoirtear Port-na Dealg indiú; ⁊ is
sé úġdar na h-anma. Ṡaoil Balor go
raḃ an bealaċ réiḋ anois, ó ṫárla gur
ċuir sé, dar leis féin, na leanba ċum
ḃáis.
Ḃí sé g-cloḋ Iúl Fuair "an Lógánaċ."
mé an cruṫuġaḋ.
