(33)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ 9.
BEALTÁINE.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 82, 8aḋ Uiṁir).
Cúpla míle eile ⁊ ḃí siad amuiġ ins
na maċairiḃ féir arís, agus ċonnairc
siad tiġṫe, aċ níor ċreid siad go raḃ
siad go ceart sáḃáilte no gur ḟágad-
ar an ċoill ṁór ḋuḃ mílte ⁊ mílte ar
a g-cúl.
Ṫáinic siad go teaċ-ósta faoi ḋeire
⁊ ċaiṫ siad an lá in sin, ag ite ⁊ ag ól
⁊ leigint a sgiṫe, 'rés an dainseur in
a raḃ siad, leis na trí laeṫiḃ a ċuaiḋ
ṫart,
D'innis fear an tiġe ḋóiḃ go raḃ an
faṫaċ a ḃí ins an g-coill an-ṁillteaċ, ⁊
gur ṁarḃuiġ sé timċioll ceud duine
gaċ bliaḋain, ⁊ naċ ndeaċaiḋ fear no
bean uaiḋ i riaṁ d'a rug sé air go d
ti sin. D'ḟiafruiġ siad de, cad é n
t-ainm a ḃí air, ⁊ duḃairt seisean gur
b'iomḋa an t-ainm a ḃí air gur ġlaoḋ
an daoine 'n taoḃ seo de 'n gcoill an
t-Iṫeadóir" air, ⁊ gur ġlaoḋ na daoi-
ne an taoḃ eile de 'n gcoill an "Fean-
adóir air.
Duḃairt sé ċor leis sin gur ċaiṫ sé
a lá ⁊ a oiḋċe ag dul ṫart ins an g-
coill ag cuartuġaḋ ar ṫóir daoine do
ṫéiḋeaḋ ar seaċrán, aċ go raḃ sé fa
ġeasaiḃ gan teaċt amaċ as go bráċ.
Duḃairt sé mar an gceudna go raḃ
spíodóiriḋ aige, sean-ċailleaċ, ⁊ a h-n-
ġean, do ḃí in a gcoṁnuiḋe i m-boṫan
ḃeag ar ḃruaċ na coille, ⁊ gur ṁeall
siadsan an meud do ṫiocfaḋ anaice
leo, go gcuirfeaḋ siad fios ar an ḃ-
faṫaċ ⁊ go dtiocfaḋ sé ⁊ go marḃfaḋ
