AN GAOḊAL.
87
"Cá ḟaid ó d'ḟiafruiḋ siḃ sin d'aon
duine?" arsa fear da déirce.
"Faoi ṫuairim ḋá uair ó ṡoin" ar
Goillís.
"O! is furas a ṫuigsint go ndeaċaḋ
siḃ ar seaċrán, mar sin," ars an sean
ḟear, "bí siḃ ins an mbóṫar díreaċ ar
maidin, aċ níor ṫug siḃ faoi ndeara
an áit a mbuailtear an bóṫar ċum an
Ḟrainc ṫar an mbóṫar eile seo, a ḃeu¬
raḋ ċum tír na ḃfaṫaċ siḃ ; má iompó¬
ċaiḋ siḃ liom-sa 'nois, cuirfiḋ mé ar
an gcasán ceart siḃ, mar tá mé dul
do 'n Ḟrainc, & ní'l aċ aisdir leaṫuair¬
e ar ais arís go mbéiḋ siḃ ar an mbó¬
tar sin."
Ċreid iad-san é, & d'ionntaiḋ siad
ar ais arís leis, & 'réis siúḃal ar
feaḋ leaṫ-uaire no mar sin, ṫáinic
siad go deiṁin go h-áit in a raḃ cos¬
án, no bóiṫrin beag ag teaċt amaċ as
an mbóṫar mór, agus a dul asteaċ a
'measg na gcnoc.
Ṡeas Goillís suas, & duḃairt sé,
"Ní ḟeuċann sé sin cosaṁuil leis
an mbóṫar do ḃeiḋeaḋ a dul do 'n
Ḟrainc, tá sé ro ḃeag & ro ċúṁang, &
ní'l aon ċosaṁlaċt siúbail air."
Rinne 'n seanduine gáire, "O"! ar
seisean, "dá ḃfeicṫeá 'n bóiṫrín seo
ḋá ḟiċead bliaḋain ó ṡoin, nuair a ḃí
mise am' ógánaċ, deurṫá naċ raḃ ann
aċ cosán coiníniḋ, aċ rinne siad suas
go déiġionaċ é. Is doiliġ bóṫar maiṫ
do ḋeunaḋ ins an tír seo, agus ní
ḃeiḋeaḋ an bóṫar ar a raḃ tusa ag
imṫeaċt anois, leaṫ ċo maiṫ no ċo lea¬
ṫan a's tá sé, go ndeárna na Faṫaiġ
iad féin é. Tá ann iomarca carraig
in seo le bóṫar ceart a ḋeunaḋ, aċt
míle ó 'n áit seo béiḋ sé leaṫnuġaḋ a¬
rís, agus béiḋ sé 'nna ḃóṫar breáġ sul
tá síḃ cúig ṁíle imṫiġṫe."
"Ní'l fios agam," ar Goillís, "tá
aṁras orm; measaim gur feárr dúinn
fanaṁuint no go ḃfeicfimid duine éi¬
gin eile, tá 'n lá óg fós, agus má ḟan¬
famuid ní féidir naċ dtiucfaiḋ duine
eicínt eile an bealaċ."
"Cad é 'n t-aṁrus atá ort?" ar an
óig-ḃean, "cad é 'n fáṫ do ḃeiḋeaḋ ag
an seanduine seo breug d' innsint
duit? naċ dtig linn do ḋul ar aġaiḋ
le leaṫ-ṁíle go ḃfeicfimid ḃfuil an bó¬
ṫar ag leaṫuġaḋ, mar deir sé, agus
muna ḃfuil, tig linn ṫeaċt ar ais."
"Deunfamuid sin," ar Goillís, "aċt
go deiṁin tá aṁrus orm i gcoṁnuiḋe,
agus do b'ḟeárr liom fanaṁuint.
Ċuaiḋ siad ar aġaiḋ le ceaṫraṁaḋ
míle aċ ní raḃ an bóiṫrín ag éiriġe
níos leiṫne, agus ní raḃ Goillís suaiṁ¬
neaċ inn a ċroiḋe féin. Ḃí an sean-
ḟear ag siúḃal cúig no sé slata amaċ
rómpa, nuair a leig sé fead geur go
h-obann, agus hui! léim deiċ ḃfear no
ḋá ḟear deug, amaċ ó ċúl na mballa
ar an dá ṫaoḃ de 'n ḃóṫar, agus sul
d'ḟeud Goillís a sgian do ṫarraing no
buille do ḃualaḋ, leagaḋ síos, agus
ceanglaḋ go ċruaiḋ caol le córdaiḃ é.
Ċeangail siad láṁa na mná óige ar a
druim, ċor leis, & in sin rug beirt acu
ar láṁaiḃ Ġoillís & beirt eile ar a ċos¬
aiḃ & d'iomċair siad leo é, & b'éigin
do 'n ṁnaoi óig a leanaṁuint. Ḃris
sí 'maċ ag caoineaḋ & ag malluġaḋ, a
h-amadánaċta féin, nár ḟan sí, ar an
mbóṫar mór mar ċoṁairliġ Goillis ḋi,
aċ ní raḃ aon ṁaiṫ ḋi ann; ṫiomáin
siad ar aġaiḋ í, & b'éigin dí siúḃal.
D'ḟág siad an bóiṫrín & ċuaiḋ siad
trasna na bpáirc, & lár cloċ & carraig
& tom, go dtáinic siad faoi ḋeire go
gleann doiṁin duḃ, agus ag ceann an
ġleanna sin ḃí sliaḃ árd ag éiriġe
suas, & ḃí taoḃ an tsléiḃe 'nna aon
ċarraig aṁáin, & d'éiriġ sé ċo díreaċ
beagnaċ le balla tiġe, & ḃí sgoilt beag
no poll in a ṫaoḃ ċo mór sin a's go
leigfeaḋ sé caora asteaċ 's amaċ go
réiḋ, no fear dá raċfaḋ sé síos ar a
ḋá láiṁ, & buḋ ins an bpoll sin do ṡáiṫ
siad Goillís boċt rómpa, & ċuaiḋ siad
féin a smeurṫaċt in a ḋiaiġ, & b'éigin
d'inġín an Riġ an rud ceudna ḋeunaḋ.
Ċuaid siad mar sin le cúig nó sé de
ṡlataiḃ, & ḃí 'n poll ag leaṫnuġaḋ í g-
coṁnuiḋe, no go raḃ sé ċo h-árd sin
faoi ḋeire go dtiucfaḋ leo seasaḋ
suas. Ṫáinic in sin go geata iarainn
