AN GAOḊAL
97
Ná ceolta cruite Orṗéus,
'S ná an bárd fuair Conn na gcéad gcaṫ
Ar Ḃinn Éadair um neoin.
Le aoiḃneas ċaoin na gcaorṫa,
'S le ceoltaiḃ binn' na n-eun-so,
Do luiġeas ċum suain do ḋeunaṁ
Ċo déiġeanaċ úd 'san ḃfeor.
Is gearr an ṁoill 'na ḋéiḋ sin,
Gur ċuala an guṫ ag téarnaṁ
Ar ḃruaċ na toinne taoḃ liom
Go leunṁar faoi ḃrón.
Ar éirġe suas trem' neul dam,
Do smaoineas nár ḃean ṡaoġalta í
Ḃí ag caoi go buan 'na h-aonar
Ar an ḃfeur ġlas róṁam.
"An tusa an ṁaiġdean ḃeusaċ
Clíoḋna ó'n gcarraig léiṫ ṫeas,
Tá ag caoi na díse laoċ mear,
D'ḟág Éire go deo?"
Is ciuin tais banaṁuil béasaċ
Do laḃair mo ṁaoin liom féinig,
"Ní aenneaċ díoḃ-san mé-se
Dár léiġis orṫa fós;
Aċt cúil ḟionn do ṫug sprae seal,
Tar lear i ḃ-ḟad óm' ġaoltaiḃ,
'S mo ṡlioċt ag búir' an Ḃéarla,
D'a dtraoċaḋ neaṁ ċóir:
Beiḋ fálta teinnte craorac
Ar gaċ áit 'na dtimċeall déanta,
D'a n-áireaṁ síos i n-éinḟeaċt
Ar ġéar-ṁuir d'a ndóġaḋ:
Ná raḃ fáinaiḋe ḋíoḃ ná daorfar,
A mbáḋaḋ 'san toinn i n-éinḟeaċt,
'S aon-ċur sgeiṁleaḋ an lae úd
Go mbeiriḋ orṫa beo."
Féaċ
"Cois leasa
dom go h-uaiḃreaċ
Vol. III.
No. 8
367.
+
Vol XI - 130.
NA DEORA 'GUS an SMIGEAḊA — Fonn Eiḃlín a Rúin
Éire tá deora 'gus smígeaḋa do ṡúl
Mar an bóġa-uisge cumṫar as measga na ndul,
Lonnraċ ṫré ċáise deor.
Brónaċ lár sians go leor
Tá do ġrianta fá dúḃan mór
Aig éiriġe gaċ lá.
Éirinn, tiormóċar do ċiúin-deor go deo;
Éirinn, ní buan ḃeiḋeas do lag-ġáire beo:
Go raḃ gaċ daṫ fa réir,
An aoinḟeaċt le cur go léir,
'S aig déanaḋ mar ṫuaġ na spéir'
Bóġa síoṫċáin gaċ tráṫ.
