(34)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
ÓGṀÍOS,
1898
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
amaċ, ⁊ d'ḟosgail sé 'n dorus léiṫe, ⁊
gaċ sgread leig an dorus iarainn ḋ'a
ḟosgailt ṫuit sé 'r ċroiḋe Ġoillís mar
ṫonna cloċ. Ċuaiḋ siad uile asteaċ
⁊ ṫarraing siad Goillís ⁊ an ḃean óg
asteaċ leo ⁊ sgaoil siad iad.
Ṡeas Goillís ar a ċosaiḃ arís, agus
ḋearc sé 'na ṫimċioll, ⁊ buḋ leur dó'r
an mball gur an áit ċóṁnuiḋe robál-
aiḋe a ḃí sé. Ṫug sé faoi ndeara ór
⁊ airgiod, síoda ⁊ sról, plátaiḋ luaċ-
ṁara, cloċa uaisle, agus mórán ruda
breáġa eile cruinniġṫe le ċéile no caiṫ
te ar an urlár ⁊ ḃí ḟios aige go raḃ-
siad uile goidte leis na robálaiḋe.
Nuair ċonnairc an Caiptín é dearc-
aḋ 'na ṫimċioll, ḃuail sé dorn air agus
duḃairt sé, "An measann tú naċ go
macánta ṫainic na ruda sin in seo?
Má creideann tú ní'l tú ceart. Ċrui-
nniġ mé féin ⁊ mo ċomrádaiḋ iad, ⁊
troiġ ar an uaiġ seo ní raċfaiḋ tusa
nó 'n ḃean seo a tá leat go n-íocaiḋ
tú síos míle punt liom. Má ġniḋ tú
sin sgaoilfiḋ mé ṫusa, aċ dar mo láiṁ
measaim go ndeunfaiḋ mé bean dam
féin ded' ṁnaoi-se."
Ḃí sé caint sós nuair ṫainic duine
ag riṫ, agus ġlaoḋ sé ar an g-caiptín.
Ċuaiḋ an caiptín anonn ċuige, ⁊ ċog-
air an fear rud éigin inn a ċluas.
Leig an caiptín fead, ⁊ ċruinniġ sé a
ḟir iinn a ṫimċioll ⁊ ḃí sé dul amaċ as
an uaiġ, nuair d'ionntaiġ sé go h-ob-
ann, ⁊ duḃairt sé, "Bí mé ag deunaṁ
