98
AN GAOḊAL.
dearmuid, caiṫfimíd an ḃeirt seo do
ċeangal go maiṫ i dtosaċ ar eagla go
n-imṫeoċaḋ siad."
Ar an móimeud leag siad Goillís a-
rís & ċeangail siad a láṁa & a ċosa
go dlúṫ le ċéile, & rinne siad an rud
ceudna leis an óg-ṁnaoi. D'ḟág siad
an uaiġ in sin.
D'ḟan Goillís & inġean an riġ 'nna
luiḋe ar an talaṁ, ceangailte go caol
cruaiḋ & níor ḟeud siad corruġaḋ.
Ṫosuiġ sise ag gol, & do rinne seisean
ḋiṫċioll le n-a spreagaḋ suas & meis¬
neaċ do ċur innti, aċ ní raḃ aon ṁaiṫ
ḋó ann, & lean sí d'a claṁsán.
Rinne sé a ḋiṫċioll féin le seasaṁ
suas & faoi ḋeire rinne sé sin le cong¬
naṁ na h-óg-ṁná, aċ níor ḟeud sise
seasaṁ ar aon ċor.
Ċuir sé ḋruim in aġaiḋ an ḃalla, &
ṫoisiġ sé ag smuaineaḋ creud do buḋ
ċóir dó ḋeunaḋ 'san g-cruaḋ-ċás in a
raḃ sé. Ní raḃ sé ḃ-fad ar an gcuma
sin gur ċualaiḋ sé torann taoḃ leis,
mar do ḃeiḋeaḋ rud éigin ag sgríopa.
Ḋearc sé 'na ṫimċioll, & ṫug sé faoi
ndeara péire luċóg ṁór do ḃí ag deun¬
aḋ a ndiṫċill le dul ċo fada le pláta
ime do ḃí leagṫa ar ċlár-ċloiċe ins an
mballa, agus ḃí siad ag strapaireaċt
suas & ag tuitim ar ais arís, mar do
ḃí an balla ro-ḋíreaċ & ro-ṡleaṁain.
"Ċreud ar a ḃfuil tú dearcaḋ?" ar
san óig ḃean.
"Dearcaḋ ar ḋá luċóg," arsa Goill¬
ís.
"Cad tá siad ag deunaṁ?" ar sí
"Ag iarruiḋ ṫeaċt ċo fada leis an
im sin atá ar an gclár cloiċe ins an
mballa," ar sé.
"Ionntuiġ mo ċeann," ar sise, "go ḃ-
feicfiḋ mé iad, ní ṫig liom ḟéin corr¬
uġaḋ."
Ċuir sé síos a ḋá láiṁ do ḃí ceang¬
ailte le ċéile & ċorruiġ sé a ceann leo
gur iontuiġ sé í ċo maiṫ a's d'ḟeud sé
& ċonnairc sí na luċóga ag obair.
"Tá níos mó ná dó ann," ar sí, "tá
mórán acu ar an urlár & tá siad fan¬
aṁuint go ḃfeicfiḋ siad cad é an ċaoi
n-éireoċaiḋ 'n obair leis an dá ċeann
sin atá strapaireaċt suas. Ḃ-fuil fios
agad creud ṫainic in mo ċeann anois
nuair duḃairt tú liom go raḃ na luċ¬
óga ann, ag iarruiḋ an ime."
"Ni'l ḟios," ar Goillis.
"Ṡaoil mé," ar sí, dá gcuirṫeá im
ar an gcórda ata ceangailt do láṁa
& iad a ṡíneaḋ amaċ go socair, go d-
tiucfaḋ na luċóga & go mbeiḋeaḋ siad
ag cogaint an ċórda & ag iṫe an ime
no go ngeárrfaidís an tsrang fa ḋei¬
re. An dtig leat an ṫ-im ċuimilt leis
an gcórda?"
"Feuċfaiḋ mé leis," ar sa Goillís, &
ċuaiḋ sé strapaireaċt anonn do 'n im
ċo maiṫ 's d'ḟeud sé, & ċuir sé a ḋá
láiṁ suas, & ċuimil sé 'n córda leis an
im no go raḃ sé bealuiġṫe go maiṫ, &
in sin ċrom sé síos & ṡín sé a ḋá láim
amaċ uaiḋ ar an urlár & d'ḟan sé go
socair gan oiread & cor do ċur as.
Ní fada d'ḟan sé ann go ḃfuair na
luċóga bolaḋ an ime, & ṫainic siad ó
gaċ corneul & clúid le feicsint cia 'r
b' as do ḃí 'n bolaḋ ag teaċt. Ċuaiḋ
siad suas ċuige go mall & iad sgann¬
ruiġṫe i dtosaċ, aċ nuair fuair siad
nach raḃ sé ag cur aon cor as féin d'
éiriġ siad dána & ṡeas ċeann, acu ar
a láiṁ & ṫosaiġ sé ag liġeaṁ an ime
Nuair a ċonnairc na cinn eile sin,
ṫainic siadsan suas le ċéile & ṫoisiġ
siad ag liġeaṁ & ag iṫe & ag cogaint
go raḃ croiceann a ḋá láiṁ stráċṫa
leo, mar ḃí 'n t-im ar a ċroiceann ċoṁ
maiṫ a's ar an t-srang.
Nuair ḃí 'n t-im go h-uile iṫte o'n g-
córda d'éiriġ sé agus rinne sé an rud
ceudna ar an nuaḋ, & buḋ in sin ḃí 'n
obair & an ċuiṁlint ameasg na luċóg,
nuair ṡín sé amaċ a láṁa an dár h-
uair. Riṫ siad & ṫroid siad & ṫuit
siad ar a ċéile ag iarruiḋ an t-im ḟá¬
ġail. Reub siad an córda & reub siad
a láṁa leis, aċ do ḃí 'n oiread sin de
an ċórda iṫte ace faoi ḋeire go ndeár¬
naḋ sé iarraċt láidir le n-a ḃriseaḋ, &
ḃris sé é. Ċuir sé gáir luṫġáire as, &
nuair fuair sé a ḋá láiṁ saor, ċrom
sé & sgaoil sé a ċósa, & ċuaiḋ sé nonn
do 'n óg-ṁnaoi, agus rinne sé 'n rud
ceudna léiṫe.
Ṡeas siad suas le ċéile & léim siad
