AN GAOḊAL
99
leis an meud luṫġáire ḃí orṫa. Ḋearc
siad 'na dtimċioll ar an uaiġ, & fuair
siad go raḃ sí deunta 'san gcarraig
ċruaiḋ & go raḃ an áit 'na áit-taisge
le congḃáil an t-saiḋḃris do ġeaḃfaḋ
na robálaiḋ ó am go h-am.
Ní raḃ aon rud breáġ nó saiḋḃir d'a
ḃfacaiḋ súil duine 'riaṁ naċ raḃ cruin¬
niġṫe insin, ag fanaṁuint no go ḃfuiġ¬
eaḋ na robálaiḋe uain le n-a ndíol.
Ḃí 'n ḃeirt ag gaḃail ṫart timċioll, &
ag dearcaḋ ar gaċ h uile rud do ḃí le
feicsint, nuair ċualaiḋ siad coiscéim,
duine, & guṫ duine ag feadaoil teaċt
anaice leo.
Caiṫ ṫú féin síos ar ċúl an rolla
mór síoda sin," ar Goillís, "& b'ḟéidir
nach ḃfeicfear ṫú."
Luiḋ siad síos le ċéile ar ċúl an t-
síoda, i rioċt go raḃ siad foluiġṫe go
maiṫ, & d' ḟan siad le feicsint creud
do ṫárlóċaḋ leo.
Níor ḟan siad a ḃfad nuair d'ḟos¬
gail fear mór láidir an dorus iarainn
le eoċair, agus ṫainic sé asteaċ. Ċuaiḋ
sé anonn go barraille do ḃí 'san gcúin¬
ne, agus ṫarraing sé deoċ ḋó féin as.
Ḃí am ag Goillís le breṫnuġ' air, nuair
ḃí sé ag ól na diġe, & connairc naċ raḃ
an fear ameasg na ndaoine eile nuair
leag siad agus nuair ċeangail siad é.
Ċonnairc sé naċ raḃ aon t-sliġe eile
aige aċ a leagan síos agus an eoċair
do ḃaint de, agus ḋearc sé 'na ṫimċioil
ag iarraiḋ airm éigin, aċ ní ḃfuair sé
aon rud aċ barra láidir airgid do ḃí
curṫa dtaisge 'measg mórán rud luaċ¬
ṁar eile. Ṫóig sé e sin in a láṁa agus
ċuaiḋ sé go socair, sáiṁ anonn do 'n
ḟear ḃí 'g ól, & a ċeann crom ar an diġ
& ṫug sé buille ḋó do sgoiltfeaḋ ceann
tairḃ. Ṫuit an robálaiḋe cosaṁuil le
duine marḃ, gan focal, gan osna, agus
leim Goillís air, & ġlac sé an eoċair do
bí in a ṗóca & cuir sé in ṗóca féin í.
"Tar leat, tar leat, deun deifir,'
ar sé le inġin an Ríġ, "agus fágamuid
an áit seo.'
"Nár ċóir duit," ar sise, "do ṗóca
líonaḋ leis an ór sin i dtosaċ."
Ní'l am agam," ar seisean, "aċ béar¬
famuid beagán de linn."
Líon sé a ṗóca le ór & le cloca luaċ¬
ṁara, líon an óigḃean a n-aprún agus
d'imṫiġ siad amaċ le ċéile, & ċuir seis¬
sean an glas ar an dorus mar ḃí sé,
& ruiṫ siad leo ċo luaṫ as d'ḟeud siad
Ḃí 'n oiḋċe ag tuitim 'san am so, &
ḃí na speurṫa ag dorċuġaḋ & ní raḃ 's
acu cad é 'n bealaċ buḋ ċóir dóiḃ do
ṫaḃairt, aċ buḋ ċuma leo sin dá ḃfeud¬
faidís an uaiġ áiḋḃéil sin ḟágḃáil 'nna
ndiaiġ.
Ruiṫ siad & ruiṫ siad no go raḃ
siad sárruiġṫe, agus 'réis do ḃeiṫ a
siúḃal ar feaḋ trí no ceaṫair de uair¬
aiḃ ċualaiḋ guṫa daoineaḋ & do luiḋ
siad síos ins an ḃfeur, ar eagla go ḃ-
feicfiḋe iad.
Ní raḃ aon tsolas ann, aċ an meuḋ
do ḃí as na reultaiḃ, aċ ċonnairc siad
scáile seaċt ḃfear dul trasna 'n ṁaċ¬
aire, & d'aiṫniġ siad glór an ċaiptín go
maiṫ & ḃí sé ag ráḋ,
"Beiḋ siad socair nuair ṫiucfamuid
a ḃaile & muna ḃfuilid ḃeurfamaoid an
bata ḋóiḃ; aċ damnuġaḋ uaim! aċ go
ndeunfaḋ mé bean dam féin de 'n ċail¬
ín.
Ṫainic criṫ ar an óg-ṁnaoi nuair a
ċualaiḋ siad an biṫeaṁnaċ ag laḃairt,
& b'éigin do Goillís a láṁ a ċur ar a
beul ar eagla go leigfeaḋ sí sgread
no glór aisti. D'ḟann siad 'na luiḋe
san ḃfeur go raḃ na fir uile imṫiġṫe
ṫart, & in sin d'éiriġ siad, & duḃairt
Goillís.
"Tá siadsan dul aḃaile do 'n uaiġ
& má ṫéiḋmíd ar ar n-aġaiḋ ins an m-
bóṫar as a dtainic siadsan, béiḋmíd a
fágḃáil an áit ġránna so in ar ndiaiġ"
Duḃairt an ḃean óg gur ḃ'ḟíor dó é
& ċuaiḋ siad ar a n-aġaiḋ san mbóṫar
sin & lean siad d'a siúḃal ar feaḋ na
h-oiḋċe, agus nuair d'éiriġ an lá duḃ¬
airt Goillís go raḃadar cúig míle deug
no fiċe míle ó 'n áit in a raḃ na rob¬
álaiḋe.
Nuair d'éiriġ an ġrian, ḋearc siad
(Le ḃeiṫ leanta)
