100
AN GAOḊAL
Captain Norris on our deceased Irish scholars. The gallant Captain's
continued indisposition is a serious loss to the Gaelic movement here.
A Ḋia, taḃair foiriġṫin air mo ċroiḋe;
Táim claoiḋte aig an saoġal :
Tá pian gan faosaṁ ann mo ċlí,
'S ní'l innsint air mo sgeul, —
Mar tá mo ṫír ḃoċd fós 'nna luiḋe,
'S mo ṫorc ċó duḃ le daol.
Buḋ ṁór mo ḋóṫċus seal ó ṡoin,
Go mbeiṫeaḋ ar d-teanga féin,
D'a laḃairt arís go binn aguinn,
A n-Éirinn glas na ḃ-Fian;
Mar ḃí fad ó, a n-gáir 'sa n-gleó,
Gan bac, gan cosg, gan srian.
Do ḃí sí teaċt air aġaiḋ go beaċd,
Aimeasg na saoi 's na g-cliar;
A's áṫas ceart, í ḃeiṫ gan smaċd,
Faoi ṁeas, orruinn go léir, —
Go dtainig diaċair a's míoḋáġ,
Do ġoirtiġ sinn, faraor!
A ḃáis! a ḃáis! do ṡlad na treoin,
O ṫúis an doṁain go n-diu, —
Do ṫigeas ċúgainn go moċ, air neoin,
'San oiḋċe ḋiaṁar, ḋuḃ, —
Ná creaċ sinn fós as aon d'ar n-duas
Tá 'cur na Gaoḋailge a g-cruṫ.
Do rinnis orrainn feall ró ṁór, —
'Nuair ṫógais uainn air d-túis,
Ar n-ollaṁ léiġeanta, ciallṁar, cóir,
MacCliaḃair, gan aon ċúis ;—
Cad rinn ar n-Gaoḋailge naoṁṫa ort?
O, cá ḃ-fuil do ċoġuḋas?
Do ḃuailis buille eile, trom,
Orrainn annsan, mo leun! —
Do ċuiris dólás croiḋe orm —
Mar ṡladais leat, mar aon,
Ar n-oide breáġ, Seáġan Pléimion,
Anns an n-Gaoḋailge do bhí treun.
'Nuair ṫig an sgeula doilḃ ċúgam,
Go raiḃ Seáġan Pléimion fuar,
Do ḃíoḋsa féin go fann, gan luaim,
'S gan fios agam an uair, —
