AN GAOḊAL
101
Go mbeiḋinnse 'g dreoġ gan suim i ngnó
'S mo ċorp 'nna luiḋe 'san úir.
Nuair ṫainic tásc a ḃáis a leiṫ, —
Dá m-beiḋinnse suas 'am ṡúiḋe;
'S mo ṡláinte mar bu ċeart di ḃeiṫ,
Do ċaoinfinn é ó'm ċroiḋe ;—
An Gaoḋailgeoir ceart, mo ċúṁa 'san
[ḃfeart
Cá ḃ-fáġam a ṁacsaṁail ċoiḋ' ?
Míoḋáġ gan greann 'ad ċeann, a ḃáis,
Ná stadann air do ṡliġe,
A's suaiṁneas beag do ṫaḃairt dúinn
[spás;
'Nois fágann tú gan ḃríġ,
An te sgríḃ dúinn sgeluiḋeaċt na Mú¬
[ṁan,
O'Laoḋaire, síol na ríoġ.
Ní ḃ-fuil tú sásta, a ḃáis, le sgrios,
A n-Éirinn air na Gaoḋail,
Aċd leanann tú, mar Ṡagsa, ar slioċt
Le niṁ, air fuaid an t-saoġail; —
Bu ṁaiṫ an sgeul dá m-beiḋṫása
A's ise aig an n-diaḃal.
Do rugais leat, — ċreaċ a ráḋ! —
Ar n-groiḋe ḟear áluinn séiṁ; —
An t-ollaṁ fial, an Gaoḋailgeoir breáġ,
Ar laoċ, Dáiḃí O'Caoiṁ; —
Ní ḟeicfimíd a ṡaṁuilt go bráṫ,
'S ní ḟeacamair airiaṁ.
Is deacair dúinn ḃeiṫ saṁ anois:
O tá ar n-dólás daor,
Do leag an bás ar laoċa ṡoir,
'S do lean sé sinne ṡiar :—
Bu ceart go m-beiḋeaḋ a ṡáiṫ aige
Ṫar sgiob sé leis Maignéar.
Tá Maignéar boċd air Neaṁ anois,
Air láiṁ aig Riġ na n-grás :—
An te riaġlóċaiḋ a ḃeaṫa a m-biṫ,
Ní ḃ-fáġaiḋ anam bás —
Do réir mar deir an t-Aon Ṁac linn,
Fuair peanaid anns an Ṗáis.
A Ṫiġearna Ḋia, bí páirteaċ linn :
Taḃair coḃair dúinn ann gaċ beart,
Do réir do ṫola naoṁṫa grinn,
'S ná leig an Gaoḋailge ṫart,
Gan fuasgailt ó náṁadaiḃ síor'
A's déan a teagasg ceart.
Tomás D. de Norraḋ.
