108
AN GAOḊAL.
St. Agnes' Hospital, Phila. Pa. M J Logan. — Dear Friend, I send you
for publication another of Peter Walsh's songs. I have taken it mostly from
the dictation of our old friend, Conn McNeilis, and made the corrections from
the wording of others who often heard Peter sing it. There is no need for
notes, since all the people from Peter's part of Donegal know all about it. Ho¬
ping it will amuse the readers of the Gael.
Yours, Doṁnall O'Murċaḋa.
STOCAIḊ NA BANROIĠNE.
A Riġ, guidé an t-áṫruġaḋ a tiḋim ans an áit seo,
Ó stad muid ḋe'n ċárdáil, ḋe'n ḃriseaḋ 's ḋe'n t-sníoṁ!
Ní'l táċrán ná páiste a ḃ-fuil tógáil a láiṁe ann,
Naċ ḃ-fuil giomadán Bánroiġne croċtaí air a ṫaoḃ :
Air m'ḟírinne b'ḟeár liom ḋá m-beiḋinn mar na mná sin,
A ḃeiṫ a briseaḋ 's a cárdáil ó ṁaidin go faoi,
Ná an maoiḋeaḋ atá aig máġnás go gcoinniġṫear a' snáṫ
[uaḋa
Agus aig iarraiḋ a ḃeiṫ ḋá ṡásaḋ a n-deireaḋ ar saoġail
Taḃair scéala anns air ṁac Ṗáidín agus mínígiḋ an cás ḋó,
Gan ċlaonaḋ, gan áiḋḃéil, aċ mar tá mé ḋá ċur síos,
Mar d-tugaiḋ sé páiġe níos mó as a' t-snáṫ uaḋa,
Naċ ḃ-feicfiḋear go bráċ iad dul ann a ṡliġe;
ní mór leis na sálta a ḟáġail ċo daiġean le gáigín,
De ṡompla ḋá ṡnáiṫe gan ċasaḋ, gan ḃríġ,
'S má táṫar ḋár g-cáineaḋ air ṡon na d-trí ṡnáiṫe,
Ní féirín a' Ḃánroiġin le seasaḋ ḋo 'n tír.
'Sé ṡílim, a ṁáġnais, gur niḋ é a tá náireaċ,
A ḃeiṫ loċtuġaḋ na mrá seo ans a ċás naċ ḃ-fuil fíor,
Ná ḃéarfainn mo láṁ ḋuit, ná ṫoċard mé a lán de,
Naċ seasann sé an t-áiriuġaḋ mar tá tusa a maoiḋeaḋ.
Ḋá m-beiḋea ḟios aig a Ḃanroiġin a' t-anróḋ ḟáġas mrá
[boċd',
Fríd ṡléiḃte ḋá gcárnaḋ le fearṫainn 's le gaoṫ
'Na suiḋe go d-tí an lá 's iad a sír-ċur a t-snáṫ sin
'S ní órduiġeann a b-páiġe dóiḃ codlaḋ ná biaḋ.
Is bréagaċ ṫú, a ṫáilliuir, rud is doiliġ liom ráiḋt leat,
Órduiġ a b-páiġe dóiḃ codlaḋ agus biaḋ,
Ná ḃí go leor ḋe na mrá sin a ḃí réiḋ ann a' ṁála.
'S ó ṫoisiġ an Ḃanroiġin tá fuil ann a ngiall :
Má tiḋ tú air ṡráid iad tá gúnnaiḋ 'gus séalta orṫú,
Síos le n-a sáltaiḃ, nár ċleaċt siad ariaṁ,
Agus luaċ na min ċáirde a ḃí iṫtí lé ráiṫe,
Buḋ ṁaiṫ acú an Ḃanroiġin lé cuideaḋ a ḋíol.
Ní ċualas a tráċt iad air ġantanas snáṫ,
Go d-tainic na préataiḋ 's gur stad a ṁin ḃuiḋe,
'S ḋá mairfeaḋ an ċardáil mar ḃí sí 'san áit seo,
Ḃí cairt air a g-cráma nár ḃ'ḟéidir a niġe;
Ní lúpṫaċa air lár a ḃí órduiġ ḋo'n Ḃanroiġin,
Mar ċleaċt siad, a lán acú, a d-toiseaċ a saoġail,
'S má ṡíleann siḃ gur áiḋḃéil a tá mise a ráḋ liḃ,
Biḋeaḋ fiḋnisiḋ an ċáis sin air Ṡéamus Ó Ḃuiġill.
Peadar Breaṫnaċ, an táilliúr,
aige
? iomadán
mar ċleaċt
muid ariaṁ
mar tá mé
a' cur síos
siḃ ag dul
mó
changeáil
blameáil
go raḃ an
lá añ
de'n?
ins an áit seo
ṫainic
tiḋ tú air
le g.
is maiṫ acu
an ḃ anois le
na díol
a tá iṫte
ó'n
cct.
