AN GAOḊAL.
115
beo a inġean a ṗósaḋ le fear nár ṁaiṫ
léiṫe féin, agus go raḃ an oiread sin
go luṫġáire air í ḃeiṫ ar ais leis go d-
tiúḃraḋ sé a toġa 's a roġa féin dí a¬
measg fear an doṁain, dá mbuḋ h é
fear glanta na sgeana féin do buḋ
ṁian léiṫe, aċ aṁáin deifir a ḋeunaṁ
go ḃfuiġeaḋ sé féin agus a máṫair in
a raḋarc arís í. Taisbeáin sé 'n lit¬
ir do Ġoillís agus in sin ċuaiḋ sí léiṫe
féin do 'n ṗálas, agus is róimpi-se do
ḃí an ḟáilte.
D'innis sí d'a h-aṫair agus d'a máṫ¬
air an meud do rinne Goillís dí, agus
mar ṡáḃáil a h-anam trí huaire, agus
faoi ḋeire duḃairt sí, muna dtiuḃraḋ
siaḋ Goillís ḋí le pósaḋ, agus árd-tiġ¬
earnaḋ mór ḋeunaṁ ḋé, naċ bpósfaḋ
sí fear go bráċ.
Duḃairt an riġ go leigfeaḋ sé ḋí
rud ar biṫ a ḋeunaṁ do ṫogróċaḋ sí
féin, agus d'orduiġ sé Goillís do ġlao¬
ḋaċ asteaċ aca.
Nuair a ṫainic sé asteaċ ċuċa duḃ¬
airt gaċ uile ḋuine ḃí san bpálas naċ
ḃfasaiḋ siad ariaṁ fear baḋ ḃráġṫa
'ná é, agus ṡeas an riġ suas roiṁe a's
ṫug sé póg ḋó agus ċuir fáilte roiṁe,
agus rinne sé tiġearna ḋe. Ċuir an
ḃainrioġan fáilte roiṁe, in sin, agus
an ċúirt uile.
D'ḟan sé 'na measg in sin le trí
ráiṫċe, agus ḃí meas gaċ uile ḋuine
ag meuduġaḋ ó lá go lá air, agus buḋ
ṁó 'n meas do ḃí ag an riġ air ná dá
mbeiḋeaḋ sé ṁac dlisteanaċ féin.
Ag ceann na h-aimsire sin ġlaoḋ sé
a inġean asteaċ ċuige, agus d' ḟiaf-
sé ḋí an raḃ an oiread spéis' aici i n-
Goillís anois agus a ḃí aici i dtosaċ, &
duḃairt sí go raḃ agus níos mó. "Is
maiṫ é sin," ar san riġ, "maiseaḋ! bioḋ
sé agad!
Ḃí go maiṫ agus ní raḃ go h-olc. Ṗós
siad a ċéile, agus buḋ í sin an ḃain-
ḟeis ḃreáġ do ḃí acu, aċ dá mbéiḋinn
ann an t-am sin ní ḃeiḋinn ann anois,
aċ ċualaiḋ mé ó éinín é naċ raḃ brón
ná buaireaḋ leun ná leonaḋ, mí-áġ ná
mí-ṫapa orra go h-uair a mbáis, agus
go mbuḋ h-aṁlaiḋ é liom féin agus
linn uile,
— Críoċ.
UILLIAM AN ĊRAINN.
'San aimsir fad ó ṡoin ḃí ríġ in Éi¬
rinn. Ḃí sé pósta le bainrioġan áluinn
& ní raḃ acu aċ aon inġean aṁáin.
Buaileaḋ an ḃainrioġan tinn, agus
ḃí ḟios aici naċ mbeiḋeaḋ sí ḃfad beo.
Do ċuir sí an riġ faoi ġeasa naċ bpós¬
faḋ sé 'rís go mbeiḋeaḋ 'n feur troiġ
ar fad os cionn a h-uaiġe. Ḃí an in¬
ġean glic, & ṫéiḋeaḋ sí amaċ gaċ uile
oiḋċe le siosúr & do ġeárróċaḋ sí an
feur síos go talaṁ.
Ḃí dúil ṁór ag an riġ bean eile ḃeiṫ
aige, agus ní raḃ ḟios aige cad fáṫ
naċ raḃ an feur ag fás os cionn uaiġe
na bainrioġna. Duḃairt sé leis féin,
"tá duine éigin dom' ṁeallaḋ."
An oiḋċe sin ċuaiḋ sé do 'n g-cill a
ċonnairc sé an ingean ag gearraḋ an
ḟéir do ḃí ar an uaiġ. Ṫainic fearg
ṁór air in sin, agus duḃairt sé, "pós-
faiḋ mé an ċeud ḃean ḟeicfeas mé, bí¬
ḋeaḋ sí óg no sean." Nuair ċuaiḋ sé
aṁaċ ar an mbóṫar ċonnairc sé sean-
ċailleaċ. Ṫug sé ḃaile í agus ṗós sé í,
mar naċ mbrisfeaḋ sé a ḟocal.
Tár éis í ṗósaḋ ḃí inġean an riġ fá
ġeur-ċráḋ ag an g-cailliġ, & do ċuir an
ċailleaċ í faoi ṁionna gan niḋ ar ḃiṫ
d'innsint do 'n riġ, & gan niḋ ar biṫ d-
ḟeicfeaḋ sí d'a ḋeunaḋ d' innsint do
ḋuine 'r biṫ, aċ ṫriúr nár baisteaḋ a
riaṁ
Lá 'r na ṁáraċ, ċuaiḋ an riġ amaċ
ag seilg, & nuair d'imṫiġ sé ṁarḃaiġ 'n
ċailleach cú breáġ a ḃí aige. Nuair a
ṫainic an riġ aḃaile, d'ḟiafruiġ sé de'n
t-sean-ċailliġ, "Cia ṁarḃuiġ mo ċú?"
"Marḃuiġ d'inġean," ar san t-sean
ḃean.
"Cad fáṫ ar ṁarḃuiġ tú mo ċúg?"
ar san ríġ.
"Níor ṁarḃuiġ mé do ċú," ar san in¬
ġean, & ní ṫig liom innsint duit cia a
ṁarḃuiġ í."
"Cuirfiḋ mé iaċlaċ ort innsint dam
ar san riġ."
Ṫug sé an inġean leis go coill ṁór &
ċroċ sé ar ċrann í, & in sin ġeárr sé
an dá ċois & an dá láiṁ dí, & d'ḟág sé
