118
AN GAOḊAL
TRÍD INNIS FÁIL.
Fonn — Aiḃlín Crócar.
Tríd Innis-fáil,
Aig rinceaḋ 'n 'dáil
Trá ġluais Gráḋ 's Gaisge,
'Gus siġ 'n ġrinn ġéir
Siuḃal leo 'sa ḃ-fuer
'Scieṫ, geiṫe ó n-a ṫaisge
Air feaḋ na slíġe
Tig feur trí-ḋlaoiġe
Faoi ḋrúċta daelra, faluiġṫe,
'Gus é ċo glas
Le Seamróg deas
Trí scáṫán ċristil calcuiġṫe,
O an tseamróg, tá glas fíor-ḃuan, an
[tseamróg!
An duilleog sgaiṫ
Aig file 's flaiṫ,
Fás Éire aṁáin an tseamróg!
Aig Gaisge, aig ráḋ,
"'S dam tá faoi ḃláṫ,
Na seoide maidne craoḃaṁuil',"
"Ní h-aṁla tá,"
Do ḟreagair Ġráḋ,
"Le m' ḟearan-s' an díl' aoiḃeaṁail"
Aċ ḋearc 'sa ḃ-feur
Tri ḋlaoiḋ 'n t-síġ ġeur,
Gus ġáir air feaḋ na spéire :
"Ná sgoiltiḋ an bláṫ
Tá 'r triúr mar scáṫ,
Gráḋ, Gaisge, 's Greann na hÉire!"
O an tseamróg, tá glas, sír-ḃuan, an
[tseamróg
De ḋuilleog sgaiṫ,
Aig file 's flaiṫ,
Fás Éire aṁáin an tseamróg!
Ċo dílis fíor,
Biġeaḋ teann go síor
An ċuing an lá úd 'ċeangail,
'S air eite an ġaiṫ,
Na tuiteaḋ daṫ,
An domḃlas, nó a ṡaṁail!
Glanaḋ go heug,
An gráḋ dris breug,
O an ngort tá faoi 'n a ṁaorsaċt,
'S ná tóigeaḋ go deo,
A ḃrat 'sa ngleo,
Gaisge 'n aġaiḋ na saoirseaċt.
O an tseamróg, tá glas, síor-ḃuan, an
[tseamróg!
De ġuilleog sgaiṫ,
Aig file 's flaiṫ,
Fás Éire' aṁáin an tseamróg!
