124
AN GAOḊAL
THE SENTIMENTS OF OUR SUBSCRIBERS
Ill — Cairo, John Howley, D McCarthy, per Mr
McCarthy.
La — Franklin, Col. O’Niell — Linwood Planta¬
tion, Walter A. O’Niell, per Col. O’Niell.
Mass — Boston, P. Doody, J Burke, J Larkin —
Clinton, M Hughes — Fall River, P Cannon.
Me — Portland, John A. Egan.
N Y — Brooklyn, Hon. John C. MacGuire, P.
Carrick — City, M A O’Byrne, N Divver — Buffa¬
lo, T Maher, C Walsh — Bingamton F Connors, D
Enright, J H McManus.
N J — Jersey City, T Hannigan, Jerey Quirk —
Newark, J Murphy — Trenton, P Nolan, P Quinn
Nev — Virginia City, John Kelly, R Reilly, M
Hearn, Mrs. Mary O'Donnell.
Neb — Omaha, Ed Donnelly, P O’ Leary.
O — Columbus, M Hogan, Con Murphy — Cleve¬
land, J Murphy — Cincinnati, N J Lanagan, Pete
Fallon, H Mitchell, J H Lalor, A Donovan.
Pa — Phila, J Murphy J Monaghan, P J Mulli¬
gan — Pittsburgh, N Walsh, P Cannavan.
Ireland — Armagh, J Maginn, P Maginn, per H
Magiun, Brooklyn, N Y — Galway, Loughwell, M
Coyne — Mayo, Lurganboy, P Mullins, both per
Hon. John C MacGuire, Brooklyn, NY.
A ċáirde Gaoḋail: Focal nó ḋó
eadrainn féin, in ar dteangain féin, &
in ar b-páipeun féin ar rioċd na tean¬
gan 'san am so, &, mar an gceudna, ar
an dtaisbeána atá róṁainn ar rioċd
ar dtíre, 'san gcosaṁlaċt ḋóiġeaṁuil
a ċíḋeamar in ar dtimċioll.
Déarfaiḋ sinn a ḃ-fuil le ráḋ againn
san mbriaṫar is simpliḋe & is réiḋeaċ¬
ata in ar gcumas, ar nós go d-tuigfiḋ
gaċ duine é a ḃ-fuil an t-eolas is lúġa
aige ar ṫeangain ar d-tíre.
'San gceudóir, tig linn a ráḋ go fí¬
rinneaċ, go ḃ-fuil cúis na teangan dul
ar a h-agaiḋ go h-an maiṫ, buiḋeaċas
do Éireannaiġiḃ Éire Ṁóir, i dtosaċ,
ce ċuir an ċúis ar bun a's a ċongḃaiḋ
suas í, &, 'san dara h-uair, do Ċumann
na Gaoḋailge in Éire Ḃeag — an Sean
Áitreaṁ in a ḃ-fuil ar gcroiḋṫiḃ fuin¬
te go daingean, cionaṁuil.
Deir an Sean-ḟocal, "Is lúġa ná friṫ
aḋḃar na h-urċóide." Tá síḋeoga beag-
a in Éirinn atá deunaḋ a ndiṫċill i n-
gan ḟios, ċum ċúis na teangan ḋúṫais
do ċreapluġaḋ mar is feasaċ dóiḃ gur
b'í an teanga bun agus pileur saoirse
na tíre. Dob' ḟeárr leis an drong so
Éire d' ḟeicsint i gcóṁnuiḋe fá ċuing
na Sacsan ná í ḟeicsint saor faoi riaġ¬
la a clann féin
Tig le léiġṫóra an Ġaoḋail an ḟriṫ-
ín aingideaċ seo do ċur faoi ċois má
ṫogruiġeann siad é, & an móḋ is feárr
& is éifeaċtuiḋe leis sin do ċuimsiúġ'
is sé an Gaoḋal & gaċ páipeur Gaoḋ¬
ailge eile do sgeiṫeaḋ go fóirleaṫan
ameasg na nGaoḋal: Mar sin, a ċáir¬
de, scapaiġiḋ an Ġaoḋailge ḃur is ṫáll
An taisbeána i leiṫ saoirse na h-Éi¬
reann: Ní raḃ sé ariaṁ níos misneaṁail
la! Tá an Sean Ḃeiṫiġeaċ brúideaṁail
ag ċailleaḋ a neirt! Tá Ruisia, Gear¬
mánaiġ, & an Frainc d'a ṫimċiolluġaḋ
'san Óirṫior, rioċt go n-diúlfaḋ sé —
uċd! Éire Ṁóir le súil go raċfaḋ sí i
g-cóṁair leis an aġaiḋ na gcúṁaċt so,
ach ní raċfaid. — Tá n-iomarċaiḋ Éirea¬
nach & Gearmánaċ in Éire Ṁór; agus
ṫairis, ní ṫroidfidís na cúṁaċdaiḋe
d' ainmeamar ar ṡon na Sacsan, — nó
ar ṡon aoinneaċ eile gan áḋḃar.
Mar sin, ní'l aon aṁrus naċ ḃ-fuil
taisbeána na h-ama do na Gaoḋailiḃ go
an ṁaiṫ & tá laṫġáir ṁór orrainn fa.
Is geárr go dtastóċaiḋ cló nuaḋ ó'n
nGaoḋal agus tá súil againn go ndeun¬
faiḋ gaċ Gaoḋal a ḋiṫċioll ċum a cong¬
ḃáil slaċtṁar os coṁair na ndaoine;
tá muidne a deuneaḋ a ḃ-fuil in ar g-
cumas, ach ní ṫig linn níos mó do ḋeun¬
aḋ ná is féidir linn fulaing. Má ċuir
cann gaċ Gaoḋal roiṁ' é, ní'l aon aṁ¬
rus naċ ḃfuiġeaḋ sé beagán no mórán
a ḃeárfaḋ congnaṁ a ṡaoṫar na tean¬
gan — feuċaiġiḋ leis.
Ní'l cosaṁlaċt síoṫċáin eidir arm
Éire Ṁór agus na Spáinne fós. Tig
linn a ráḋ go fírinneaċ go mb'ḟeárr
linn troid an aġaiḋ na Sacsan ná an
aġaiḋ na Spáinneaċ; aċ, le congnaḋ
Dé, tiocfaiḋ am na Sacsan!
